Marcas 10
10
1Agus dʼfhág sé an áit úd le dul go limistéar Iúdaea agus anonn thar abhainn an Iornáin, agus chruinnigh na sluaite chuige arís; agus é á dteagasc mar ba ghnách leis.
2Agus tháinig Fairiséigh, agus mar mhaithe le féachaint a chur air dʼfhiafraigh siad de, “An dleathach dʼfhear scaradh lena bhean?” 3Ba é a fhreagra orthu, “Cad é a dʼordaigh Maois daoibh?” 4Ar siadsan, “Lig Maois dʼfhear deimhniú scartha a scríobh, agus í a chur uaidh.” 5Ach dúirt Íosa leo, “Is mar gheall ar chruas bhur gcroíthe a scríobh sé an aithne sin daoibh. 6Ach ó chéad-tús na cruthaíochta, ‘rinne Dia iad fireann agus baineann.’ 7Ar an ábhar sin fágfaidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, 8agus beidh an dís ina n‑aon. Mar sin ní dís iad feasta ach aon. 9Mar sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh an duine ó chéile é.”
10Agus dʼfhiafraigh a dheisceabail de ina thaobh istigh sa teach. 11Agus dúirt sé leo, “An té a chuireas a bhean uaidh agus a phósas bean eile, bíonn peaca an adhaltranais air ina haghaidh sin; 12agus má chuireann sise a fear uaithi agus fear eile a phósadh, is ise is ciontach in adhaltranas ina aghaidhsean.”
13Agus bhíothas ag tabhairt leanaí óga chuige; agus fuair a dheisceabail locht ar an dream a thug chuige iad. 14Ach nuair a chonaic Íosa sin bhí fearg air agus dúirt sé leo, “Ligigí do na leanaí óga teacht chugamsa, ná cuirigí cosc leo; óir is lena samhail siúd ríocht na bhflaitheas. 15Is i bhfírinne a deirim libh, an té nach nglacann le ríocht na bhflaitheas ar nós linbh ní rachaidh sé isteach inti.” 16Agus rug sé barróg orthu agus bheannaigh sé iad, ag cur a lámh orthu.
17Agus é i bhfíorthús a aistir, rith fear aníos chuige agus chuaigh ar a ghlúine roimhe agus dʼfhiafraigh, “A Dhea-Oide, cad é sin a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a fháil mar oidhreacht?” 18Agus arsa Íosa leis, “Cad chuige dea-dhuine a thabhairt ormsa? An Dea-Dhia amháin is maith ann. 19Is feasach duit na haitheanta; ‘Ná dúnmharaigh, ná déan adhaltranas, ná déan goid, ná tabhair fianaise bhréige, ná déan calaois, tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair.’” 20Agus ar seisean leis, “A Oide, níl ceann acu seo nach bhfuil coinnithe agam ó mʼóige aníos.” 21Agus dʼfhéach Íosa air agus thug sé grá dó, agus dúirt sé leis, “Níl in easpa ort ach aon ní amháin; imigh leat, agus díol a bhfuil agat, agus roinn a luach leis na bochtáin, agus beidh éadáil agat ar neamh; agus tar agus lean mise.” 22Agus nuair a chuala sé an chaint sin tháinig athrú ar a dhreach, agus thug sé a chúl leis faoi bhrón; mar bhí saibhreas mór aige.
23Agus dʼfhéach Íosa ina thimpeall agus dúirt lena dheisceabail, “Cé chomh deacair leis, lucht an tsaibhris mhóir a mbealach a dhéanamh isteach i ríocht Dé!” 24Agus chuir na briathra seo aige iontas ar na deisceabail. Ach dúirt Íosa leo arís, “A leanaí liom, cé chomh deacair leis, dul isteach i ríocht Dé! 25Is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.” 26Agus bhí iontas agus alltacht orthu, agus ar siad leis, “Cé mar sin a shlánófar?” 27Dʼfhéach Íosa orthu agus dúirt sé, “Sin ní nach féidir leis na daoine, ach is féidir le Dia; mar níl ní nach féidir le Dia.” 28Thosaigh Peadar ar a rá leis, “Nár thréigeamar ár gcuid den saol agus nár leanamar thusa?” 29Dúirt Íosa, “Deirim libh i bhfírinne nach bhfuil duine dár thréig a theach nó a dheartháireacha nó a dheirfiúracha, nó a mháthair nó a athair nó a chlann nó a thailte, mar mhaithe liomsa agus leis an soiscéal, 30nach bhfaighidh an toradh céadach anois san am i láthair, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, agus géarleanúint leo, agus an bheatha shíoraí san aois atá le teacht. 31Ach is iomaí duine atá ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an duine deireannach is ar dtús a bheidh sé.”
32Agus bhí siad ar an mbóthar ag dul suas go hlarúsailéim, agus Íosa ag siúl amach rompu; agus bhí iontas orthu, agus eagla ar ar tháinig ina dhiaidh. Agus thug sé an dáréag i leataobh arís, gur thosaigh ar insint dóibh a raibh i ndán dó, 33á rá, “Féach, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air, agus tabharfaidh siad é do na Gintlithe; 34agus iad ag magadh faoi, agus ag caitheamh seilí air, agus á sciúrsáil, agus á chur chun báis; agus i ndiaidh trí lá éireoidh sé arís.”
35Agus tháinig Séamas agus Eoin, clann Shebidé, chun tosaigh chuige go ndúirt leis, “A Oide, táimid ag iarraidh ort cibé rud a impímid ort a dhéanamh dúinn.” 36Agus dúirt sé leo, “Cad é sin a ba mhaith libh mé a dhéanamh daoibh.” 37Agus dúirt siad leis, “Deonaigh dúinn suí leat, duine againn ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé, nuair a bheidh tú i do ghlóir.” 38Ach dúirt Íosa leo, “Ní thuigeann sibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libh an cupán a ólaim a ól, nó dul faoin mbaiste a mbaistear mise leis?” 39Agus dúirt siad leis, “Is féidir.” Agus dúirt Íosa leo, “An cupán seo a ólaim ólfaidh sibh é; agus an baiste a mbaistear mise leis, baistfear sibh leis; 40ach suí ar mo láimh dheas nó ar mo láimh chlé ní liomsa é le bronnadh uaim, ach is don dream ar ullmhaíodh dóibh é.” 41Agus nuair a chuala an deichniúr faoi sin, thosaigh siad ar ghlacadh feirge le Séamas agus le hEoin. 42Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an dream atá in ainm is a bheith i gceannas ar na Gintlithe agus conas a imríonn siad tiarnas orthu, agus conas a chuireann na fir mhóra a bhíonn acu faoina smacht iad. 43Ach ní hamhlaidh a bheidh sé eadraibh; ach an té ar mhaith leis bheith ina fhear mór eadraibh caithfidh sé bheith mar sheirbhíseach agaibh, 44agus cibé ar mhaith leis tús áite a bheith aige bíodh sé ina dhaor do chách. 45Mar níor tháinig Mac an duine le seirbhís a fháil ach le seirbhís a dhéanamh, agus lena anam a thabhairt mar éiric ar son mórán daoine.”
46Agus tháinig siad go hlericó; nuair a bhí sé ag imeacht as Iericó lena dheisceabail agus le mórshlua, bhí Bartiméas mac Thiméis, dall a bhíodh ag iarraidh déirce, ina shuí ar ghrua an bhóthair. 47Agus nuair a chuala sé go mba é Íosa as Nasair é, thosaigh sé ar ghlaoch in airde a chinn agus á rá, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.” 48Agus bʼiomaí duine a chuir locht air á rá leis bheith ina thost; ach is amhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.” 49Agus sheas Íosa agus dúirt sé, “Glaoigí air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall, á rá leis, “Bíodh croí agat, éirigh, tá sé ag glaoch ort.” 50Agus chaith sé a fhallaing uaidh agus léim sé ina shuí agus tháinig sé chuig Íosa. 51Agus dúirt Íosa leis, “Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Agus dúirt an dall leis, “A Mháistir, lig dom mo radharc a fháil.” 52Agus dúirt Íosa leis, “Imigh romhat; shlánaigh do chreideamh thú.” Agus ar an toirt sin fuair sé a radharc agus lean sé sa bhealach é.
Currently Selected:
Marcas 10: OC1970
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: