Eoin 2
2
1Agus an tríoṁaḋ lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí bainis i gCána na Galilé; agus ḃí máṫair Íosa ann: 2agus fuair Íosa agus a ḋeisceabail cuireaḋ ċum na bainse. 3Agus nuair d’éiriġ an fíon gann, aduḃairt máṫair Íosa leis, Ní ḟuil fíon aca. 4Agus aduḃairt Íosa léi, Caidé sin duit‐se nó daṁ‐sa, a ḃean? ní ṫáinig m’uair‐se go fóill. 5Aduḃairt a ṁáṫair leis na seirḃíseaċaiḃ, Cibé rud adeir sé liḃ, déanaiḋ é. 6Agus do ḃí sé soiṫiġ cloiċe, do cuireaḋ ann de réir reaċta glantóireaċta na nIúdaċ, agus lán a dó nó a trí d’ḟeircíniḃ ins gaċ soiṫeaċ díoḃ. 7Aduḃairt Íosa leo, Líonaiḋ na soiṫiġ d’uisce. Agus do líonadar go béal iad. 8Agus aduḃairt sé leo, Taoscaiḋ anois, agus beiriḋ ċum uaċtaráin na fleiḋe é. Agus rugadar. 9Agus nuair do ḃlais uaċtarán na fleiḋe an t‐uisce ’n‐a ḟíon, agus gan a ḟios aige cad as é (aċt do ḃí a ḟios ag na seirḃíseaċaiḃ do ṫarraing an t‐uisce), do ġlaoḋ uaċtarán na fleiḋe ar an ḃfear nua‐ṗósta, 10agus aduḃairt sé leis, Cuireann gaċ uile ḋuine an fíon maiṫ ar bórd ar dtús; agus nuair ḃíos cuid ṁaiṫ ḋe olta, an fíon is measa, aċt do ċoiṁéadais‐se an fíon maiṫ go dtí anois. 11Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.
12I n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ sé síos go Cafarnaúm, é féin, agus a ṁáṫair, agus a ḃráiṫre, agus a ḋeisceabail: aċt níor ḟanadar annsin aċt beagán laeṫe.
13Agus do ḃí cáisc na nIúdaċ i ḃfogas, agus do ċuaiḋ Íosa suas go h‐Iarúsalem. 14Agus fuair sé sa teampall luċt díolta daṁ agus caoraċ agus colm, agus luċt malarta an airgid ’n‐a suiḋe ann. 15Agus do‐rinne sé sciúirse de ṫéadaiḃ, agus do ruaig sé as an teampall amaċ iad uile, agus na caoiriġ agus na daiṁ; agus do scaip sé airgead na malartóir, agus do leag sé a mbúird; 16agus aduḃairt sé le luċt díolta na gcolm, Tógaiḋ na neiṫe sin as so; ná biḋiḋ ag déanaṁ tiġe ceannaiḋeaċta de ṫiġ m’Aṫar. 17Do ċuiṁniġ a ḋeisceabail ar a raiḃ scríoḃṫa, Sloigfiḋ díoġrais dod’ ṫiġ mé. 18Agus d’ḟreagair na h‐Iúdaiġ agus aduḃradar leis, Caidé an cóṁarṫa ṫaisbeánas tú ḋúinn fá n‐a ndéanann tú na neiṫe seo? 19D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Leagaiḋ ar lár an teampall so, agus i gcionn trí lá tógfad‐sa é. 20Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ, Sé bliaḋna agus dá ḟiċid do ḃí an teampall so d’á ṫógáil, agus an gcuirfiḋ tusa suas é i gcionn trí lá? 21Aċt is do ṫeampall a ċuirp féin do ḃí sé ag tagairt. 22D’á ḃriġ sin, nuair d’éiriġ sé ó na marḃaiḃ, do ċuiṁniġ a ḋeisceabail gur laḃair sé mar sin; agus do ċreideadar an scrioptúir agus an briaṫar aduḃairt Íosa.
23Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do ċreid móran ’n‐a ainm, ó do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé. 24Aċt ní ḋeaċaiḋ Íosa ’n‐a n‐iontaoiḃ, toisc go raiḃ eolas aige ar gaċ uile ḋuine, 25agus nár ṫeastuiġ uaiḋ teist ar an duine d’ḟáġáil ó aoinneaċ; óir do b’eol dó féin créad do ḃí sa duine.
S'ha seleccionat:
Eoin 2: JOYNTG
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: