YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 5

5
I Láthair Fhorainn
1Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ” 2Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.” 3“Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.” 4Dúirt rí na hÉigipte leo: “A Mhaois agus a Árón, cad chuige daoibh an pobal a bhreith óna saothar. Téigí i mbun bhur gcuid oibre!” 5Agus lean Forann air: “Seo iad pobal na tíre dulta i líonmhaire agus an áil libh saoire a thabhairt dóibh ona saothar?”
Breis Cruatain
6An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir: 7“Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh - téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin. 8Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.’ 9Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.”
Breis Saothair
10Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: “Seo mar a deir Forann: ‘Ní thabharfaidh mé tuí daoibh. 11Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.’ ” 12Amach leis an bpobal ar fud chríocha na hÉigipte ag bailiú coinlíní le haghaidh tuí. 13Luigh na saoistí orthu á rá: “Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.” 14Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: “Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?” 15Maoir chlann Iosrael, chuadar go Forann agus rinneadar gearán: “Cad chuige a gcaitheann tú mar sin le do shearbhóntaí?” ar siad. 16“Níl aon tuí á soláthar do do shearbhóntaí, ach liútar éitear orainn: ‘Déanaigí brící!’ Agus seo anois do shearbhóntaí á sciúrsáil, ach [is ar] do mhuintir féin an locht.” 17“Díomhaointeas agus a thuilleadh den díomhaointeas atá oraibh,” ar sé. “Uime sin a deir sibh: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt don Tiarna.’ 18Imígí libh dá bhrí sin agus téigí i mbun bhur saothair. Ní bhfaighidh sibh tuí ar bith, ach caithfidh sibh an líon céanna brící a chur ar fáil.” 19Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: “Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.” 20Ar an tslí amach dóibh ó láthair Fhorainn bhuail siad le Maois agus Árón a bhí ag feitheamh leo; 21agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.” 22Agus d'fhill Maois arís ar an Tiarna: “Cad chuige duit, a Thiarna,” ar sé, “caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh? 23Óir ó tháinig mé go Forann agus gur labhair mé leis i d'ainmse, is olc an íde atá á himirt aige ar an bpobal seo, gan tusa á bhfuascailt ar aon chor.”

Currently Selected:

Eaxodus 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in