YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 35

35
Iacób ag Béitéil
1Dúirt Dia le Iacób: “Éirigh agus imigh leat suas go Béitéil, agus cuir fút ann, agus déan altóir ann don Dia a thaispeáin é féin duit agus tú ag teitheadh ó do dheartháir Éasau.” 2Dúirt Iacób lena theaghlach agus le cách a bhí ina theannta: “Cuirigí uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus déanaigí sibh féin a íonghlanadh agus cuirigí malairt éadaigh oraibh féin. 3Éirimis ansin agus téimis suas go Béitéil chun go dtógfainn altóir ann do Dhia, an té a d'éist liom nuair a bhíos i gcruachás agus a bhí faram i ngach treo dár ghabh mé.” 4Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim. 5Chuireadar chun bóthair agus bhuail scéin ó Dhia na cathracha go léir máguaird i dtreo nach ndeachadar sa tóir ar chlann Iacóib. 6Tháinig Iacób go Lúz - Béitéil is é sin - i dtír Chanán, é féin agus an mhuintir go léir a bhí fairis. 7Thug sé altóir ansiúd agus thug sé Éil Béitéil ar an áit mar gur ansiúd a thaispeáin Dia é féin dó agus é ar teitheadh óna dheartháir. 8Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.
9Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é. 10Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin. 11Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht. 12An talamh seo a thug mé d'Abrahám agus d'Íosác, tugaim duit é; agus tabharfaidh mé an talamh seo do do shliocht i do dhiaidh.” 13Ansin d'imigh Dia uaidh suas. 14Chuir Iacób gallán cuimhneacháin ina sheasamh san áit inar labhair sé leis, gallán cloiche. Thoirbhir sé deoch ofrála air agus dhoirt sé ola air. 15Thug Iacób dá réir sin Béitéil ar an áit inar labhair Dia leis.
Breith Bhiniáimin - Bás Ráchael - Bás Íosác
16D'fhágadar Béitéil agus nuair a bhíodar tamall fós ó Eafrát, tháinig ionú Ráchael, agus bhí pianta diana linbh uirthi. 17Agus sna híona crua di dúirt an bhean ghlún léi: “Ná bíodh eagla ort, mar tá mac eile anseo agat.” 18Nuair a bhí sí ar an dé deiridh agus í ag fáil bháis, thug sí Mac Mo Dhóláis air, ach thug a athair Biniáimin air. 19Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil. 20Agus thóg Iacób lia os a leacht, agus sin é lia leacht Ráchael atá ann fós inniu. 21Ar aghaidh le hIosrael, agus chuir suas a bhoth lastall de Mhigdeal Éidir. 22Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é.
23Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun. 24Clann Ráchael: Iósaef agus Biniáimin. 25Clann Bhileá, ionailt Ráchael: Dán agus Naftáilí. 26Clann Zilpeá, ionailt Léá: Gád agus Áiséar. Sin iad an chlann mhac a rugadh do Iacób i bPadan Arám.
27Shroich Iacób teach a athar Íosác i Mamrae, Ciriat Arba is é sin nó Heabrón, mar ar lonnaigh Abrahám agus Íosác. 28Bhí céad agus ceithre fichid bliain slán ag Íosác 29nuair a shíothlaigh sé. Fuair sé bás agus cruinníodh chun a mhuintire é, agus é anonn sna blianta agus a ré caite. Rinne a bheirt mhac, Iacób agus Éasau, é a adhlacadh.

Currently Selected:

Geineasas 35: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in