YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 4

4
1Agus dʼfhill Íosa ón Iornán, agus é lán den Spiorad Naomh, agus bhí an Spiorad á stiúradh 2i rith daichead lá san fhásach, agus an diabhal ag cur cathuithe air. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta úd; agus is air a bhí an t‑ocras nuair a críochnaíodh iad. 3Is é a dúirt an diabhal leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh don chloch seo bheith ina harán.” 4Agus ba é freagra Íosa air, “Tá scríofa, ‘nach ar arán amháin a bheas an duine beo.’” 5Agus dʼardaigh an diabhal é, agus thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain i bhfaiteadh súile, 6go ndúirt leis, “Is duitse a thabharfaidh mé a gcumhacht siúd agus a nglóir siúd uile; mar is liom a taobhaíodh é agus a chead agam a bhronnadh ar mo rogha duine. 7Mar sin is leatsa é, ach tú adhradh agus ómós a thabhairt dom.” 8Agus dʼfhreagair Íosa é, “Tá sé scríofa,
‘Go dtabharfaidh tú adhradh do do Thiarna agus do do Dhia,
agus gan seirbhís a dhéanamh ach dósan amháin.’”
9Agus thug sé leis é gur thug sé go hIarúsailéim é, agus chuir sé é ar bheann an teampaill, go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos as sin thú féin; 10mar tá sé scríofa,
‘Cuirfidh sé do chúram ar a aingil, le bheith do do choimeád,’
11agus
‘Tógfaidh siad ar a mbosa thú,
ar eagla go mbuailfeá do chos in éadan cloiche.’”
12Agus dʼfhreagair Íosa é, agus dúirt sé, “Tá sé ráite, ‘nach gcuirfidh tú cathú ar do Thiarna agus ar do Dhia.’” 13Agus nuair a bhí críoch curtha ar a chathuithe uile ag an diabhal, dʼimigh sé uaidh go dtí go bhfaigheadh sé faill eile air.
14Agus dʼfhill Íosa go Galailí i gcumhachtaí an Spioraid, agus chuaigh a iomrá ar fud na dúiche a bhí i dtimpeall. 15Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta.
16Agus tháinig sé go Nasair, an áit ar tógadh é; agus chuaigh sé chun na sionagóige lá na sabóide mar ba nós leis. Agus dʼéirigh sé ina sheasamh a léamh; 17agus ba é leabhar an fháidh Ísáia a tugadh dó. Dʼoscail sé an leabhar go bhfuair sé an áit a raibh sé scríofa,
18“Tá Spiorad an Tiarna orm,
ós rud é gur ung sé mé le dea-scéal a fhoilsiú do na boicht.
Gur chuir sé uaidh mé le fuascailt a fhógairt do na braighdeanaigh
agus athghabháil amhairc do na daill,
lena bhfuil faoi ansmacht a scaoileadh,
19le bliain iniarrtha an Tiarna a fhorfhógairt.”
20Agus dhruid sé an leabhar, agus thug sé ar ais don fhreastalaí é, agus shuigh sé faoi; agus bhí a raibh sa tsionagóg ag díriú a súl air. 21Agus thosaigh sé ar a rá leo, “Is inniu a comhlíonadh an Scrioptúr seo in bhur n‑éisteacht.” 22Agus níl duine nach raibh an dea-fhocal aige faoi, agus nach ndearna iontas faoi na briathra grásúla a bhí ar a bhéal; agus dúirt siad, “Nach é mac Iósaif é seo?” 23Agus ar seisean leo, “Níl amhras nach luafaidh sibh an seanfhocal seo liom, ‘Leigheas thú féin, a lia úd’; agus sibh á iarraidh orm, ‘Déan anseo i do thír féin an rud a chualamar a rinne tú i gCaparnáum.’” 24Agus dúirt sé leo, “Is fíor an ní é a deirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina thír dhúchais féin. 25Ach i bhfírinne deirim libh, gurbh iomaí sin baintreach a bhí in Iosrael i laethanta Elía, nuair a bhí na neamha dúnta i rith trí bliana agus sé mhí, agus a tháinig gorta mór ar fud na tíre; 26ach ní chuig bean ar bith acu siúd a cuireadh Elía, ach chuig baintreach mná i Sarepad i dtír Shiodóin. 27Agus bʼiomaí sin lobhar a bhí in Iosrael in am an fháidh Elíseá; ach lobhar acu níor glanadh, ach Naaman an Síreach amháin.” 28Ní luaithe a chuala siad sin, ná chuaigh a raibh sa tsionagóg ar an daoraidh. 29Agus dʼéirigh siad ar an toirt á shá as an gcathair, agus thug leo é go bruach an chnoic ar ar tógadh a gcathair, lena chaitheamh síos i mullach a chinn. 30Ach ní dhearna sé ach siúl tríothu agus uathu.
31Agus chuaigh sé síos go Caparnáum, cathair de chathracha Ghalailí. Agus bhí sé á dteagasc ar an tsabóid; 32agus chuir a theagasc iontas orthu, mar bʼúdarásach a bhriathar. 33Agus bhí fear sa tsionagóg a raibh sprid deamhain neamhghlain ann; agus ghlaoigh sé in ard a chinn, 34“Ochón! Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Íosa Nasara? An dár milleadh a tháinig tú? Nach feasach dom cé tú féin, Neach naofa Dé.” 35Ach bhagair Íosa air, agus ar seisean, “Bí i do thost, agus tar amach!” Agus chaith an deamhan ar lár é i measc an tslua, agus tháinig sé amach as, gan dochar a dhéanamh dó. 36Agus bhí iontas agus uafás orthu uile go léir, agus dúirt siad le chéile, “Cad é an sórt briathair é seo? Mar ordaíonn sé go húdarásach cumhachtach do na spridí neamhghlana, agus tagann siad amach.” 37Agus chuaigh an t‑iomrá faoi amach i ngach uile áit sa cheantar thart timpeall.
38Agus dʼéirigh sé agus dʼfhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Anois bhí máthair chéile Shíomóin breoite agus ualach trom fiabhrais uirthi, agus chuir siad iarratas air ina taobh. 39Agus sheas sé os a cionn, agus bhagair sé ar an bhfiabhras, agus dʼfhág sé í; agus dʼéirigh sí ansin gan mhoill agus rinne freastal orthu.
40Anois nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, thug siad chuige a raibh breoite acu dʼaicídí ilchineálacha; agus leag sé a lámha ar an uile dhuine acu agus leigheas sé iad. 41Agus tháinig na deamhain amach as mórán acu, agus iad ag glaoch os ard, “Is tú Mac Dé!” Ach is amhlaidh a bhagair sé orthu agus níor lig dóibh labhairt, as siocair gur aithin siad gurbh é an Críost é.
42Agus nuair a bhí sé ina neart lae dʼimigh sé leis go ndeachaigh go háit fhásúil gan áitreabh. Agus chuaigh na daoine ar a lorg agus tháinig siad go dtí é, agus mian orthu gan ligean dó imeacht uathu; 43ach is é a dúirt sé leo, “Caithfidh mé dea-scéala ríocht Dé a fhoilsiú do na cathracha eile freisin; mar is le sin a dhéanamh a cuireadh chugaibh mé.” 44Agus bhí sé ag seanmóireacht i sionagóga Iúdaea.

Currently Selected:

Lúcás 4: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in