Eoin 4
4
1Agus nuair do ḃí a ḟios ag an Tiġearna go gcuala na Fairisíniġ go raiḃ deisceabail d’á ndéanaṁ agus d’á mbaisteaḋ aige de ḃreis ar Eoin 2(b oḋ nárḃ é Íosa féin do ḃí ag baisteaḋ, aċt a ḋeisceabail), 3d’ḟág sé Iúdaea, agus d’imṫiġ sé arís go dtí an Ġalilé. 4Agus níor ṁór dó gaḃáil tré Ṡamária. 5Agus táinig sé go caṫair i Samária ar a dtugtar Suċar, láiṁ leis an ḃfearann ṫug Iácób d’á ṁac Seosaṁ: 6agus is ann do ḃí tobar Iácóib. Agus, ó ḃí Íosa corṫa ó’n aistear, do ṡuiḋ sé síos le h‐ais an tobair. Do ḃí sé timċeall na séṁaḋ h‐uaire. 7Ṫáinig bean ó Ṡamária ċum uisce do ṫarraing: aduḃairt Íosa léi, Taḃair ḋom le n’ól. 8Óir ḃí na deisceabail imṫiġṫe isteaċ sa gcaṫair ag ceannaċ biḋ. 9Agus aduḃairt an ḃean Ṡamáritánaċ leis, Cad ċuige ḋuit‐se ḃeiṫ ag iarraiḋ diġe orm‐sa, ar ṁnaoi Ṡamáritánaiġ? (Óir ní ḃíonn aon ċaidreaṁ idir na h‐Iúdaiġ agus na Samáritánaiġ). 10D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé léi, Dá mb’ eol duit taḃartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á ráḋ leat, Taḃair ḋom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐ḃéarfaḋ sé uisce beo ḋuit. 11Aduḃairt an ḃean leis, A ḋuine uasail, ní ḟuil aon niḋ agat ċum uisce do ṫarraing, agus atá an tobar doiṁin: cad as, mar sin, a ḃfuil an t‐uisce beo sin agat? 12An mó tusa ’ná ár n‐aṫair Iácób ṫug dúinn an tobar, agus d’ól as, mar aon le n‐a ċlainn agus le n‐a áirnéis. 13D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé léi, Cibé duine ólas an t‐uisce seo béiḋ tart air arís: 14aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe. 15Aduḃairt an ḃean leis, A ḋuine uasail, taḃair ḋom‐sa an t‐uisce sin, ċum naċ mbéiḋ tart orm arís, agus naċ mbéiḋ orm teaċt annso ag tarraing. 16Aduḃairt Íosa léi, Imṫiġ, ġlaoḋ ar t’ḟear, agus fill annso. 17D’ḟreagair an ḃean, Ní ḟuil fear agam, Aduḃairt Íosa lei, Is maiṫ aduḃrais, Ní ḟuil fear agam, óir do ḃí cúigear fear agat; 18agus an té atá agat fá láṫair ní h‐é t’ḟear é: do b’ḟíor an focal aduḃrais. 19Aduḃairt an ḃean leis, A ḋuine uasail, do‐ċím gur fáiḋ ṫú. 20Do‐rinne ár sinnsear aḋraḋ ar an sliaḃ seo, aċt adeir siḃ‐se gur i nIarúsalem atá an áit ’n‐ar ċeart dúinn aḋraḋ do ḋéanaṁ. 21Aduḃairt Íosa léi, Creid uaim‐se é, a ḃean, go ḃfuil an t‐am ag teaċt naċ ar an sliaḃ seo ná i nIarúsalem, aḋarfas siḃ an t‐Aṫair. 22Aḋrann siḃ‐se an niḋ naċ eol daoiḃ; aḋraimíd‐ne an niḋ is eol dúinn: óir is ó na h‐Iúdaiġ atá an slánú. 23Aċt atá an uair ag teaċt, agus atá sí ann ċeana féin, ’n‐a n‐aḋarfaiḋ na fíor‐aḋarṫóirí an t‐Aṫair i spioraid agus i ḃfírinne: óir is iad sin na h‐aḋarṫóirí ṫeastuiġeas ó’n Aṫair. 24Spiorad is eaḋ Dia: agus na daoine aḋras é, ní mór dóiḃ a aḋraḋ i spioraid agus i ḃfírinne. 25Aduḃairt an ḃean leis, Atá a ḟios agam go ḃfuil an Messias ag teaċt (an té ar a dtugtar Críost): nuair ṫiocfas seisean, inneosaiḋ sé gaċ uile niḋ ḋúinn. 26Aduḃairt Íosa léi, Is mise é, atá ag laḃairt leat.
27Le n‐a linn sin ṫáinig a ḋeisceabail; agus ba iongnaḋ leo é ḃeiṫ ag laḃairt le mnaoi; aċt ċeana ní ḋuḃairt duine aca, Créad atá uait? nó, Cad ċuige a ḃfuil tú ag laḃairt léi? 28Agus d’ḟág an ḃean a soiṫeaċ ’n‐a diaiḋ, agus do ċuaiḋ sí isteaċ sa gcaṫair, agus aduḃairt sí leis na fearaiḃ, 29Tagaiḋ go ḃfeiciḋ siḃ fear d’innis daṁ‐sa gaċ a ndearnas riaṁ: an féidir gurb é an Críost é? 30D’imṫiġeadar amaċ as an gcaṫair, agus do ḃíodar ag teaċt ċuige. 31I riṫ an ama do ḃí na deisceabail ag taṫant air, g‐á raḋ, A Rabbí, bí ag iṫe. 32Aduḃairt Íosa leo, Atá biaḋ naċ eol daoiḃ le n’iṫe agam. 33Annsin aduḃairt na deisceabail eadorṫa féin, An féidir go dtug aoinneaċ rud le n’iṫe ċuige? 34Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ. 35Naċ é rud adeir siḃ, Ceiṫre mí go fóill, agus béiḋ an fóġṁar ann? féaċ, adeirim liḃ, Árduiġiḋ ḃúr súile, agus féaċaiḋ ar na gortaiḃ atá geal ċeana féin i gcóṁair an ḟóġṁair. 36An té ḃaineas do‐ġeiḃ sé tuarastal, agus cnuasann sé toraḋ le h‐aġaiḋ na beaṫaḋ síorraiḋe; ċum go mbéiḋ áṫas ar an síoladóir agus ar an mbuanaiḋe i n‐éinḟeaċt. 37Óir is fíor an sean‐ḟocal, Cuireann duine síol, agus baineann duine eile. 38Do ċuireas‐sa siḃ‐se ag baint an ḟóġṁair nár ṡaoṫruiġ siḃ: do ṡaoṫruiġ daoine eile, agus tá toraḋ a saoṫair agaiḃ‐se.
39Agus do ċreid mórán de Ṡamáritánaċaiḃ na caṫraċ sin ann, mar ġeall ar ḟocal na mná ṫug an ḟiaḋnaise, D’innis sé ḋom gaċ a ndearnas riaṁ. 40Ar an aḋḃar sin, nuair ṫáinig na Samáritánaiġ ċuige, d’impiḋeadar air fanaṁain aca; agus d’ḟan sé annsin ḋá lá. 41Agus do ċreid mórán eile aca mar ġeall ar a ḃriaṫraiḃ féin; 42agus aduḃradar leis an mnaoi, Ní mar ġeall ar do ċainnt‐se ċreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a ḟios againn gurb é Slánuiġṫeoir an tsaoġail é go fíor.
43Agus tar éis an dá lá d’imṫiġ sé as an áit sin, isteaċ sa nGalilé. 44Óir ṫug Íosa féin fiaḋnaise naċ mbíonn meas ar ḟáiḋ ’n‐a ḋúṫaiġ féin. 45Agus nuair do ṡroiċ sé an Ġalilé, d’ḟáiltiġ na Galiléanaiġ roiṁe, óir do ċonnacadar gaċ a ndearna sé i nIarúsalem le linn na féile: óir do ċuadar féin ċum na féile.
46Ṫáinig sé, mar sin, arís go Cána, mar a ndearna sé fíon de’n uisce. Agus do ḃí duine uasal de luċt an ríoġ ann, go raiḃ a ṁac breoite i gCafarnaúm. 47Nuair do‐ċuala seisean go raiḃ Íosa tagṫa as Iúdaea isteaċ sa nGalilé, do ċuaiḋ sé ċuige, agus d’iarr sé d’aṫċuinġe air dul síos, agus a ṁac do leiġeas; óir do ḃí sé i rioċtaiḃ báis. 48Agus aduḃairt Íosa leis, Muna ḃfeiciḋ siḃ cóṁarṫaí agus iongantais, ní ċreidfiḋ siḃ. 49Aduḃairt an duine uasal leis, A ḋuine uasail, tar anuas sara ḃfaiġiḋ mo ṁac bás. 50Aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ leat; atá do ṁac beo. Do ċreid an fear an focal aduḃairt Íosa leis, agus d’imṫiġ sé ar a ḃealaċ. 51Agus sa tsliġe ḋó ag gaḃáil síos, ṫáinig a ṡeirḃísiġ ’n‐a ċoinne, g‐á ráḋ go raiḃ a ṁac ’n‐a ḃeaṫaiḋ. 52D’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ annsin cia an uair ṫáinig biseaċ air. Agus duḃradar leis, Indé, ar an seaċtṁaḋ h‐uair d’imṫiġ an fiaḃras de. 53Do ḃí a ḟios ag an aṫair annsin gur le linn na h‐uaire sin aduḃairt Íosa leis, Atá do ṁac beo: agus do ċreid sé féin agus a líon tiġe uile. 54Ba í sin arís an dara míorḃail do‐rinne Íosa tar a éis dó teaċt ó Iúdaea isteaċ sa nGalilé.
S'ha seleccionat:
Eoin 4: JOYNTG
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: