Lúcás 17
17
An Scannal: An Creideamh: Seirbhís Dé
1Dúirt sé lena dheisceabail: “Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad; 2b'é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d'aon duine amháin de na daoine beaga seo. 3Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó. 4Agus má pheacaíonn sé i d'aghaidh seacht n‑uaire sa lá agus go n‑iompóidh sé chugat seacht n‑uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.”
5Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.” 6Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.
7“Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’? 8Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’? 9An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe? 10Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”
Leigheas an Deichniúr Lobhar
11Ansin, sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl; 12agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh, 13agus labhair siad go hard á rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” 14Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad. 15Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard, 16agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. 17Labhair Íosa agus dúirt: “Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad? 18An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?” 19Agus dúirt sé leis: “Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh tú.”
Téarnamh Mhac an Duine
20Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í, 21ná ní amhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd’; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.” 22Dúirt sé fós leis na deisceabail: “Tiocfaidh an t‑am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é. 23Beifear á rá libh: ‘Féach, tá sé ansiúd’; nó: ‘Féach, tá sé anseo!’ Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir. 24De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin. 25Ar dtús, áfach, ní foláir dó mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ón nglúin seo. 26Agus amhail mar a bhí i laethanta Naoi, is amhlaidh sin freisin a bheidh i laethanta Mhac an Duine; 27bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag gabháil fear céile nó ban céile, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc; agus tháinig an díle gur thug an bás dóibh uile. 28Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil; 29ach an lá ar imigh Lót amach as Sodom, fearadh tine agus ruibh ó Dhia as an spéir gur thug an bás dóibh uile. 30Sa chaoi chéanna a bheidh, an lá a bhfuil Mac an Duine le foilsiú. 31An lá sin, an té a bheidh ar bharr an tí agus a urra tí sa teach, ná téadh sé síos chun é a bhreith leis, agus mar an gcéanna an té a bheidh sa ghort, ná casadh sé ar ais. 32Cuimhnígí ar mhnaoi Lót! 33Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil. 34Deirim libh, beidh beirt fhear in aon leaba an oíche sin; tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 35Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile. 36(Beidh beirt sa ghort; tógfar duine acu, ach fágfar an duine eile.)” 37Dúirt siad leis á fhreagairt: “Cén áit, a Thiarna?” Dúirt sé leo: “Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.”
Currently Selected:
Lúcás 17: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

: