Exodus 3
3
Caibidil III.
An dos ag lasaḋ gan ċaiṫeaṁ. 10 Ġoir Día Maoisi. 16 Agus ċúir teaċdaireaċd leis.
1Anois do ḃí Máoisi ag cuṁdaċ ċáoraċ Iéṫro a ċlíaṁuin, Sagart Ṁídian: agus do ṫeioruiġ an Treud go taoiḃ cúil na bfasaiġ, agus táinic go slíaḃ Dé, eaḋon go Hóreb.
2Agus táinic aingeal an TIĠEARNA ċuige a lasair ṫeineaḋ amaċ as lár craóiḃe: agus daṁairc seision, agus, féaċ, do ḃí an ċráoḃ tré lasaḋ ó ṫeineiḋ, agus níor loisgeaḋ an ċráoḃ.
3Agus a duḃairt Máoisi, Fillfiḋ mé a nois a leaṫtáoiḃ, agus féuċfá mé ar an raḋarc mórsa, cred fá naċ loisgear an ċraoḃ.
4Agus a nuáir do ċonnairc an TIĠEARNA gur ḟill sé a leaṫtaoiḃ dá ḟaicsin sin, do ġoir Día air amaċ as lár na cráoiḃe, agus a duḃairt, A Ṁaoisi, a Ṁaoisi. Agus a duḃairt seision, Atáim annso.
5Agus a duḃairt seision, Ná tárr a ḃfogus annso: cuir ḋóit do ḃróga dod ċosuiḃ, óir a náit ar a ḃfuil tú ad ṡeasaṁ, is talaṁ naoṁṫa é.
6A duḃairt sé ós a ċionn sin fós, Is misi Día haṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do ḟoluiġ Máoisi a aġuiḋ; óir dob eagal leis féacuin ar Ḋía.
7Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Is deiṁin go ḃfaca misi scíursa mo ṗobuil, noċ atá sa Négipt, agus do ċúala mé a néiġṁe, do bríġ a maiġistreaḋ tascuiḋ: óir atá fiós a ndoilġis agam.
8Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.
9A nois uime sin, feuċ, tangadur coṁairc ċloinne Israel ċugamsa: agus do ċonnuirc mé mar an gcéadna an fóirneart léar ḃruiġeadar na Hégiptiġ íad.
10Tárr a nois uime sin, agus cuirfe misi dionnsuiġe Ṗárao ṫú, ionnus go ttiuḃra tú mo ṗobal, clann Israel, amaċ as a Négipt.
11Agus a duḃairt Maóisi ré Día, Cía misi, as a raċuinn go Ṗárao, agus as a tiuḃruinn clann Israel amaċ as a Négipt?
12Agus a duḃairt sesion, Go deiṁin biáiḋ misi leaċd; agus biáiḋ so mar ċoṁarṫa agad, gur ċuir misi ann tú: A nuáir do ḃéura tú an pobal amaċ as a Négipt, do ḋéantaoi serḃís do Ḋía ar a tsliaḃsa:
13Agus a duḃairt Maóisi ré Día, Féuċ a nuair ṫiocfas misi a ccionn ċloinne Israel, agus a déura mé ríu, Do ċuir Día ḃur naiṫreaḋ ċuguiḃ mé; agus a déaruidsion riomsa; Cá hainm atá air? créad a déura misi ann sin ríu?
14Agus a duḃairt Día ré Maoisi: AS ME AN TI AS ME: agus a duḃairt sé marso a déura tú ré clannuiḃ Israel, ATA MISI, do ċuir ċuguiḃ mé.
15Agus a duḃairt Día ós a ċionn so ré Maóisi, Déura tú re clannuiḃ Israel: An TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob, do ċúir misi ċuguiḃ: sé so mainm go bráṫ, agus sé so mo ċuiṁneaċán do nuile ġeinealaċ.
16Eiriġ, agus cruinniġ sinnsir Israel a ḃfoċair a ċeile, agus abair ríu: Do ḟoillsiġ an TIĠEARNA, Día ḃur naiṫreaḋ, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iacob, é fein daṁsa ag ráḋ, Ṫáinic mé go deiṁin dá ḃur ḃfiosrúġaḋ, agus do ċonnairc mé, an ní do rinneaḋ riḃ sa Négipt.
17Agus a duḃairt mé, Béura mé súas siḃ as buaiḋreaḋ na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteaċ, agus na Hitíteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Niḃíteaċ, agus na Iebusíteaċ; go tír do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala.
18Agus uṁloċuiḋ síadsan dod ġlór: agus tiucfa tusa, agus sinnsir Israel a cceann ríġ na Hégipte, agus déura tú ris; Tárla an TIĠEARNA Día na Neaḃruiḋeaċ rinn: agus a nois iarrmaoid daṫċuinge ort, leig ḋúinn dul aistior ṫrí lá san ḃfásaċ, go ndeárnamáois ioḋbairt don TIĠEARNA ar Ndía.
19Agus atá a ḟios agumsa naċ léigfiḋ rí ná Hégipte ḋaóiḃ imṫeaċd, agus ní léigfiḋ aċd lé láiṁ láidir:
20Agus sínfe misi mo laṁ amaċ, agus buáilfe mé a Négipt leam uile iongántuiḃ, noċ do ḋéana mé ann a lár, agus na ḋiáiġ sin léigfiḋ sé ḋaóíḃ imṫeaċd.
21Agus do ḃéura misi do na daóiniḃsi cairdeasa a ḃfiaġnuisi na Négipteaċ, agus tiucfa ḋe a nuáir imeoċṫaoi, naċ foluṁ imeoċṫaoí.
22Aċ béuruiḋ gaċ éinḃean áirleagaḋ ó na coṁarsain, agus ón ṁnaói ḃías ar cuáirt na tiġ, seóid airgid, agus seóid óir, agus éaduiġe; agus cuirfíḋe íad ar ḃur macuiḃ, agus ar ḃur ninġeanuiḃ, agus creaċfuiġe na Hégiptiġ.
S'ha seleccionat:
Exodus 3: BedellG
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.