Eóin 11
11
Caibidil XI
Ath-dhúsgadh Lasaruis ó mharbhuibh, 49 agus tairrghire Chaiphas an ainbhfios dó.
1Agus do bhó óglach áirighe tinn, dar bhainm Lásarus, ó Bhetánia, baile Mhuire agus Mhartá a deirbhsheathrach. 2(Agus do bí an Muire do ong an Tighearna lé huinnement, agus do thiormuigh a chosa lé na grúaig, dar dhearbhrathair Lásarus do bhí tinn.) 3Uime sin do chuireadar a dheirbhsheathracha fios chuigesion, ag rádh, A Thighearna, féuch, atá an té as ionmhuin leachd tinn. 4Agus ar na chloisdin sin Díosa, a dubhairt sé, Ní bhfuil an téagruás so chum báis, achd chum glóire Dé, do chum go bhfuigheadh Mac Dé glóir dhá tháoibh. 5Agus dob ionmhuin lé Híos Martá, agus a deirbhshíur, agus Lásarus.
6Uime sin mar do chúaluidh sé go raibh sé éugcrúaidh, dfan sé fós dhá lá na chomhnuidhe ann sa náit a raibh sé. 7Agus tar éisi sin a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh, Déunam a ris go tir Iúdaidhe. 8A dubhradar a dheisciobail ris, A Mhaighisdir, a nois diárradar na Iúdaidhe gabháil do clochuibh ort; agus an bhfuil tú ag dul a rís ann? 9Do fhreagair Iósa, An né nach bhfuil dhá uáir dhég sa ló? Má shiobhlann duine ann sa ló, ní fhagham sé tuisleadh, oír do chí sé solus an tsáoghailsi. 10Gidheadh má shiobhlánn duine sa noidhche, do gheibh sé tuisleadh óir ni bhfuil solus ann. 11A dubhairt sé na neitheses, agus na dhiáighsin a dúbhairt sé riú, Atá ar gcara Lásarus na chodladh; achd atáimse ag dul, dá dhúsachd as a chodladh.
12Ann sin a dubhradar a dheisciobail, A Thighearna, má tá sé na choladh, biáidh sé slán. 13Gidheadh as a dtimcheall a bháis do labhuir Iósa: achd do sháoileadarsan gur a dtimcheall a shúain chodalta do labhair sé. 14Uime sin a dubhairt Iósa an tan sin ós áird riú, Fúair Lásarus bás. 15Agus atá lúathghair oram air bhur sonsa, (do chum go gcreidfeadh sibh) nach raibh mé a lathair ann sin; achd déanam chuige. 16Ar a nadhbharsin a dubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh, Déanaimne leis, dfagháil bháis na fhárradh. 17Uime sin tháinig Iósa, agus fúair sé é ar gcaitheamh cheithre lá cheana ann sa túama. 18Agus do bhí Betánia a bhfogus Díarusalém, a ttimcheall chuig sdáide dég: 19Agus tangadar mórán do na Iúdaidhibh chum Martá agus Muire, dá gcomhfhurtachd fá na ndearbhráthair.
20Agus mar do chúalaidh Martá, go raibh Iosa ag teachd, do chúaidh sin a airchis: achd do fhan Muire na súidhe a sdigh. 21Uime sin a dubhairt Marta ré Iósa, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuigheadh mo dhearbhráthairsi bás. 22Achd atá a dheimhin agam, a nois mar an gcéadna, gidh bé ní íarrfus tú ar Dhía, go ttiobhra Día dhuit é. 23A dubhairt Iósa ria, Eiréochuidh do dhearbhráthair a rís. 24A dubhairt Martá ris, Atá a fhios agam go néiréocha sé ann sa neiseirghe an lá déigheanach. 25A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: 26Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so? 27A dubhairt sis iris, Aseadh, a Thighearna: do chréid mé gur tusa Críosd, Mac Dé, tháinic air an tsáoghalso. 28Agus an tan a dubhairt sí so, dimthigh si, agus dó ghoir sí a deirbhshiúr Muire a nuáigneas, ag rádh, Tháinic an Maíghisdir, agus atá sé dod iarruidhsi. 29An tan dó chúaluidh sisi sin, déirígh si go tapaidh, agus tháinig sí chuige. 30(Oír ní tháinig Iósa fá namsin don bhaile, achd do bhí sé ann sá náit ann a dtárla Martá dho.) 31Uime sin na Iúdaidhe de bhí a bhfochair Mhuire a stigh, dá comhfhurtachd, an tan do chunncadar, ag éirghe go tapuidh í agus ag dul amach, do leanadar í, ag rádh, Atá sí ag dul chum an túama do cháoineadh ann.
32An tan tháinig Muire sa náit a raibh Iósa, agus do chunnairc sí é, do theilg si í féin fá na chosaibh, agus a dubhairt sí ris, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuígheadh mo dhearbhráthairsi bás. 33Ar a nadhbharsin an tan do chunnairc Iósa ag gul í, agus na Iúdaidhe tháinig le ag gul mar an gceadna, do rinne sé osna ann a spioraid, agus do bhúaidhir sé é féin, 34A dubhairt sé, Gá háit ar chuireabhair é? A dubhradar ris, a Thighearna, tárr, agus féuch. 35Do ghuil Iósa. 36Uime sin a dubhradar na Iúdaidhe, Féuch cionnus do ghrádhuigh sé é! 37A dubhradar cuid díobh, A né nach bhféudfadh an fear so, dosgail súile an doill, a thabhairt fá deara mar an gcéadna, nach bhfuigheadh an fearso bás?
38Uíme sin tháinig Iósa agus é a rís ag osnaidhe ann féin, chum an túama. Agus dob uáimh é, agus cloch ar na cur ós a chionn. 39A dubhairt Iósa, Tóghuidh an chloch. A dubhairt Martá, derbhshíur an duine mhairbh, ris, A Thighearna, atá drochbhaladh a nois air: óir atá ceithre lá ó fúair sé bás. 40A dubhairt Iósa ría, Nach dubhairt mé riot, má chreideann tú, go bhfaicfe tú glóir Dé? 41Uime sin do thógbhadar an chloch don áit a raibh an duine marbh curtha. Agus do thóg Iósa a shúile súas, agus a dubhairt sé, A Athair, do bheirim buidheachus duit do bhrígh gur éisd tú rium. 42Agus atá a dheimhin agam go gcluin tú mé do ghnáth: achd ar son an phobail atá na seasamh am thimcheall a dubhairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa chuir uáit mé. 43Agus tar éis so do rádh dhó, a dubhairt sé do ghuth ard, A Lásaruís, tárr amach. 44Agus tháinig an duine marbh amach, agus a lámha agus a chosa ceanguilte ris an bháiséadach: agus a aghaidh ceanguilte ré naipcin. A dubhairt Iósa ríu, sgáoilídh é, agus leigidh dhó imtheachd. 45Uime sin mórán do na Iúduighibh tháinig chum Muire, mar do chuncadar na neither do rinne Iósa, do chreideadar ann. 46Agus do imthigheadar cuid aca chum na Bpairisíneach, agus dinniseadar dhóibh na neithe do rinne Iósa.
47Ar a nadhbharsin do chruinnigheadar uáchdaráin na sagart agus na Phairisínigh comhairle, agus a dubhradar, Créd do dhéanam? óir as iomdha míorbhuile do ní an fear so. 48Má fhuilngemíd é mar só, creidfidh na huile dháoine ann; agus tiocfaid na Rómhánuigh agus sgriosfuid síad ar náit agus ar gcineadh. 49Ann sin fear áirighe dhíobhsan, Cáiphas, ar mbeith dhó na árdshagart an bhlíadhnuinsin, a dubhairt sé ríu, Ní thuigthísi ní ar bith, 50Agus ní smuáintighthí gur ab oireamhnach, go bhfuigheadh áonduine amháin bás ar son an phobuil, agus gan an cineadh uile do sgrios. 51Gidheadh ní úadh féín a dubhairt sé so: achd ar mbeith dhó na árdsagart an bhlíadhuinsin, do thairrghir sé go bhfuigheadh Iósa bás ar son an chinidh; 52Agus ní ar son an chinidhsin amhain, achd fós do chum go gcruinneochadh sé a cceann a chéile clan Dé do bhí ar na leathnughadh. 53Uime sin ón lá sin amach do bhádar ag comhairliughadh ré chéile eisean do mharbhadh. 54Ar a nadhbharsin níor shiobhail Iósa ó sin súas go follus a measg na Níudaidheadh; achd do chuáidh sé asa sin don tír do bhí a bhfogus don fhásach, go cathruigh ré a ráidhtear Ephrem, agus do chomhnuidh sé ann sin a bhfochair a dheisciobal.
55Agus do bhí cáisg na Níuduidheadh a bhfogas dóibh: agus do imthigheadar mórán as a tírsin súas go Híarusalém roimh cháisg, da nglanadh féin. 56Uime sin díarradar Iósa, agus do labhradar eatarra féin, na seasamh annsa teampoll, Créd chithear dháoibhse, tré nach dtig sé chum an fhéusda? 57Agus tugadar na hárdsagairt agus na Phairisínigh áithne, gidh bé ar bith do geabhadh a fhios gá háit a raibh sé, a innisin, do chum go mbéuraidís air.
Currently Selected:
Eóin 11: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)