Eóin 4
4
Caibidil IV
Comhradh Chríosd ris an mnáoi ó Shamaria, 39 agus a thoradh; 46 ré leíghis mhic an chúirteóir.
1Ar a nadhbharsin an tan do aithin an Tighearna go gcúaladar na Phairisínigh gur mó do dheisciobluibh do níodh Iósa agus do bhaisdeadh sé ná Eóin, 2(Bíodh nach baisdéadh Iósa féin, achd a dheisciobail,) 3Do fhág sé tír Iúdaighe, agus do chúaidh sé a rís don Ghalilé. 4Agus dob éigean do dul third Samária.
5Ar a nadhbharsin thaínig sé go cathair Shamária, dá ngoirthear Sichar, láimh ris an bhfearann tug Iácob dha mhac fein Ioseph. 6Agus do bhí tobar Iácob ann sin. Ar a nadhbharsin, ar mbeith curtha Díosa ó nasdar, do shuidh sé mar sin ar an tobar: agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair.
7Taínig bean ó Shamária tharraing uisge: a dubhairt Iósa ría, Tabhair deoch dhamhsa. 8Oír do chúadar a dheisciobailsion don chathraigh do cheannach bígh.
9Ar a nadhbharsin a dubhairt an bhean Shamaritánach sin ris, Cionnas ar mbeith dhuitsí ad Iúdaighe, iárrus tú deoch oramsa, ata am mhnáoi Shamaritánaigh? Oír ní ghnáthuighid na Iúdaighe na Samaritánuigh. 10Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ría, Da mbeith fios tiodhluice Dé agad, agus cía hé an té a deir riot, Tabhair dhamh deoch; do iárrfása air, agus do bhéuradh se uisge béo dhuit. 11A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, ní bhfuil gléus tárronga agad, agus atá an tobar domhain: ar a nadhbharsin gá háit as a bhfuil an tuisge béo sin agad? 12An mó thusa ná ar nathair Iácob, tug dhúinne an tobarso, as ar íbh sé féin, agus a chlann, agus a áirnéis? 13Do fhreagair Iósa agus a dubhairt ría, Gidh bé neach íbheas as an uisge sin bíaidh tart air arís: 14Achd gidh bé neach íbheas as an uisge do bhéura misi dhó ní bhía tart air go bráth; achd an tuisge do bhéara me dhó bíaidh sé na thobar uisge fhiuchaigh ann chum na beatha marrthannuighe. 15A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, tabhair dhamhsa an tuisge sin, do chum nach bía tart oram, agus nach dtiocfa mé ann so dá tharraing. 16A dubhairt Iosa ría, Imthigh, goir thfear féin, agus tarr ann so. 17Do fhreagair an bhean agus a dubhairt sí ris, Ní bhfuil fear agam, A dubhairt Iósa ría, As maith a dubhairt tú, Ní bhfuil fear agam: 18Oír do bhádar cúigear fear agad; agus an té atá agad a nois, ní hé thfear féin é: a dubhairt tú so go fírinneach. 19A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, do chím gur fáidh thú. 20Do rinneadar ar naithre adhra ar a tsliábh so; agus a deirthisi, gur ab a Niarúsalém atá an tionad ann ar bhéigean adhra do dhéunamh.
21A dubhairt Iósa ría, A bhean, creid misi, tig an uáir, nach adharfuighe an Tathair, ar a tslíabhso, ná a Niárusalém. 22Adhraigh sibhse an ní nach fios díbh: adhramáoidne an ní as fios dúinn: oír as ó na Iúdaidhibh atá sláinte 23Achd tig an uáir, agus atá sí ann a nois, an tan adharfuidh an luchd adhra fírinneacha an Tathair a spiorad agus a bhfirinne: oír go deimhin iárruidh an tathair a leitheid so dá adhradh féin. 24Is Spiorad Día: agus an dream adhras é as éigin dóibh a adhra a spioraid agus a bhfírinne. 25A dubhair an bhean ris, Atá a fhios agam go dtiocfa an Messías, (ré a nabarthar Críósd:) an tan thiocfas sé foillséochuidh sé na huile neithe dhúinn. 26A dubhairt Iósa ría, As misi é labhrus riotsa.
27Agus fa namsin thangadar a dheisciobailsion, agus do biongnadh léo gur labhair sé ris an mnáoi: achd cheana ni dubhairt áoinneach, Créud iarrus tú? nó, Créud labhrus tú ría? 28Ar a nadhbharsin dfag an bhean a sóitheach uísge, agus do chúaidh sí don chathraigh, agus a dubhairt sí ris na daóinibh, 29Tigidh, féuchuidh an duine, a dubhairt riumsa gach éin ní dá ndearna mé ríamh: a né nach é so Críosd? 30Ar a nadhbharson do chuádar amach as an gcathraigh, agus tangadar chuigision.
31Agus diárradar a dheisciobail air fá a namsin ag rádh, A Mhaighisdir, ith bíadh. 32Agus a dubhairt seisean riu, Atá biadh agamsa ré na ithe nach bhfuil a fhios aguibhsi. 33A dubhradar a dheisciobail ré chéile, An dtug áoinneach chuige ní do íosadh sé? 34A dubhairt Iósa ríu, As é mó bhíadhsa toil an té do chuir úadh mé do dhéunamh, agus a obair do chríochnughadh. 35An é nach abartháoisi, go bhfuilid ceithre mhí fós, agus go dtiocfa an fóghmhar ann sin? féuch, a deirim ribh, Tóguidh súas bhur súile, agus féuchuidh na réghióin; óir atáid siad geal cheana chum a nfoghmhair. 36Agus an té bheannas glacaidh sé túarasdal, agus cruinnighe sé toradh chum na beatha marrthannuighe: ar chor go mbía an té shíolchuireas agus an té bheanus lúagháireach a néinnfheachd. 37Oír as ann so atá an radh úd firinneach, Go síolchuireann neach, agus go mbeanann neach eile. 38Do chuir misi sibhsi do bhúain an neithe nar sháothrabhair: do sháothraigheadar dáoine eile, agus do chúabhairisi a steach ann a sáothar.
39Agus do chreideadar mórán do Shamaritanachaibh na caithreacha sin ann san ar son chomhráidh na mná, noch do dhearbhuigh, Dubhairt sé leam gach ní dá ndearna mé. 40Ar a nadhbharsin an tan tangadar na Samaritanaigh chuige, díarradarair fuireach aca féin: agus do chomhnuigh sé dhá lá ann sin. 41Agus as ro mhó ná sin do chreid ann ar son a bhréithre féin. 42Agus a dubhradar ris an mnáoi, Ní ar son do chomhráidhse chreidmídne feasda: óir do chúalamar féin é, agus atá a fhios aguinn go fírinneach gur ab é so Críosd, Slánuightheóir an domhain.
43Agus tair éis dhá lá do chúaidh sé as sin, agus dimthigh sé don Ghalilé. 44Oír rug Iósa féin dfíadnuisi, nach bhfuil cion ar fháidh ánn a thír féin. 45Ar a nadhbharsin an tan tháinig sé do Ghalilé, do ghabhadar luchd na Galilé chuca é, íar bhfaicsin gach ní dá ndearna sé a Nierusalem lá an fhéusda: óir tangadarsan féin chum an fhéusda.
46Ar a nadhbharsin táinig Iósa a rís go Cána na Galilé, mar a ndéarnuidh sé fíon don uisge. Agus do bhí tighearna áirighe, a Gcápernáum agá raibh a mhac tinn. 47An tan do chúaluidh sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaighe don Ghalilé, do chuáidh sé amach chuige, agus díarr sé air dul síos, agus a mhac do shlánughadh: óir do bhí sé ré huchd bháis. 48Ar nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Muna bhfaicthí comharthuighe agus míorbhuile, ní chreidfidhe. 49A dubhairt an tighearna ris, A Mhaighisdir, éirigh síos suil do gheabhas mo mhac bás. 50A dubhairt Iósa ris, Imthigh romhad; mairidh do mhac. Agus do chreid an duine don fhocal a dubhairt Iósa ris, agus do imthidh sé. 51Agus ar ndul síos dó láthair, tárladar a shearbhfhoghantaidhe air, agus dinnsigheadar dho, ag rádh, Mairidh do mhac. 52Ar a nadhbharsin dfíafruigh sé dhíóbh an uáir fuáir sé fáoíseamh. Agus a dubhradarsan ris, A né air an seachdmhadh huair dfág an fiabhrus é. 53Ar a nadhbharsin do aithin an tathair gur bhé a nuáirsin féin, ann a ndubhairt Iósa ris, Mairidh do mhac: agus do chreid sé féin, agus a thigh uile. 54Ag so an dara comhartha do rinne Iósa a rís, an tan tháinig sé ó thír Iúdaighe don Ghalilé.
Currently Selected:
Eóin 4: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

: