Eoin 14
14
1Ná bíoḋ buaiḋirt croiḋe oraiḃ; creidiḋ i nDia, creidiḋ ionnam‐sa mar an gcéadna. 2Is iomḋa árus i dteaġlaċ m’Aṫar; muna mar sin do ḃí, adéarfainn liḃ é; óir atáim ag dul le áit do ċur i n‐áiriṫe ḋaoiḃ. 3Agus má imṫiġim le áit do ċur i n‐áiriṫe ḋaoiḃ, fillfead agus glacfad ċugam féin siḃ; ċum go mbéiḋ siḃ‐se mar a mbéiḋead‐sa, leis. 4Agus an áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, atá eolas an ḃealaiġ agaiḃ‐se. 5Aduḃairt Tomás leis, A Ṫiġearna, ní h‐eol dúinn cá ḃfuilir ag dul; cionnas atá eolas an ḃealaiġ againne? 6Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa. 7Dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, d’aiṫneoċaḋ siḃ an t‐Aṫair, ċóṁ maiṫ: is aiṫnid daoiḃ anois é, agus do ċonnacaḃar é. 8Aduḃairt Pilib leis, A Ṫiġearna, taisbeán dúinn an t‐Aṫair, agus is leor dúinn sin. 9Aduḃairt Íosa leis, An ḃfuilim an ḟaid sin ’n‐ḃúr measc, agus gan aiṫne agat orm, a Ṗilib? an té do ċonnaic mise, do ċonnaic sé an t‐Aṫair; cionnas adeir tusa, Taisbeán an t‐Aṫair ḋúinn? 10Naċ gcreideann tú go ḃfuilim‐se san Aṫair, agus go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa? na briaṫra adeirim liḃ, ní h‐uaim féin laḃraim iad; aċt an t‐Aṫair atá ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnam, is é oibriġeas. 11Creidiḋ uaim go ḃfuilim‐se san Aṫair, agus go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa: nó, an ċuid is luġa ḋe, creidiḋ mé mar ġeall ar na h‐oibreaċaiḃ féin. 12Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar. 13Agus cibé niḋ iarrfas siḃ im’ ainm‐se, déanfad é, ċum go nglóireoċar an t‐Aṫair san Mac. 14Má iarrann siḃ niḋ ar biṫ im’ ainm‐se, déanfad é. 15Má tá gráḋ agaiḃ dom, coiṁéadfaiḋ siḃ m’aiṫeanta. 16Agus cuirfead‐sa aṫċuinġe ar an Aṫair, agus do‐ḃéarfaiḋ sé Sólásaiḋe eile ḋaoiḃ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃúr ḃfoċair go deoiḋ, Spiorad na fírinne: 17naċ ḃféadann an saoġal a ġlacaḋ; óir ní ḟeiceann ná ní aiṫniġeann sé é: aiṫniġeann siḃ‐se é; óir fanann sé agaiḃ, agus béiḋ se ionnaiḃ. 18Ní ḟágfad ’n‐ḃúr ndílleaċtaiḃ siḃ; tiocfad ċugaiḃ. 19Tamall beag eile, agus ní ḟeicfiḋ an saoġal mé feasta; aċt do‐ċífiḋ siḃ‐se mé: óir átáim beo, agus béiḋ siḃ‐se beo mar an gcéadna. 20Béiḋ a ḟios agaiḃ an lá sin go ḃfuilimse im’ Aṫair, agus go ḃfuil siḃ‐se ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se. 21An té go ḃfuil m’aiṫeanta aige, agus ċóiṁlíonas iad, is é sin an té go ḃfuil gráḋ aige ḋom: agus an té go ḃfuil gráḋ aige ḋaṁ‐sa, béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó‐san, agus béiḋ gráḋ agam‐sa ḋó, agus foillseoċad mé féin dó. 22Aduḃairt Iúdás (níorḃ é Iscariót é) leis, A Ṫiġearna, cad fá ndeara gur dúinne ḟoillseoċair ṫú féin, agus naċ do’n tsaoġal é? 23D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Má tá gráḋ ag duine ḋom, ċoiṁéadfaiḋ sé mo ḃriaṫar: agus béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó, agus tiocfaimíd ċuige, agus déanfaimíd cóṁnaiḋe ’n‐a ḟoċair. 24An té naċ ḃfuil gráḋ aige ḋom, ní ċoiṁéadann sé mo ḃriaṫra: agus an briaṫar do‐ċluin siḃ, ní h‐é mo ḃriaṫar‐sa é, aċt briaṫar an Aṫar do ċuir uaiḋ mé.
25Do laḃras an méid sin liḃ, agus mé im’ ċóṁnaiḋe ’n‐ḃúr ḃfoċair. 26Aċt an Sólásaiḋe, an Spiorad Naoṁ, ċuirfeas an t‐Aṫair uaiḋ im’ ainm‐se, múinfiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne ḋaoiḃ gaċ a nduḃras liḃ. 27Fágaim síoṫċáin agaiḃ; do‐ḃeirim mo ṡíoṫċáin daoiḃ: ní mar do‐ḃeir an saoġal, do‐ḃeirim‐se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaiḋirt ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla air. 28Do‐ċualaḃar mé g‐á ráḋ liḃ, Atáim ag imṫeaċt agus atáim ag filleaḋ ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ dom, do ḃéaḋ áṫas oraiḃ, toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar: óir is mó an t‐Aṫair ’ná mise. 29Agus anois atá sé inniste agam daoiḃ roiṁ ré, ċum go gcreidfeaḋ siḃ nuair ṫiocfas sé ċum críċe. 30Ní laḃarfad mórán eile liḃ, óir atá prionnsa an tsaoġail seo ag teaċt: agus ní ḟuil baint ar biṫ aige liom‐sa; 31aċt ċum go n‐aiṫneoċaḋ an saoġal go ḃfuil gráḋ agam do’n Aṫair, agus gur de réir mar d’órduiġ an t‐Aṫair ḋom do‐ġním. Éiriġiḋ, imṫiġmís as so.
S'ha seleccionat:
Eoin 14: JOYNTG
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: