Eóin 15
15
Caibidil XV
Gu bhfuil leas uile na gcreidmheach ó ghrásaibh Chriosd, mar thoradh na ngéug ó shúgh na fineamhna.
1As misi an fhíneamhuin fhírinneach, agus as críadhuire Mathair. 2Gach uile ghéug ionnamsa nach dtabhair toradh, gearruidh sé í: agus gach uile ghéug do bheir toradh, glanuidh sé í, do chum go madh móide do bheuradh sí toradh uáithe. 3A nois atá sibh glan treas an mbréithir do labhair mé ribh. 4Fanuidh ionnamsa, agus misi ionnuibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe féín, muna bhfana sí sa bhfíneamhuin; is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa. 5As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh. 6Gidh be nach bhfanfa ionnamsa, teilgfithear amach é mar géig, agus críonfuidh sé; annsin chruinnighid daoine, agus cuirid sa teinigh íad, agus loisgthear íad. 7Má fhanann sibh ionnamsa, agus má fhanuid mo bhríathrasa ionnuibhse, íarruidh gach ní bhus áill libh, agus do dhéuntar dhaóibh é. 8As so do gheibh Mathairsi glóir sibhsi do thabhairt móráin toraidh; agus bheithí bhur ndeisciobluibh agamsa. 9Mar do ghrádhuigh misi sibhsi: fanuidh am ghrádhsa. 10Má choimhéudtaói maitheanta, fanfuidhe am grádh; mar do choimhéud misi aitheanta Mathar, agus fanuim ann a ghrádh.
11A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán. 12As í so máithnesi, sibhsi do ghrádhughadh a cheile, mar do ghrádhaigh misi sibhsi. 13Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad. 14Is sibhsi mo cháirdesi ma níthí gach ní dá náithnighim dhibh. 15Uadh so súas ní ghoirfe mé searbhfhoghantuidhe dhíbh, óir ní bhfuil a fhios ag an tsearbhfhoghantuidh créud do ní a thighearna: achd do ghoir mé cáirde dhibh; óir na huile neithe do chúaluidh mé ó Mathair, do léig mé a bhfios chugaibhsi. 16Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é.
17Aithnighim na neithesi dhíbh, do chum grádha do bheith aguibh féin dá chéile. 18Má fhúathuigheann an sáoghal sibh, bíodh a fhios aguibh gur fhúathaigh sé misi romhuibh. 19Da mádh don tsáoghal sibh, do ghraidhéochadh an sáoghal a chuid féin: gidheadh ar son nach don tsáoghal sibh, achd gur thogh misi sibh as a tsáoghal, ar a nadhbharsin atá fúath ag an tsáoghal daóibh. 20Cuimhnighidh ar an mbreithir a dubhairt mé ribh, Ní mó an searbhfhoghantaidh ná a mhaighisdir. Má ghérleanadar misi, gérleanfuid sibhsi mar an gcéudna; má choimhéudadar mo bhríatharsa, coimhéudfuid bhur mbriatharsa mar an gcéadna. 21Achd do dhéunuid síad na neithesi uile ribh ar son manmasa, do bhrigh nach bhfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca. 22Muna bheith go dtáinig mé agus gur labhuir mé ríu, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois ní bhfuil leisgéul a bpeacuidh aca. 23Gidh bé agá bhfuil fúath dhámhsa, fúathuighidh sé Mathair mar an gcéadna. 24Muna dhéarnuinn oibreacha na measg nach dearna neach ar bithe eile, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois do chunncadar agus fós do fhúathuigheadar misi, agus Mathair. 25Achd do rinneadh so ionnus go gcoimhlíonfuidhe an rádh atá sgriobhtha ann a ndligheadh féin. Do fhúathaigheadar mé gan adhbhar. 26Achd an tan thiocfas an Comhfhurtuightheóir noch chuirfeas misi chugaibh ón Athair, Spiorad na firinne, thig ón Athair, do dhéuna sé fiadhnuisi am thimcheallsa: 27Agus do dhéuntaoísi fíadhnuisi leis, óir atáthaói ma fhochuir ó thus.
Currently Selected:
Eóin 15: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

: