YouVersion Logo
Search Icon

Matha 1:18-19

Matha 1:18-19 OC1970

Is mar seo a tháinig Íosa Críost ar an saol. Nuair a bhí lámh is focal idir a mháthair Muire agus Iósaf, agus sula ndeachaigh sé chuici, fuarthas í agus an leanbh ina broinn ón Spiorad Naomh; agus ó bʼfhíréanta é a fear céile Iósaf, agus ó bhí leisce air a náiriú, bhí rún aige scaradh léi os íseal.