1
Eoin 8:12
An Bíobla Naofa 1981
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
Compara
Explorar Eoin 8:12
2
Eoin 8:32
agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.”
Explorar Eoin 8:32
3
Eoin 8:31
Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre
Explorar Eoin 8:31
4
Eoin 8:36
Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin beidh sibh saor dáiríre.
Explorar Eoin 8:36
5
Eoin 8:7
Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d'éirigh sé suas agus dúirt leo: “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.”
Explorar Eoin 8:7
6
Eoin 8:34
“Amen, Amen, a deirim libh, gach duine a dhéanann peaca, tá sé in a dhaor ag an bpeaca.
Explorar Eoin 8:34
7
Eoin 8:10-11
D'éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?” “Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”]
Explorar Eoin 8:10-11
Inici
La Bíblia
Plans
Vídeos