Léivític 11
11
Ainmhithe Glana agus Neamhghlana
1Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt leo: 2“Labhraigí le clann Iosrael agus abraigí:
Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe de ainmhithe na talún: 3Aon ainmhí a scoilteann an chrúb á roinnt ina dhá leath, agus a chognaíonn an chíor. 4Ach orthu siúd a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb, ní ceadmhach daoibh iad seo a ithe: an camall, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb; 5an broc carraige, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh mar nach scoilteann sé an chrúb; 6agus an giorria, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb; 7agus an mhuc, fág go bhfuil crúb scoilte roinnte ina dhá leath aici, bíodh sí neamhghlan agaibh mar nach gcognaíonn sí an chíor. 8Ná hithigí a gcuid feola, ná bainigí lena gconablaigh; bídís neamhghlan agaibh.
9Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe: 10ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu. 11Sea, bíodh an ghráin agaibh orthu; ná hithigí a gcuid feola agus ná bainigí lena gconablaigh. 12Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne.
13Ar na héin seo iad na cinn a bhfuil an ghráin le bheith agaibh orthu - ní ceadmhach iad a ithe; bíodh an ghráin orthu! - an t‑iolar, an bhadhb, an coirneach; 14an fiach, gach cineál préacháin; 15gach cineál cruchóige; 16an ostrais, an seabhac oíche, an faoileán, gach cineál seabhaic; 17an ceann cait, an fiach mara, an t‑ulchabhán, 18an chearc uisce, an peileacán, an t‑iolar gréagach, 19an chorr éisc agus an chorr bhán de gach cineál, an húpú agus an sciathán leathair.
20Bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach atá ceathairchosach. 21De na feithidí sciathánacha ceathairchosacha ní ceadmhach a ithe ach iad siúd a bhfuil cosa os cionn a dtroithe acu lena bhféadann siad léim as a gcorp. 22Díobh seo dá réir sin is féidir daoibh a ithe: gach cineál lócaiste, an lócaiste ceannann de gach cineál, gach cineál criogair, gach cineál dreoilín teaspaigh; 23ach bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach eile atá ceathairchosach.
24Fágfaidh na nithe sin neamhghlan sibh; aon duine a bhaineann le conablach cinn díobh, bíodh sé neamhghlan go nóin; 25aon duine a bhéarfaidh cuid dá gconablach leis, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. 26Gach ainmhí ag a bhfuil crúb, ach gan í a scoilteadh, gach ainmhí nach gcognaíonn an chíor, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann leo, bíodh sé neamhghlan. 27Gach ainmhí spadchosach ar na hainmhithe ceathairchosacha, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann lena gconablach bíodh sé neamhghlan go nóin. 28An té a iompraíonn a gconablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bídís neamhghlan agaibh.
Rialacha Eile Fúthu
29Ar na míola beaga a bhíonn ag snámhaíl ar an talamh, bídís seo neamhghlan agaibh: an t‑eas, an luch, gach cineál earca, 30an firéad, an cóa, an latáhá, an caimileon, agus an tinseámat. 31Bídís-sean neamhghlan agaibh i measc na míol beag; aon duine a bhaineann leo agus iad marbh, bíodh sé neamhghlan go nóin. 32Aon rud ar bith a dtitfidh ceann marbh díobhsan air, bíodh sé neamhghlan, cibé acu soitheach adhmaid é, nó ball éadaigh, nó seithe, nó rón, nó aon earra úsáideach ar bith; ní mór é a thumadh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin; beidh sé glan ansin. 33Má thiteann ceann acu isteach i soitheach cré, bíodh gach a bhfuil ann neamhghlan, agus bristear é. 34Aon bhia inite a bhíonn ann, ar a dtiocfadh uisce, bíodh sé neamhghlan; aon deoch inchaite, is cuma cén soitheach ina mbíonn, bíodh sí neamhghlan. 35Aon ní ar a dtiteann cuid dá gconablach, bíodh sé neamhghlan; más oigheann, más sorn é, bristear é; óir is neamhghlan dóibh agus bídís neamhghlan agaibh. 36(Foinsí toibreacha agus linnte uisce, áfach, fanaidís glan;) aon ní a bhaineann le conablach díobh, bíodh sé neamhghlan. 37Má thiteann aon chuid dá gconablach ar shíol atá le cur, fanfaidh an síol glan. 38Ach má scaoiltear uisce ar an síol agus go dtiteann cuid dá gconablach ansin air, bíodh sé neamhghlan agaibh.
39Má chailltear ceann de na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe, bíodh an té a bhaineann lena chonablach neamhghlan go nóin. 40Aon duine a chaitheann cuid dá chonablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a iompraíonn an conablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
41Gach míol beag a shnámhann ar an talamh, bíodh an ghráin orthu, agus ná hitear iad. 42Cibé rud a bhogann ar a bholg, nó a bhogann ar cheithre cosa nó breis, na míola beaga go léir is é sin a shnámhann ar an talamh, ná hitear iad, óir is gráiniúil iad. 43Ná déanaigí sibh féin gráiniúil leis na míola snáfacha sin go léir; ná truailligí sibh féin leo; na truaillítear sibh tríothu. 44Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh. 45Sea, mise an Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le bheith i mo Dhia agaibh. Bígí dá bhrí sin naofa, óir is naofa mise.
46Sin é an dlí i dtaobh na n‑ainmhithe go léir, na n‑éan go léir, na ndúl beo go léir a shnámhann sna huiscí, agus na míol go léir a shnámhann ar talamh, 47chun an glan a idirdhealú ón neamhghlan, an dúil inchaite ón dúil dochaite.”
Currently Selected:
Léivític 11: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

: