YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 30

30
Altóir na Túise
1“Déanfaidh tú altóir chun túis a loscadh uirthi; d'adhmad sitím a dhéanfaidh tú í. 2Beidh sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead - comhfhad, comhleithead, is é sin - agus dhá bhanláimh ar airde; beidh a beanna d'aon phíosa léi. 3Déanfaidh tú í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi. 4Déanfaidh tú dhá fháinne óir di, le cur faoin múnláil ar an dá thaobh ar aghaidh a chéile; leo seo a ghreamófar na cuaillí lena n‑iomprófar í. 5Déanfaidh tú na cuaillí d'adhmad sitím agus iad a chumhdach le hór. 6Cuirfidh tú an altóir suas os comhair an fhéil atá roimh áirc na Fianaise, ar aghaidh chathaoir na trócaire atá os cionn na Fianaise, san áit ina dteagmhóidh mé leat. 7Loiscfidh Árón túis chumhra uirthi gach maidin; nuair a bheidh na lampaí a gcóiriú aige is ea a loiscfidh. 8Agus idir dhá sholas tráthnóna nuair a chuirfidh Árón na lampaí suas ar ais, loiscfidh sé arís í; ní foláir na hofrálacha túise seo a loscadh i láthair an Tiarna ó ghlúin go glúin go brách. 9Ní ofrálfaidh tú túis gan naofacht uirthi, ná íobairt loiscthe, ná abhlann; ní dhoirtfidh tú deoch ofrála uirthi. 10Déanfaidh Árón leorghníomh ar a beanna uair sa bhliain; le fuil na hofrála ar son an pheaca, déanfaidh sé gnás an leorghnímh a chomhlíonadh uair sa bhliain agus beidh sin amhlaidh ó ghlúin go glúin. Tá an altóir seo sárnaofa don Tiarna.”
Daonáireamh
11Dúirt an Tiarna le Maois: 12“Nuair a dhéanfaidh tú daonaireamh ar chlann Iosrael agus iad a chlárú, íocfaidh gach duine éiric fuascailte ar a shon féin leis an Tiarna chun nach mbeadh aon phlá ina measc nuair a ríomhfaidh tú iad. 13Gach duine a thagann faoin daonáireamh, íocfaidh sé an tsuim seo: leath seicil de réir thomhas sheicil an tsanctóra, fiche géara is é sin, agus beidh an leath seicil sin ina ofráil don Tiarna. 14Gach duine a ríomhtar sa daonáireamh, atá fiche bliain nó breis, caithfidh sé an tsuim a íoc leis an Tiarna. 15Ní thabharfaidh an saibhir níos mó, ná an daibhir níos lú, ach an leath seicil, nuair a íocfaidh sibh an ofráil leis an Tiarna ag déanamh leorghnímh ar bhur son féin. 16Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n‑anamacha.”
An tUmar
17Labhair an Tiarna le Maois agus is é a dúirt: 18“Déanfaidh tú umar cré-umha leis ar bhonn cré-umha, mar shás ionlaithe. Agus cuirfidh tú é idir Bhoth na Teagmhála agus an altóir, agus cuirfidh tú uisce ann, 19lena bhféadfadh Árón agus a chlann mhac a lámha is a gcosa a ionladh. 20Nuair a bheidh siad ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, nó ag dul i gcóngar na haltóra chun fónaimh le hofráil a loscadh le tine don Tiarna, déanfaidh siad iad féin a ionladh le huisce, le heagla an bháis. 21Déanfaidh siad a lámha agus a gcosa a ionladh le heagla an bháis; beidh sé sin mar reacht acu go brách, ag Árón agus ag a shliocht ó ghlúin go glúin.”
An Criosma
22Lean an Tiarna air agus dúirt le Maois: 23“Tóg togha na spíosraí: cúig chéad seicil de mhiorr leachtach, a leath sin - dhá chéad go leith, is é sin - de chainéal cumhra, agus dhá chéad go leith de ghiolcach dhea-bholaidh, 24agus cúig chéad seicil - de réir tomhais sheicil an tsanctóra - de chaisia, agus hín d'ola ológ. 25Agus den méid sin déanfaidh tú criosma naofa, á chumasc mar a dhéanfadh poitigéir; criosma naofa a bheidh ann. 26Agus déanfaidh tú Both na Teagmhála agus áirc na Fianaise a ungadh leis, 27agus, mar an gcéanna, an bord agus a ghréithe go léir, an coinnleoir agus a ngabhann leis, altóir na túise, 28agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t‑umar gona bhonn. 29Déanfaidh tú iad a choisreacan d'fhonn go mbeidís sárnaofa; aon ní a bhaineann leo, beidh sé naofa. 30Déanfaidh tú Árón agus a mhic a ungadh, agus a choisreacan, go bhfónfaidís dom mar shagairt. 31Déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘Beidh sé seo agaibh mar chriosma naofa liom ó ghlúin go glúin. 32Ní dhéanfar é a dhoirteadh ar cholainn tuataí ná ní dhéanfaidh sibh aon ola eile den aonchumasc leis; tá sé naofa agus beidh sé naofa agaibhse. 33Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.’ ”
An Túis
34Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg spíosraí milse: stórax agus oiniceá agus galbanum agus spíosraí cumhra agus túis ghlan - an oiread céanna de gach ceann - 35agus suaigh túis íon naofa á cumasc mar a dhéanfadh poitigéir, agus ag cur salainn inti. 36Meil cuid di go mín mín agus cuir cuid di seo os comhair na Fianaise i mBoth na Teagmhala, mar a dteagmhóidh mé leat; beidh sí sárnaofa agaibh. 37Ní dhéanfaidh sibh daoibh féin aon túis den chumasc céanna léi siúd atá le déanamh agat; bíodh sí naofa don Tiarna agat. 38Aon duine a dhéanfaidh a macasamhail le húsáid mar chumhrán, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.”

Currently Selected:

Eaxodus 30: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in