Léivític 18
18
Drúis
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Labhair le clann Iosrael agus abair leo:
Mise an Tiarna bhur nDia. 3Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe. 4Géilligí do mo reachtanna agus coimeádaigí mo dhlíthe, agus mairigí dá réir. Mise an Tiarna bhur nDia. 5Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.
6Ní ceadmhach d'aon duine agaibh druidim le bean gharghaoil leis an bhfolach a bhaint dá nochtacht. Mise an Tiarna. 7Ná bain an folach de nochtacht d'athar, nochtacht do mháthar is é sin; sí do mháthair í, ná bain an folach dá nochtacht. 8Ná bain an folach de nochtacht bhean d'athar; is í nochtacht d'athar í. 9Ná bain an folach de nochtacht do dheirféar, cibé acu iníon do d'athair í, nó do do mháthair. Cibé acu a shaolaítear í sa teach céanna nó a mhalairt, ná bain an folach dá nochtacht. 10Ná bain an folach de nochtacht iníon do mhic ná d'iníne; sí do nochtacht féin a nochtachtsan. 11Ná bain an folach de nochtacht iníon bhean d'athar a gineadh ó d'athair. Is deirfiúr duit í; ná bain an folach dá nochtacht. 12Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d'athar; óir sí feoil d'athar í. 13Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr do mháthar, óir sí feoil do mháthar í. 14Ná bain an folach de nochtacht dheartháir d'athar; ná druid, sé sin, lena bhean; sí d'aintín í. 15Ná bain an folach de nochtacht do bhean mhic; ós í bean do mhic í, ná bain an folach dá nochtacht. 16Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í. 17Ná bain an folach de nochtacht mná agus a hiníne chomh maith; ná beir leat iníon a mic ná a hiníne chun an folach a bhaint dá nochtacht. Siad d'fheoil féin iad; ba chorbadh sin. 18Ná beir leat ar do chomhluadar ban bean agus a deirfiúr agat san am céanna, chun an folach a bhaint dá nochtacht seo fad mhaireann sí siúd.
19Ná druid le bean chun luí léi agus í neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa. 20Ná luigh go collaí le bean do chomharsan; d'fhágfadh sin neamhghlan thú. 21Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna. 22Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil. 23Ná luigh le haon ainmhí; d'fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná fanadh bean le hainmhí chun luí leis. Ba bhréan an beart é.
24Ná déanaigí sibh féin a thruailliú le haon nós díobh sin, óir na ciníocha a dhíbir mé chun slí a thabhairt daoibh, is leosan a rinneadar iad féin a thruailliú. 25Truaillíodh an talamh; d'agair mé a choir air agus níorbh fholáir dó a dhúchasaigh a sceith de. 26Ach coinnigí mo reachtanna agus mo dhlíthe agus ná déanaigí - idir dhúchasach agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc - aon cheann de na nithe gráiniúla sin. 27Óir rinne an mhuintir a mhair sa tír romhaibhse na nithe gráiniúla sin go léir, agus truaillíodh an talamh. 28Má thruaillíonn sibhse é, nach ndéanfaidh sé sibh a sceith de mar a rinne leis an gcine a bhí ann romhaibh? 29Óir aon duine a dhéanann rud gráiniúil díobh sin, is cuma céard é, aon duine a dhéanann a leithéid, ní foláir é a ionnarbadh óna phobal. 30Coimeádaigí mo rialacha; ná géilligí do na nósanna gránna a bhí i dtreis sula dtáinig sibh; ansin ní dhéanfaidh siad sibh a thruailliú. Mise an Tiarna bhur nDia.”
Currently Selected:
Léivític 18: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

: