Gníomhartha 5:3-5
Gníomhartha 5:3-5 BEDELL
Ann sin a dubhairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do chróidhe do dhéunamh bréige leis an Spiorad Náomh, agus do chungbháil coda éigin do lúach an fhearuinn go foluidhtheach? A né nár leachd féin é dá gcongabhtha é, agus an é nach raibh sé ad chúmhachdaibh féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad chróidhe? ní lé dáoinibh do rinne tú brég, achd ré Día. Agus ar gcloinsin na mbríatharsa Dananías, do thuit sé síos, agus do chúaidh a anam as: agus do bhí eagla mhór ar gach duine dhá ccúaluidh na neithe so.