Agus nuair do ċonnaic Íosa a ṁáṫair, agus an deisceabal ab ionṁain leis ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a h‐aice, aduḃairt sé le n‐a ṁáṫair, A ḃean, sin é do ṁac! Annsin aduḃairt sé leis an deisceabal, Is ise do ṁáṫair! Agus ó’n uair sin amaċ ṫug an deisceabal ċum a ṫeaġlaiġ féin í.