YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 27:20-21

Eaxodus 27:20-21 ABN

“Tabharfaidh tú ordú do chlann Iosrael go dtabharfaidh siad duit ola ológ ghlan fháiscthe don solas i dtreo go mbeidh lampa ann le bheith ar lasadh i gcónaí. Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”