YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 50

50
1Ansin chaith Iósaef é féin anuas ar a athair, agus shil deora ar a aghaidh agus phóg é. 2Ansin d'ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú. 3Chaitheadar daichead lá leis an ngnó, mar go dtógann sé daichead lá an balsamú a dhéanamh. Agus chaoin na hÉigiptigh é ar feadh deich lá agus trí fichid. 4Nuair a bhí an tréimhse chaointe air thart, labhair Iósaef le teaghlach Fhorainn: “Má táim i bhfabhar in bhur láthair,” ar sé, “cuirigí an teachtaireacht seo i gcluais Fhorainn, le bhur dtoil:
5Chuir m'athair faoi bhrí na mionn mé. ‘Táimse ar tí báis,’ ar sé, ‘tá uaigh agam a d'oscail mé féin dom féin i dtír Chanán; ní foláir duit mé a adhlacadh ansiúd.’ Lig dom dul suas mar sin anois, impím ort, agus m'athair a chur. Ansin fillfidh mé.”
6D'fhreagair Forann: “Imigh leat suas agus déan d'athair a adhlacadh mar a chuir sé d'iallach ort a mhionnú dó.”
7D'imigh Iósaef suas dá bhrí sin chun a athair a adhlacadh agus chuaigh in éineacht leis searbhóntaí uile Fhorainn agus seanóirí uile a theaghlaigh, agus seanóirí uile thír na hÉigipte; 8agus, chomh maith leo, teaghlach uile Iósaef, agus a dheartháireacha, agus teaghlach a athar, ach gur fágadh a leanaí, a dtréada, agus a dtáinte i dtír Ghoisin. 9Ghabh carbaid agus marcshlua suas leis chomh maith, agus ba mhór go léir an tsochraid í. 10Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá. 11Nuair a chonaic muintir na háite, na Canánaigh, an caoineadh in Urlár Buailte Átád, dúradar: “Nach dian an caoineadh é seo ag na hÉigiptigh!” Uime sin thugadar Móinéar na nÉigipteach ar an ait - tá sé lastall den Iordáin.
12Rinne a chlann mhac leis mar a d'ordaigh sé dóibh. 13Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha. 14Tar éis dó a athair a adhlacadh, d'fhill Iósaef ar an Éigipt mar aon lena dheartháireacha agus ar ghabh suas leis chun a athair a adhlacadh.
Deireadh Saoil Iósaef
15Nuair a chonaic deartháireacha Iósaef go raibh a n‑athair marbh, dúradar: “B'fhéidir gurb amhlaidh a thabharfaidh Iósaef fuath dúinn agus cúiteamh a éileamh san urchóid go léir a rinneamar air.” 16Chuireadar teachtaireacht dá bhrí sin go dtí Iósaef á rá: “Roimh bhás dó, thug d'athair an t‑ordú seo: 17‘Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.’ Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d'athar.” Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis. 18Tháinig a dheartháireacha uathu féin agus shléachtadar dó agus dúirt: “Seo sinne inár searbhóntaí agat!” 19Ach d'fhreagair Iósaef: “Ná bíodh eagla oraibh! An amhlaidh atáimse in áit Dé? 20Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m'aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois. 21Ná bíodh eagla oraibh dá bhrí sin; cothóidh mé féin sibhse agus bhur muirear.” Ar an gcuma sin thug sé misneach agus sólás dóibh.
22Chónaigh Iósaef san Éigipt mar sin agus teaghlach a athar ina fhochair. Mhair Iósaef céad agus a deich mbliana. 23Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef. 24Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.” 25Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.” 26Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana d'aois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt.

Currently Selected:

Geineasas 50: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in