YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 23

23
Tuama na bPatrarc
1Mhair Sárá céad agus a fiche seacht mbliana; ba é sin an líon blianta saoil a fuair Sárá: 2agus d'éag Sárá i gCiriát Arba, nó Heabrón, i dtír Chanán, agus chuaigh Abrahám isteach ag caí Sárá agus á caoineadh. 3Ansin d'éirigh Abrahám ó láthair a phúire agus dúirt sé le clann Héat: 4“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.” 5D'fhreagair clann Héat Abrahám: 6“Éist linn, a thiarna,” ar siad leis. “Is tú taoiseach Dé inár measc. Cuir do mharbh i dtogha ár dtuamaí; ní dhiúltóidh aon duine againn a thuama duit ná ní choiscfidh ort do mharbh a adhlacadh.” 7D'éirigh Abrahám ina sheasamh ansin agus shléacht sé go talamh do mhuintir na tíre, do chlann Héat, 8agus labhair sé leo: “Más toil libh,” ar sé leo, “go ndéanfainn mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl, éistigí liom agus déanaigí idirghuí ar mo shon le hEafrón mac Zochar, 9d'fhonn go dtabharfadh sé dom an uaimh atá aige i Macpaelá: tá sé ar imeall a fhearainn. Tugadh sé dom í in bhur bhfianaise ar an iomlán is fiú í, chun í a bheith agam mar ionad adhlactha.” 10Tharla Eafrón a bheith ina shuí i measc chlann Héat agus thug Eafrón an Hiteach freagra ar Abrahám i gcomhchlos chlann Héat agus na ndaoine go léir a ghabh geata a chathrach isteach. 11“Cuir uait, a thiarna,” ar sé, “agus éist liom. Bronnaim an fearann ort agus an uaimh atá ann; tugaim in aisce duit é i bhfianaise chlann mo mhuintire. Déan do mharbh a adhlacadh.” 12Ansin shléacht Abrahám i láthair mhuintir na tíre. 13Dúirt sé le hEafrón i gcomhchlos mhuintir na tíre: “Más mar sin [is mian leat]. Ach éist liom. Tabharfaidh mé a luach duit ar an bhfearann seo; tóg uaim é agus cuirfidh mé mo mharbh ann.” 14Thug Eafrón freagra ar Abrahám: 15“A thiarna,” ar sé, “éist liom. Paiste talún is fiú ceithre chéad seicil airgid, cad é sin idir mise agus tusa? Déan do mharbh a adhlacadh.” 16Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d'Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe. 17An fearann úd Eafrón i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, an fearann agus an uaimh ann, agus na crainn go léir san fhearann, an dúiche go léir ó cheann ceann, cuireadh i seilbh dhílis 18Abrahám é, i bhfianaise chlann Héat agus os comhair na ndaoine go léir a ghabh trí gheata a chathrach isteach. 19Ansin rinne Abrahám Sárá, a bhean, a adhlacadh san uaimh i bhfearann Macpaelá lastoir de Mhamrae (Heabrón is é sin) i dtír Chanán. 20Chuir clann Héat an fearann agus an uaimh a bhí ann i seilbh dhílis Abrahám le bheith aige mar ionad adhlactha.

Currently Selected:

Geineasas 23: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in