Annsin, nuair do ḃí iṫte aca, aduḃairt Íosa le Peadar, A Ṡíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Aduḃairt seisean leis, Is eaḋ, a Ṫiġearna is eol duit gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt sé leis, Beaṫuiġ m’uain. Aduḃairt sé arís leis an dara h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ḃfuil gráḋ agat dom? Aduḃairt seisean leis, Atá, a Ṫiġearna: atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt sé leis, Bí id’ aoḋaire dom’ ċaoiriḃ. Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.