YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 15

15
Gealltanas agus Conradh
1Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.” 2“A Thiarna Dia liom,” arsa Abrám, “cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann... 3Féach,” arsa Abrám ansin, “níor thug tú aon sliocht orm i dtreo go mbeidh daor a rugadh i mo theach féin ina oidhre orm.” 4Agus féach! tháinig briathar an Tiarna chuige gan mhoill: “Ní hé an fear seo a bheidh ina oidhre ort. Beidh mac a ghinfear ó do leasracha féin ina oidhre ort.” 5Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.” 6Agus chreid seisean an Tiarna agus mheas an Tiarna é sin mar fhíréantacht aige.
7“Mise an Tiarna,” ar sé leis, “a thug tú amach as Úr na gCaildéach, chun go dtabharfainn an tír seo duit mar oidhreacht.” 8“A Thiarna Dia liom,” ar sé, “cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?” 9“Tabhair dom,” ar sé, “bearach trí bliana, minseach trí bliana, reithe trí bliana, colúr, agus colm óg.” 10Thug sé iadsan go léir chuige; ghearr sé ina dhá leath gach ceann acu agus chuir sé leath ar thaobh agus leath ar an taobh eile os a chomhair sall, ach nár ghearr sé na héin. 11Nuair a bhíodh éanlaith chreiche ag teacht anuas ar na conablaigh, chuireadh Abrám an ruaig orthu. 12Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é. 13Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain. 14Ach déanfaidh mise breithiúnas chomh maith ar an gcine faoina mbeidh siad i ndaoirse, agus tiocfaidh siad amach ina dhiaidh sin le mórán maoine. 15Maidir leat féin, imeoidh tú chun d'aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit. 16Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.” 17Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd. 18Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá:
“Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó
Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,
19mar a gcónaíonn na Céinigh agus na Cinizigh agus na Cadmónaigh agus na 20Hitigh, agus na Pirizigh, agus na Rafáím, 21na hAmóraigh agus na Canánaigh, agus na Giorgáisigh agus na Iabúsaigh.”

Currently Selected:

Geineasas 15: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in