YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 19

19
Geallann an Tiarna Conradh
1Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái. 2Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe. 3Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael: 4‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh. 5Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad. 6Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.” 7D'imigh Maois leis ansin agus ghair chuige seanóirí an phobail agus chuir faoina mbráid na briathra sin go léir a d'ordaigh an Tiarna dó. 8Agus d'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “A bhfuil ráite ag an Tiarna, comhlíonfaimid.” Agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna.
Ullmhaítear don Chonradh
9Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna). 10Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh leat chun an phobail agus coisric iad inniu agus amárach, agus nídís a n‑éadaí, 11agus bídís ullamh i gcomhair an tríú lá. Óir ar an tríú lá tiocfaidh an Tiarna anuas ar Shliabh Shíonái os comhair an phobail go léir. 12Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall á rá: ‘Seachnaígí agus ná téigí faoin sliabh suas ná baint lena theorainn; aon neach a bhainfidh leis an sliabh, cuirfear chun báis é. 13Ní leagfar lámh air ach gabhfar de chlocha ann, nó déanfar é a lámhach; ní fhágfar beo é, bíodh sé ina dhuine nó ina ainmhí.’ Nuair a shéidfear dord fada ar an adharc, tagaidís aníos chun an tsléibhe.” 14D'imigh Maois síos ón sliabh chun an phobail dá bhrí sin agus choisric sé an pobal; agus níodar a n‑éadaí. 15Dúirt sé leis an bpobal: “Bígí ullamh i gcomhair an tríú lá; fanaigí amach ó mhná!”
Foilsíonn an Tiarna é Féin
16Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith. 17Ansin sheol Maois an pobal amach as an gcampa le teagmháil le Dia, agus sheasadar ag bun an tsléibhe. 18Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb. 19Bhí glór na hadhairce ag dul i neart agus i neart. Labhair Maois agus d'fhreagair Dia é le toirneach. 20Agus thuirling an Tiarna ar Shliabh Shíonái, ar mhullach an tsléibhe. Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois go mullach an tsléibhe agus suas le Maois. 21Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh síos agus bagair ar an bpobal gan briseadh thar teorainn ag teacht chun radharc a fháil ar an Tiarna agus go bhfaigheadh a lán acu bás.”
22“Na sagairt leis, an dream a thagann i gcóngar an Tiarna, déanaidís iad féin a choisreacan nó brisfidh an Tiarna sa mhullach orthu.” 23Agus dúirt Maois leis an Tiarna: “Ní féidir don phobal teacht Sliabh Shíonái aníos óir thug tú féin rabhadh dúinn á rá: ‘Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall agus fógair é a bheith naofa.’ ” 24“Imigh síos,” arsa an Tiarna leis, “agus tabhair aníos Árón leat ag teacht aníos arís. Ach na lig do na sagairt ná don phobal dul thar a dteorainneacha ag iarraidh teacht aníos chun an Tiarna, nó brisfidh sé orthu.” 25Chuaigh Maois síos chun an phobail dá bhrí sin agus labhair sé leo.

Currently Selected:

Eaxodus 19: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in