1
Maitiú 16:24
Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.
Compara
Explorar Maitiú 16:24
2
Maitiú 16:18
Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi.
Explorar Maitiú 16:18
3
Maitiú 16:19
Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais.
Explorar Maitiú 16:19
4
Maitiú 16:25
Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é.
Explorar Maitiú 16:25
5
Maitiú 16:26
Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin?
Explorar Maitiú 16:26
6
Maitiú 16:15-16
Agus dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h-é mé? Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí.
Explorar Maitiú 16:15-16
7
Maitiú 16:17
Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.
Explorar Maitiú 16:17
Inici
La Bíblia
Plans
Vídeos