YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 24

24
An Conradh á Dhaingniú
1Dúirt sé le Maois: “Tar aníos go dtí an Tiarna, tú féin agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú, agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael agus sléachtaigí dó ó chéin. 2Maois amháin a thiocfaidh i gcóngar an Tiarna, agus ní thiocfaidh an chuid eile, agus ní thiocfaidh an pobal aníos fairis.” 3Tháinig Maois agus d'aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.” 4Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael. 5Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna. 6Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir. 7Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.” 8Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.”
9Ansin ghabh Maois suas, agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael, 10agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile. 11Níor leag sé lámh ar na huaisle seo de phobal Iosrael; d'fhéachadar ar Dhia; d'itheadar agus d'óladar.
Maois ar an Sliabh
12Dúirt an Tiarna le Maois: “Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.” 13D'éirigh Maois dá bhrí sin agus a shearbhónta Iósua, agus suas faoi shliabh Dé le Maois. 14Dúirt sé leis na seanóirí: “Fanaigí anseo liom go bhfillfimid ar ais chugaibh; agus seo iad Árón agus Húr agaibh, agus má bhíonn caingean ag aon duine le réiteach, téadh sé chucu.”
15Ansin ghabh Maois faoin sliabh suas agus chlúdaigh an néal an sliabh. 16Luigh glóir an Tiarna ar Shliabh Shíonái; ar feadh sé lá chlúdaigh an néal é, agus ar an seachtú lá ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois ó lár an néil. 17Bhí dealramh ghlóir an Tiarna mar thine loiscneach ar mhullach an tsléibhe os comhair súile chlann Iosrael. 18Isteach i gceartlár an néil le Maois. Ghabh Maois an sliabh suas agus d'fhan ann daichead lá agus daichead oíche.

Currently Selected:

Eaxodus 24: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in