21
Caibidil XXI
Mile chlúthach na baintreabhaigh, 6 Sgrios Ierusalem, 25 agus deireadh an Domahin.
1Agus ag féuchain dó, do chunnairc sé na dáoine saidhbhre ag cur a dtiodhreadh a náit coimhéuda an chisde. 2Agus do chunnairc sé fós baintreabh bochd áirighe ag cur dhá leith fheóir ann. 3Agus a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, gur ab mó do chuir an bhainibhach bhochdsa ann cách uile: 4Oir is do niomarcuidh atá aca, thugheadar so uile tiodhlaice do Dhía: achd do chuir sisi da bochdachd féin a beatha uile ann.
5Agus a dubhairt sé ré druing áirigh, do bhi ag labhairt ar an dteampall, tré go raibh sé ar na dheaghmhaisiughadh do chlochaibh áille agus do thiodhluicthibh, 6Iádson do chíthise, tiocfuid láethe ann, nách bhfuigfighthear cloch air chloich dhíobh, nach sgáoilfighthear ó chéile, 7Agus dfíafruigheadar dhe, ag rádh, A Mhaighisdir, cía a núair bhéid na neithesi? agus créd é an comhthartha bhías ann an tan do dhéantar íad so? 8Achd a dúbhairt seision, Féachaidh nach meallfuighthear sibh: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag rádh, Is misi é; agus do dhruid a naimsir linn: ar a nadhbharsin ná leanuidh íad. 9Agus an tan do chluinfidhe cogtha agus búaidheartha, ná bíodh eagla oruibh: óir is éigin íad so do theachd air tús; achd ní deireadh é fós.
10A dubhairt sé ríu an tansin, Eireochaidh cineadh a naghuidh cinidh, agus rioghachd a naghaidh rioghachda: 11Agus béid creatha móra talmhan a mórán dáitibh, agus gorta, agus plágha; agus neithe uathbhásacha agus comharthuighe móra ó neamh. 12Achd rompa so uile, cuirfid síad lámha ionnuibhsi, agus gérleanfaid sibh, dá bhar dtabhairt do na coimhthionolaibh, agus do na príosúnuibh, da bhur mbreith chum righthe agus chum úachdarán ar son manmasa. 13Achd teigeamhuidh so dháoibhse mar fhíadhnuisi. 14Ar a nadhbharsin daingnidhidh ann bhar gcroidhthibh, gan a smúaintiughadh roimhe láimh cionnas do fhreagóradh sibh an bhar son fein: 15Oír do bheara misi béul dáoibh agus eagna, nach budh héidir lé bhur neasgcáirdidh uile labhairt ná cur na haghuidh.
16Agus braithfidhthear sibh fós ó bhar naithreachaibh agus ó bhar maithreachaibh, agus ó bhar ndearbhráithreachaibh, agus ó bhar ngáoltuibh, agus ó bhar gcáirdibh; agus do bhéaruid fá deara cuidh dhibh do chur chum báis. 17Agus biaídh fuáth ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmasa. 18Achd ni racha rúainne do ghruaig bhar gcinn a múgha. 19Sealbhuighidh bhar nanmanna féin lé bhar bhfoighid.
20Agus an tan do chífí Iérusalem ar na timchealladh ó shlúaghuibh, bíodh a fhios aguibh an tansin gur ab fogas a fásughadh. 21An sin an dream bhías a ttír Iúdáighe teitheadh síad fá na sléibhtibh; agus an luchd bhías ann a lar, imthigheadh síad aisde; agus an dream bhías ar na machairidhibh ná héirgheadh síad a sdeach innte. 22Oír a síad so láeithe an dioghaltuis, ionnus go gcoimhlionfuidhthe na huile neithe atá sgríobhtha. 23Agus budh trúagh do ná mnáibh bhías torrach, agus ag oileamhuinn ann sna láethibh úd! oír bíaidh riachdanas romhór ann sa dúithche, agus fearg ris an bpobalsa. 24Agus tuitfid lé faobhar an chloidhimh, agus béarthar a mbraighdeanas íad chum na nuile chinidheach: agus bhíadh Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineadhachaibh, nó go gcoimhlíontar aimsearacha na Geinidheach.
25Agus béid comharthuighe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuigh, agus ann sna réultannuibh: agus combrúghadh na gcinidheach ar an dtalamh, tré úathbhás; ag buirfigh don fhairge agus do na tonnuibh; 26Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: oír croithathear cumhachda neimhe. 27Agus ann sin do chifid Mac an duine ag teachd a néull maille lé cumhachda agus lé glóir mhóir. 28Agus an tan thionnsgóntar na neithesi do dhéanamh, féachuidh súas, agus togbhaidh bhár gcinn; óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.
29Agus a dubhairt sé an chosamhlachdsa ríu; Féachaigh an crann fige, agus na huile chrann; 30An tan sgeithid a nduilleabhar, air na fhaicsin dáoibhsi aitheantáoi úaibh féin gur fogus an samhradh ann sin. 31Is mar sin dáoibhsi, an tan do chífí na neithesi déanta, bíodh a fhíos aguibh gur ab fogus atá rioghachd Dé. 32A deirim ribh go fírinneach, Nach racha an dínisi thort, nó go ndéantar na neithesi uile. 33Rachaidh neamh agus talamh thort: achd ní rachaid mó bhriathrasa thort go bráth.
34Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla go mbíadh sibh tromchroidh theach úair ar bith í chráos, agus ó mheisge, agus ó rochúramuibh na beathasa, agus go dtiochfadh an lá úd go hobann oraibh. 35Oir tiocfa sé mar dhul ar na huile dháoine dá náitrigheann ar úachdar na talmhan uile. 36Ar a nadhbharsin déanuidh faire, ag guidho gach uile uair, ionnus go rucasfuigh gur fiú sibh dul as ó na neithibhsi uile atá chum teachda, agus go seasmhóchadh sibh a bhfiadhnuisi Mhic an duine.
37Agus do bhíodh sé teagasg sa ló ann sa teampeall; achd ann san noidhche ar nimtheachd dó amach, do chomhnuigheadh sé ar a tslíabh dá ngoirthear slíabh na Noluidheadh. 38Agus do thigeadh an pobal uile chuige go moch air maidin, déisdeachd ris ann sa teampall.