Matha 5
5
1Nuair a chonaic sé chuige na sluaite, chuaigh sé in airde an tsléibhe, agus nuair a shuigh sé faoi, tháinig a dheisceabail chuige. 2Agus dʼoscail sé a bhéal agus chuaigh á dteagasc, agus is é a dúirt sé:
3“Is beannaithe na boicht ó sprid, mar is leo ríocht na bhflaitheas.
4“Is beannaithe lucht an dobróin, mar tabharfar sólás dóibh.
5“Is beannaithe na daoine ceansa, mar gheobhaidh siad an domhan mar oidhreacht.
6“Is beannaithe an lucht a mbíonn ocras agus tart orthu ar son an chirt, mar gheobhaidh siad sásamh.
7“Is beannaithe lucht na trócaire, mar déanfar trócaire orthu.
8“Is beannaithe lucht na gcroíthe glana, mar feicfidh siad Dia.
9“Is beannaithe lucht déanta na síochána, mar tabharfar clann Dé orthu.
10“Is beannaithe lucht fulaingthe géarleanúna ar son an chirt, mar is leo ríocht na bhflaitheas.
11“Is beannaithe sibh féin nuair a bhíos na daoine ag fonóid fúibh agus ag cur géarleanúna oraibh agus gach uile dhrochfhocal á rá acu fúibh go bréagach mar mhaithe liomsa. 12Bíodh áthas agus lúcháir oraibh, mar is mór an luach saothair atá agaibh ar neamh, mar is ar an nós céanna a chuireadh na daoine géarleanúint ar na fáithe a bhíodh ann romhaibh.
13“Is sibhse salann an domhain; ach má chailleann an salann a bhlas, conas a dhéanfar goirt arís é? Níl úsáid ann, ach a chaitheamh amach faoi chosa na ndaoine.
14“Is sibhse crann solais an domhain. Ní féidir cathair a bhíos ar mhullach cnoic a cheilt. 15Agus ní lasann daoine lampa lena chur faoi bhéal soithigh, ach ar sheastán, agus tugann sé solas ansin dá bhfuil sa teach. 16Go mba mar sin a bheas bhur solas-sa ag dealramh os comhair na ndaoine, ionas go bhfeice siad bhur ndea-oibreacha agus go dtuga siad an ghlóir do bhur nAthair atá ar neamh.
17“Ná smaoinígí gur tháinig mise leis an dlí agus na fáithe a chur ar ceal; ní lena gcur ar ceal ach lena gcur i gcrích a tháinig mise. 18Mar deirim go fíor libh, go dtí go rachaidh neamh agus talamh as, ní rachaidh aon phonc den dlí ar neamhní go dtí go gcuirtear an t‑iomlán i gcrích. 19Mar sin de, cibé duine a dhéanas a bheag den aithne is lú díobh seo agus a chuireas sin ina luí ar dhaoine, is de a ghairfear an té is lú i ríocht neimhe; ach an té a bhíos á saothrú amach agus á dteagasc beidh ainm fir mhóir i ríocht neimhe air. 20Mar táim á insint daoibh, mura sáraíonn an fhíréantacht atá agaibhse an fhíréantacht a bhíos ag na scríobhaithe agus ag na Fairiséigh ní rachaidh sibh isteach i ríocht neimhe choíche.
21“Chuala sibh go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná déan marú; agus cibé a dhéanas marú, tabharfar breith air.’ 22Ach is é deirim libh, nach bhfuil duine dá dtéann i bhfeirg lena bhráthair nach dtabharfar breith air; ná duine a thugas masla cainte dá bhráthair nach dtabharfar roimh an ardchomhairle, ná duine a deir ‘A amadáin!’ nach baol dó tinte ifrinn. 23Mar sin, má tá aisce á toirbhirt agat ar an altóir, agus más cuimhneach leat ansin go bhfuil ábhar casaoide ag do bhráthair ort, 24fág dʼaisce ansin os comhair na haltóra agus imigh uaithi; déan socrú le do bhráthair ar dtús, agus tar ansin a thoirbhirt dʼaisce. 25Bíodh deifir ort le socrú le do chúisitheoir, agus tú ar an mbealach leis go teach na cúirte, ar eagla go dtuga do chúisitheoir i lámha an bhreithimh thú, agus go gcuire an breitheamh idir lámha an gharda thú, agus go gcaitear i bpríosún thú; 26deirim leat go fíor, ní bhfaighidh tú cead do chinn go dtí go raibh an bonn rua deireannach íoctha agat.
27“Chuala sibh go ndúradh, ‘Ná déan adhaltranas.’ 28Ach deirimse libh nach bhfuil duine dá dtugann amharc drúisiúil ar bhean nach bhfuil adhaltranas croí déanta aige léi cheana féin. 29Má bhíonn do shúil dheas ina ábhar peaca agat, steall amach as do cheann í agus caith uait í; is fearr aon bhall de do bhaill a chailleadh na go gcaithfí do chorp iomlán isteach in ifreann. 30Agus má bhíonn do lámh dheas ina ábhar peaca agat, gearr díot í agus caith uait í; mar is fearr aon bhall amháin de do bhaill a chailleadh ná go rachadh do chorp iomlán isteach in ifreann.
31“Dúradh freisin, ‘Cibé duine a scaras lena bhean, tugadh sé teastas dealaithe di.’ 32Ach deirimse nach bhfuil duine dá scarann lena bhean, ach amháin as siocair a mígheanmnaíochta, nach mbíonn ag déanamh banadhaltraigh di; agus an té a phósas bean dhealaithe, bíonn sé ciontach in adhaltranas.
33“Chuala sibh arís go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná tabhair mionnaí bréige, ach comhlíon cibé a mhionnaigh tú don Tiarna.’ 34Ach is é a deirimse libh, gan ní ar bith a thabhairt mar mhionn, ná tabhair neamh, ós í ríchathaoir Dé í, 35ná an talamh, ós é an stól atá faoina chosa é, ná ná tabhair Iarúsailéim, ós í cathair an Ardrí í. 36Agus ná tabhair do cheann, ó nach féidir leat ribe dá bhfuil air a dhéanamh geal ná dubh. 37Ná habraigí thar ‘Is ea’ agus ‘Ní hea’; mar is den olc gach ní dá laghad a théas thairis sin.
38“Chuala sibh mar a dúradh, ‘Súil i gcúiteamh súile agus fiacail i gcúiteamh fiacaile.’ 39Ach deirimse libh gan olc a bheith agaibh do lucht an oilc. Ach an té a bhuaileas ar an leiceann deas thú, tiontaigh an leiceann eile leis; 40agus an té a chuireas dlí ort faoi do léine, lig dó dʼfhallaing a fháil freisin; 41agus má chuireann duine feidhm ort míle a shiúl, siúil dhá mhíle leis. 42Tabhair don té a iarras ort, agus ná diúltaigh an té ar mhian leis iasacht a fháil uait.
43“Chuala sibh go ndeirtí, ‘Tabhair grá do do chomharsa, agus fuath do do namhaid.’ 44Ach is é a deirim libh, ‘Bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus bígí ag guí ar son lucht bhur ngéarleanúna, 45ionas go mbí sibh in bhur gclann ag bhur nAthair neamhaí; mar tugann sé ar a ghrian éirí ar dhrochdhaoine agus ar dhea-dhaoine, agus cuireann sé fearthainn ar na fíréin agus ar lucht na héagóra. 46Mar má thugann sibh grá don dream a thugann grá daoibh, cad é an tairbhe daoibh é? Nach mbíonn na bailitheoirí cánacha féin ag déanamh amhlaidh? 47Agus má bheannaíonn sibh do bhur mbráithre amháin, cad é a dhéanas sibh thar dhaoine eile? Nach ndéanann na Gintlithe féin mar an gcéanna? 48Caithfidh an feabhas iomlán a bheith agaibh de réir an fheabhais atá in bhur nAthair neamhaí.
S'ha seleccionat:
Matha 5: OC1970
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: