YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 20

20
Abrahám i nGearár
1D'imigh Abrahám ón ait sin go dúiche an Neigib agus chuir faoi idir Cáidéis agus Siúr agus tamall á chaitheamh aige i nGearár. 2Is é a dúirt Abrahám faoina chéile Sárá: “Is í mo dheirfiúr í,” agus chuir Aibímeilic rí Ghearár fios ar Shárá agus ghabh chuige féin í. 3Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: “Tá an bás chugat,” ar sé leis, “de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.” 4Ach ní raibh aon chaidreamh fós ag Aibímeilic uirthi agus dúirt sé: “A Thiarna, an marófá an mhuintir atá gan chionta, chomh maith? 5Nach ndúirt sé féin: ‘Is í mo dheirfiúr í’ agus dúirt sí féin: ‘Is é mo dheartháir é.’ Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.” 6Ansin dúirt Dia leis san fhís: “Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m'aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi. 7Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.” 8D'éirigh Aibímeilic go moch ar maidin agus ghlaoigh chuige ar a shearbhóntaí go léir agus d'inis na nithe sin go léir dóibh; bhuail eagla mhór na fir. 9Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: “Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.” 10Ansin d'fhiafraigh Aibímeilic d'Abrahám: “Cad a bhí á thaibhreamh duit go ndearna tú an rud seo?” 11“Rinne mé é,” arsa Abrahám, “mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná. 12Agus fairis sin is deirfiúr dom í go deimhin, iníon do m'athair, ach nach iníon do mo mháthair í; agus tugadh dom í mar chéile. 13Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m'athar dúirt mé léi: ‘Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.’ ” 14Ansin fuair Aibímeilic caoirigh agus eallach agus daoir fir agus mná agus bhronn iad ar Abrahám agus thug sé Sárá a bhean ar ais dó. 15Dúirt Aibímeilic: “Sin iad mo chríocha os do chomhair; cuir fút mar ar mian leat.” 16Agus dúirt sé le Sárá: “Féach, thug mé míle píosa airgid do do dheartháir. Is éiric duit é i súile a bhfuil in éineacht leat; [sin deireadh an ghnó].” 17Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh. 18Óir is amhlaidh a dhún an Tiarna an uile bhroinn i dteach Aibímeilic de bharr Shárá bean Abrahám.

Currently Selected:

Geineasas 20: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in