1
Matha 18:20
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Oir áit ar biṫ ’n‐a mbíonn beirt nó triúr cruinniġṫe le ċéile im’ ainm‐se, bím‐se féin annsin ’n‐a measc.
Porovnat
Zkoumat Matha 18:20
2
Matha 18:19
Adeirim liḃ fós, má ḃíonn beirt agaiḃ ar aon aigne ar talaṁ i dtaoḃ niḋ ar biṫ d’á n‐iarraid, do‐ġéantar dóiḃ é óm’ Aṫair‐se atá ar neaṁ.
Zkoumat Matha 18:19
3
Matha 18:2-3
Agus do ġlaoḋ sé ċuige leanḃ beag, agus do ċuir sé ’n‐a lár é, agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iompuiġiḋ siḃ, agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt neiṁe ar ċor ar biṫ.
Zkoumat Matha 18:2-3
4
Matha 18:4
D’á ḃriġ sin, an té ísleoċas é féin ar nós an leinḃ ḃig seo, is é sin an duine is mó i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
Zkoumat Matha 18:4
5
Matha 18:5
Agus cibé duine ġlacfas ċuige aon leanḃ beag aṁáin d’á leiṫéid seo im’ ainm‐se
Zkoumat Matha 18:5
6
Matha 18:18
Go fírinneaċ adeirim‐se liḃ, Cibé neiṫe ċeanglóċas siḃ ar talaṁ ceanglóċar iad ar neaṁ: agus cibé neiṫe scaoilfeas siḃ ar talaṁ scaoilfear iad ar neaṁ.
Zkoumat Matha 18:18
7
Matha 18:35
Agus is mar sin ḋéanfas m’Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ‐se, muna maiṫfiḋ gaċ aon duine agaiḃ d’á ḃráṫair ó ċroiḋe.
Zkoumat Matha 18:35
8
Matha 18:6
glacann sé mise: aċt cibé duine ṫiuḃras scannal d’aoinneaċ de na rudaiḃ beaga so ċreideas ionnam‐sa, do b’ḟearr dó go gcroċfaiḋe cloċ ṁór muilinn ar a ṁuineál, agus go mbáḋfaiḋe é i ndoimneaċt na fairrge.
Zkoumat Matha 18:6
9
Matha 18:12
Créad is dóiġ liḃ? Má ḃíonn céad caora ag duine, agus má ṫéid caora ḋíoḃ ar seaċrán, naċ ḃfágann sé na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid, agus naċ n‐imṫiġeann sé ar na sléiḃtiḃ ar lorg an ċinn do ċuaiḋ ar seaċrán?
Zkoumat Matha 18:12
Domů
Bible
Plány
Videa