Matha 18
18
1Ba san am úd a tháinig na deisceabail chuig Íosa ag fiafraí de, “Cé is mó i ríocht neimhe?” 2Agus ghlaoigh sé leanbh chuige, agus chuir ina sheasamh ina lár é, 3agus dúirt sé, “Deirim go fírinneach libh, mura n‑iompaíonn sibh agus mura mbíonn sibh ar chiall na bpáistí, ní rachaidh sibh choíche isteach i ríocht neimhe. 4An té a íslíos é féin mar an leanbh seo, is é is mó céim i ríocht neimhe.
5“An té a ghlacas le haon leanbh mar seo i mʼainmse is liom a ghlacann sé; 6ach an té a thugas ábhar peaca dʼaon duine amháin den mhuintir bheag seo a chreideas ionam, bʼfhearr dó cloch mhór mhuilinn á crochadh faoina mhuineál agus a bhá i nduibheagán na farraige.
7“Is mairg don domhan faoi na cathuithe! Mar ní féidir nach dtiocfaidh na cathuithe, ach is mairg don duine a dtagann na cathuithe tríd! 8Agus más ábhar peaca duit do lámh nó do chos, gearr díot agus caith uait í; is fearr duit dul go tír na mbeo ar leathláimh nó ar leathchois ná bheith do do chaitheamh isteach sa tine shíoraí agus dhá láimh agus dhá chois ort. 9Agus más ábhar peaca duit do shúil pioc amach agus caith uait í; is fearr duit dul isteach go tír na mbeo ar aon súil ná do chaitheamh i dtinte ifrinn le dhá shúil i do cheann.
10“Tugaigí aire gan a bheag a dhéanamh dʼaon duine den mhuintir bheag seo; mar táim á insint daoibh go mbíonn a n‑aingil siúd i bhflaitheas Dé i gcónaí ag amharc ar ghnúis mʼAthar atá ar neamh.#18:10 Cuireann sean-údaráis eile v. 11 leis, Mar tháinig Mac an duine lena bhfuil ar seachrán a shlánú. 12Cad é bhur mbarúil? Má bhíonn fear ann agus céad caora aige, agus caora acu i ndiaidh dul ar seachrán, nach bhfágann sé an nócha is naoi gcaora ina dhiaidh, agus nach dtéann sé ag cuardach na caorach seachráin? 13Agus má fhaigheann sé í, go fírinneach insím daoibh gur mó a lúcháir fúithi ná a lúcháir faoina nócha a naoi nach ndeachaigh ar seachrán uaidh riamh. 14Mar sin ní toil le mʼAthair atá ar neamh go gcailltí aon duine den mhuintir bheag seo.
15“Má pheacaíonn do bhráthair i dʼaghaidh, gabh chuige agus inis a locht dó, gan aon duine ann ach amháin tusa agus eisean. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair gnóthaithe agat. 16Ach mura n‑éisteann sé leat, beir duine nó beirt eile maraon leat, ionas go ndaingnítear gach focal le fianaise beirte nó triúir. 17Má dhiúltaíonn sé éisteacht leosan, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn sé éisteacht leis an eaglais féin, bíódh sé agat mar Ghintlí nó mar bhailitheoir cánacha. 18Deirim go fírinneach libh, cibé a cheanglós sibh ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé a scaoilfeas sibh ar talamh, scaoilfear ar neamh é. 19Deirim libh arís, má thagann beirt agaibh ar aon intinn ar talamh faoi aon rud a iarrfas sibh, déanfaidh mʼAthair atá ar neamh dóibh é. 20Mar cibé áit a mbíonn beirt nó triúr cruinnithe i mʼainmse, bímse ansin ina measc siúd.”
21Ba ansin a tháinig Peadar aníos gur fhiafraigh de, “A Thiarna, cé mhéid uair a pheacós mo bhráthair i mʼaghaidh agus a mhaithfeas mé dó? An oiread le seacht n‑uaire?” 22Is é a dúirt losa leis, “Ní deirim leat seacht n‑uaire, ach seachtó faoi sheacht!
23“Dá bhrí sin féadtar ríocht neimhe a chur i gcosúlacht le rí a raibh mian air cuntas a iarraidh ar a sheirbhísigh. 24Nuair a thosaigh sé ar an gcuntasaíocht, tugadh fear chuige a raibh fiacha deich míle talann air. 25Agus ó nár fhéad sé a n‑íoc, dʼordaigh a thiarna go ndíoltaí é féin agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus na fiacha a íoc. 26Mar sin thit an seirbhíseach ar a ghlúine ag cur impí air, ‘A Thiarna, bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’ 27Agus de bharr na trua a bhí aige dó scaoil tiarna an tseirbhísigh úd é agus mhaith sé na fiacha dó. 28Ach nuair a bhí an seirbhíseach céanna ag imeacht, tharla sé ar dhuine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige air; agus rug sé ar sceadamán air agus ar seisean, ‘Íoc a bhfuil dʼfhiacha agam ort’ 29Dá bhrí sin thit a chomhsheirbhíseach síos gur chuir impí air, ‘Bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán.’ 30Agus dhiúltaigh seisean é agus dʼimigh leis gur chuir i bpríosún é go dtí go n‑íocfadh sé na fiacha. 31Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh cad é a tharla, bhí aiféala mór orthu, agus chuaigh siad gur thug siad faisnéis dá dtiarna ar ar tharla. 32Chuir a thiarna fios air ansin agus dúirt sé leis, ‘A sheirbhísigh mhallaithe! Mhaith mé na fiacha úd uile duit ar dʼimpí; 33agus nárbh é do cheart trócaire a bheith agat ar do chomhsheirbhíseach, mar an trócaire a bhí agam ort?’ 34Agus le méid a fheirge thug a thiarna i lámha na séiléirí é, go n‑íocfadh sé iomlán a fhiach. 35Is amhlaidh a dhéanfas mʼAthair neamhaí libhse, mura maitheann sibh, gach duine agaibh, dá bhráthair óna chroí.”
Currently Selected:
Matha 18: OC1970
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: