YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 21

21
Caibidil XXI
Aithne dhúthrachtach Iósa do Pheadair, 15 iom a thréud a bheathughadh, 23 agus ceisdeann neamh tharbhach, uallach, do sheachnadh.
1Na diáigh so do thais bé Iósa é féin a rís dá dheisciobluibh ag fairrge Thibérias. Agus as mar so do thaisbéin sé é féin. 2Do bhí Síomón Peadar, agus Tomás da ngoirthear Didimus, agus Natanáel ó Chána ná Galilé, agus clan Shebedéi, agus días eile dhá dheisciobluibh a bhfochair a chéile. 3A dubhairt Síomón Peadar ríu, Atáim ag dul diasgaireachd, A dubhradarsan rís, Rachmáoidne leach mar an gcéudna. Do imthigheadar rompá, agus do chúadar ar a mball a luing; agus níor ghabhadar ní ar bith a noidhche sin. 4Agus a núair tháinig an mhaidin, do sheas Iósa ar an dtráigh: gidheadh níor aithnigheadar na deisciobail gurab é Iósa do bhi ann. 5Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, A chlann, an bhfuil bladh ar bith aguibh? Do fhreagradarsan é, Ní bhfuil. 6Agus a dubhairt seision riu, Teilgidh bhur lion ar an dtáobh ndeas don luing, agus do ghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach a lion, agus níor bhéidir léo ar ghléus ar bith a tharruing a steach lé híomad éisg. 7Ar a nadhbharsin an deisciobal do bionmhuin lé Híosa a dubhairt sé ré Peadar, A séan Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaídh Síomón Peadar gurab é an Tighearna do bhí ann, do chuir sé éudach uime, (óir do bhí se nochduighthe,) agus do theilg sé é féín sa bhfairge. 8Agus tangadar an chuid eile do na deisciobluibh a luing bhig, (óir níor bhfada óthir do bhadar, achd a dtimcheall dhá chéud bánnlamh,) ag tarruing an lín eisg. 9Agus mar thangadar a dtír, do chunncadar gríosach, agus íasg ar na chuir uirrthe, agus arán. 10A dubhairt Iósa riu, Tabhraidh libh cuid don íasg do gabhabhair a nois. 11Do chuáidh Síomón Peadar súas, agus do tharruing sé an lion a dtír lán díasguibh mora, céud trí héisg dhéug agus dá fhichiot: agus gé do bhí a noirid sin ann, níor briseadh an lion. 12A dubhairt Iósa ríu, Taguidh ithidh bhur ndínéur. Agus níor lamh áon do na deisciobluibh a fhíafruighe dhe, Cía thusa? do bhrígh gur aithnigheadar gurab é an Tighearna é. 13Uime sin tháinig Iósa, agus do ghlac sé arán, agus tug sé dhóibhsean é, agus íasg mar an gcéudna. 14A sé so a nois an treas uáir do thaisbén Iósa é féin dá dheisciobluibh, tart éis a éiséirghe ó mharbhuibh. 15Ann sin ar nithe a ndinéir dhóibh, a dubhairt Iósa ré Síomon Peadar, A Shíomoin, mhic Ióna, a nans leachd misi ná léo so? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna; atáa fhios agadsa gur ab ionnmhuin liom thu. A dubhairt seision ris, Beathuidh muáin. 16A dubhairt Iósa ris a rís an dara huáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misi? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna, atá a fhios agadsa gur abionmhuin liom thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh. 17A dubhairt sé ris an treas uáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misí? Do ghabh doilgheas Peadar do bhrígh go ndubhairt sé ris, A Thighearna, atáfios na nuile neither agadsa; atá a fhios agad gur ab ionmhuin leam thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh. 18Go deimhin, deimhin, a deirim riot, An tan do bhí tú ní as óige, do churthá féin do chrios thort, agus do chiúbhaltá mar a dtogarthá féin: achd an tan bhías tú arrsuidh, sínfe tú do lámha amach, agus cuirfe duine eile do chrios thort, agus tréoróchaidh sé thú, a náit nach áill leachd. 19Agus a dubhairt sé so, Dhá fhoillsiúghadh créd í an ghné bháis réa dtiobhradh se glóir do Dhía. Agus ar na rádh so dhó, a dubhairt sé ris, Lean misi. 20Agus ar bhfilleadh do Pheadar air ais, do chunnairc sé an deisciobal do bionmhuin lé Híosa dhá leanmhuin; an té do luigh a nuchd Iósa ar a shuipér, agus a dubhairt, A Thighearna, cía bhraithfeas tu? 21An tan do chunnairc Peadar eision a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cred dhéanas an fear so? 22A dubhairt Iósa ris, Má símo thoílse eision dfanmhuin go ttiuca mé, créd é sin duitse? 23Uime sin do chuáidh an rádh so amach a measg na ndearbhráithreach, nach bhfuigheadh an deisciobal sin bás: gidheadh ní dubhairt Iósa ris, Ní bhfuighe sé bás; achd, Má sí mo thoillse eision dfanmhuin go ttiuca mé, créd é sin, duitse? 24A sé an deisciobal so do ní fínné do na neithibhse, agus do sgriobh na neithese: agus atáa fhios aguinn gur fíor a fhíadhnuisi. 25Agus atáid móran do neithibh eile noch do rinne Iósa, agus dá mbeithdís sgríobhtha uile, ní mheasuim go ngeubhadh an domhan féin a sgríobhtháoi do leabhruibh. Amén.

Currently Selected:

Eóin 21: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in