YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 39:7-9

Geineasas 39:7-9 ABN

agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: “Luigh liom.” Ach d'eitigh seisean agus dúirt sé le bean a mháistir: “Féach! de bhrí go bhfuilimse aige, ní chuireann aon ní dá dtarlaíonn sa teach aon mhairg ar mo mháistir; tá gach a bhfuil aige curtha aige faoi mo láimh. Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d'fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”