YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 2

2
Caibidil II
A nam na cingcise, tainic an Spiorad Naomh a riocht teangtha sgoiltighe, ar na heasbalaibh.
1Agus an tan tháinig lá na Cingcíse go hiomlan, do bhádar uile dáontoil ar áonbhall. 2Agus tháinig torann ó neamh go hobann mar do thiocfadh séideadh gháoithe ro aintréun, agus do lion sé an tigh uile mar a rabhadarsan na suidhe. 3Agus do taisbéanadh dhóibh teangtha sgoiltighe mar theine, noch do shuidh air gach áon dióbh. 4Agus do bhádar uile ar na liónadh don Spiorad Náomh, agus do thosuigheadar labhairt lé teangthuibh eile, do réir mar thug an Spiorad labhairt dhóibh.
5Agus do bhádar na gcomhnuidh a Niarusalém Iúduidhe, dáoine díadha, do gach uile cheinéul dá bhfuil fáoi neamh. 6Agus a ndul don tásgso amach, do chruinnigh an coimhthionól, agus do bhádar buáidheartha, do bhrígh go gcúaluidh gach áon aca iádsan ag labhairt ann a dteanguidh féin. 7Agus do ghábh úathbhás, agus iongantas iád uile, ag rádh ré chéile, Féuch, a né nach Gaililéeanuigh íadso uile labhras? 8Agus cionnas do chluinn sinne gach áon aguinn a theanguidh féin an a rugadh sinn? 9Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine áitigheas a Mesopotámia, agus a Níudéa, agus a Gcappadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia, 10A Bhphrígia, agus a Bpamphília, ann sa Négipt, agus a ranntuibh Libia timcheall Chiréne, agus coigcrióchtha na Rómha, agus Iúduidhe agus Proseliti. 11Luchd Chréta agus Arábia, do chluinmíd iád ag labhairt ann ar dteangthuibh féin oibreacha mórdhálacha De. 12Agus do ghabh úathbhás, agus amharas iád úile, ag rádh gach fear ré a chéile, Créd is ciáll dó so? 13Agus a dubhradar dáoine eile ag fonomhad, Is lán dfíon mhilis atáid síad so.
14Achd ar seasamh do Pheadar a bhfochair a naóin easbuil dég, dárdaigh sé a ghúth, agus do labhair sé ríu, A phobail Iúdaidhe, agus a luchd áitighe Iarusalém uile, bíodh a dheimhin só agaibh, agus éisdigh rém bhríathruibh: 15Oír ní bhfuilid siad so aír misge, mar mheastaóise, an tan nach bhfuil sé achd an treas uáir don lá. 16Achd a sé so an ní a dubhradh tré san bhfáidh Ióel, 17Agus tíocfuigh chum críche ann sna laéthibh déigheanacha (a deir Día,) dóirtfidh mé dom Spiorad féin air gach uile fheóil: agus do dhéunuid bhur mic agus bhur ningheana fáidheadóireachd, agus do chífid bhur nógánaigh taisbéunta, agus bhur seandáoine aislingthe: 18Agus fós doirtfidh mé dom Spiorad féin ar mo shearbhfhoghantuidhibh agus air mo bhanóglachuibh ann sna laéthibhsin; agus do dheanuid faidheadoireachd: 19Agus foillseochuidh mé iongantuis ar neamh shúas, agus comarthaidhe ar a dtalamh shíos; fuil, agus teine, agus gal deatuighe: 20Iompóchar an ghrían a ndorchadas, agus an ghealach a bhfuil, suil thiocfas ab lá mór oirdheirc sin an Tighearna: 21Agus tiocfuidh chum críche, gidh bé ghuídhfeas ainm an Tighearna sláineochthair é. 22Eísdigh na bríathrasa, a chlann Israél; Iósa Nasarrdhá, duine dearbhtha ó Dhía eadruibhsi maille lé cúmhachduibh agus lé miórbhailibh agus le comharthaidhibh; noch do rinne Día thrídsean eadruibhse, mar is aithne dhibh féin: 23An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte agus tré réimhfheachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lamhaibh drochdháoine do mharbhabhair é: 24Noch do thóg Día súas, íar sgáoileadh dhoilghis an bháis: ar a nadhbhar nar bhéidir don bhás a chungbháil. 25Oír a deir Dáibhi na thimcheallsan, Do chunnairc mé an Tighearna am fhíadhnuisi do ghnáth, óir atá sé ar mo láimh dheis, ionnus nach ccorróchtháoi mé: 26Ar a shon so do bhí mo chroidhe go súbhach, agus do rinne mo theanga lúathgháire; agus na cheann sin suaimhneóchuidh mfeóil a ndóthchas: 27Ar a nadhbhar nach bhfúigfe tú manam a nifearn, agus ní fhuileónga tú do Aón Náomhtha féin truáillidheachd dfaicsin. 28Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha; líonfuidh tú mé do ghairdeachus léd ghnúis féin. 29A fheara agus a bhraithreacha, is éidir leamsa labhairt go dána ribh a dtimcheall an phatriárc Daibhí, go bhfuil sé tair éis bháis agus ar na adhlacadh, agus atá a thúama eadruinne gus an lá a niu. 30Ar a nadhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus a fhios aige go dtug Día móid dhó maille lé mionnuibh, go dtóigfeadh sé Críosd súas, do shíol a leasruighsion, do réir na féola, agus go ccuirfeadh sé na shuídhe ann a chatháoirsean é; 31Ar na réumhfhaicsin dó do labhair sé a dtimcheall eiséirghe Chríosd, nach bhfúigfithi a anam a nifearn, agus nach bhfaicfeadh a cholann trúailleadh. 32Do thóg Día an Tiosaso súas, agus atámáoidne uile an bhfíadhnuisibh air. 33Ar a nadhbharsin ar na bhreith súas lé láimh dheis Dé, agus ar bhfagháil an Spioraid Náoimh do reir gheallamhna a Nathar, do dhóirt sé amach an nísi, do chíthísi a nois agus do chluintí. 34Oír ní dheachuidh Dáibhi súas air neamh: gidheadh a deir sé, A dubhairt an Tighearna rém Thighearnasa, Suídh ar mo láimh dheis, 35Nó go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh. 36Uime sin bíodh a fhios go dearbhtha ag tigh Israél uile, go ndearnuidh Día Tighearna agus Críosd, do Níosasa do chrochabhairsi.
37Agus ar na chloinsin so dhóibh, do goineadh ann a gcroidhe íad, agus a dubhradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluibh, A fheara agus a bhráithreacha, créud do dhéunam? 38Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh. 39Oír is dáoibhsi do rinneadh an gealladh, agus dá bhar gcloinn, agus dá gach nduine a ccían, eadhon gach áon ghoirfeas ar Dtighearna Día. 40Agus do ghuidh sé agus do theaguisg sé íad ré morán eile do bhríathruibh, ag rádh, Coimhéaduidh sibh féin on drochgheinealachsa.
41Ann sin na dáoine do ghabh chuca a bhríathra go toileamhail do baisdeadh íad: agus do cuireadh léo an lásin a dtimcheall thrí míle anam. 42Agus do chomhnuidheadar go daingion a dteagasg na neasbal agus ann a ccumann a mbriseadh aráin, agus a nurnuighibh. 43Agus do ghabh eagla gach uile anam: agus do rinneadh mórán do mhíorbhuilibh agus do chomharthuibh leis na heasbaluibh. 44Agus na huile dháoine do chreid do bhádar a bhfochair a chéile, agus do bhádar na huile neithe coitcheann aca; 45Agus do reacadar a bhfineachas agus a máoin, agus do roinneadar íad ar gach áon, fá leith do réir a ríachdanuis. 46Agus ag fanmhuin, gach láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh, do chaithdís bíadh maille lé gáirdeachas agus lé simplidheachd chroidhe, 47Ag moladh Dé, agus ag fagháil ceana ón phobal uile. Agus do chuir an Tighearna leis a neagluis gach láoi, an dream do sláinéochtháoi.

Currently Selected:

Gníomhartha 2: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 2