Léivític 22
22
Naofacht sna hÍobairtí
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Abair le hÁrón agus lena chlann iad féin a naomhú trí íobairtí naofa chlann Iosrael, agus gan iad a thruailliú m'ainm; ar mo shonsa déanaidís é a naomhú; mise an Tiarna. 3Abair é seo leo:
Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin, má thagann sé i ngar na n‑íobairtí naofa a choisric clann Iosrael don Tiarna agus neamhghlaine air, déantar an duine sin a dhíbirt ó mo láthair. Mise an Tiarna. 4Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol, 5nó a dhéantar neamhghlan trí bhaint le snáfach éigin, nó le duine eile a d'fhág air a neamhghlaine féin, cibé sórt í - 6sea, aon duine a raibh caidreamh den sórt sin aige, bíodh sé neamhghlan go nóin, agus ná hitheadh sé na nithe naofa gan a chorp a ní le huisce. 7Tar éis don ghrian dul faoi, bíodh sé glan agus ní miste dó na nithe naofa a ithe ós iad is beatha dó. 8Ainmhí a fuair bás uaidh féin, nó a stoll ainmhithe allta, ná hitheadh sé é; d'fhágfadh sin neamhghlan é. Mise an Tiarna. 9Coimeádaidís mo rialacha, agus ná gabhadh aon chiontacht iad; má bhriseann siad iad, gheobhaidh siad bás; is mise an Tiarna a naomhaíonn iad.
10Na hitheadh coimhthíoch na nithe naofa; agus ná hitheadh aoi sagairt iad ná fostúch leis. 11Ach má bhíonn daor a cheannaigh sé ag sagart, ní miste don daor sin iad a ithe, dála an té a rugadh ina theach; óir caitheann siadsan a bhia féin. 12Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh. 13Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é. 14Má itheann duine rud naofa gan fhios, déanadh sé é a aisíoc leis an sagart agus cúigiú dá luach de bhreis leis. 15Ná truaillídís na híobairtí naofa a chuir clann Iosrael i leataobh don Tiarna; 16d'fhágfadh sé coir orthu iad sin a ithe, rud a d'éileodh íobairt leorghnímh; óir is mise an Tiarna a naomhaigh na híobairtí seo.”
17Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 18“Abair é seo le hÁrón, lena chlann mhac, agus le clann Iosrael:
Nuair a dhéanann aon duine de theaghlach Iosrael nó aon duine de na deoraithe in Iosrael, ofráil a thabhairt ar son móide nó mar íobairt dheonach le hofráil don Tiarna mar íobairt uileloiscthe, 19ní mór dó, má tháthar le glacadh leis, fireannach gan mháchail a ofráil, damh nó caora nó gabhar. 20Ná híobraígí aon ní ar a bhfuil máchail óir ní ghlacfaí leis ar bhur son.
21Nuair a ofrálann duine íobairt chomaoineach don Tiarna, mar chomhlíonadh móide nó mar íobairt dheonach, bíodh an t‑ainmhí - más den tréad nó den táin é - foirfe má tháthar chun glacadh leis; bíodh sé gan mháchail. 22Ainmhí dall, bacach, nó ciorraithe, ainmhí le neascóidí le tochas nó le gearba, ná hofrálaigí don Tiarna é. Ná leagaigí aon ruainne d'ainmhí den sórt sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. 23Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide. 24Ná hofrálaigí don Tiarna aon ainmhí le margairlí brúite, briste, gearrtha anuas nó gonta; ná déanaigí amhlaidh in bhur dtír féin 25agus ná glacaigí lena leithéid ó lámha deoranta le hofráil mar bhia do bhur nDia. Ainimh í a máchail a d'fhágfadh nach nglacfaí leo ar bhur son.”
26Labhair an Tiarna le Maois, agus dúirt: 27“Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. 28Ach ná maraigh an mháthair, más bó más caora, ar an aon lá lena hóg. 29Má ofrálann sibh íobairt bhuíochais don Tiarna, ofrálaigí í ar mhodh inghlactha. 30Ní foláir í a ithe an lá céanna gan aon chuid di a choimeád go maidin. Mise an Tiarna.
31“Coimeádaigí m'aitheanta agus déanaigí dá réir. Mise an Tiarna. 32Ná truailligí m'ainm naofa d'fhonn go naomhófaí mé i measc chlann Iosrael; mise an Tiarna a naomhaíonn sibh. 33Mise a thug amach sibh ó thalamh na hÉigipte le bheith mar Dhia agaibh. Mise an Tiarna.”
Currently Selected:
Léivític 22: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

: