Matha 14
14
1Ins an am sin do‐ċuala Ioruaṫ, an téatrarc, an t‐iomráḋ ar Íosa, 2agus aduḃairt sé le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ, Is é seo Eoin Baiste; d’éiriġ sé ó na marḃaiḃ; agus is d’á ḃriġ sin atá na cuṁaċta so ag oibriú ann. 3Óir do rug Ioruaṫ ar Eoin, agus do ċeangail sé é, agus do ċuir sé i bpríosún é mar ġeall ar Héródias, bean Ṗilib a ḋearḃráṫair. 4Óir aduḃairt Eoin leis, Ní dleaġṫaċ duit í do ḃeiṫ agat. 5Agus nuair ba ṁian leis a ċur ċum báis, do ḃí eagla an ṗobail air, óir ba é a dtuairim gurḃ fáiḋ é. 6Aċt nuair ṫáinig lá beirṫe Ioruaiṫ, do‐rinne inġean Neródias daṁsa, ’n‐a láṫair, agus do ṫaiṫin sí le h‐Ioruaṫ. 7Agus do ġeall sé fá ḃriġ na mionn go dtiuḃraḋ sé ḋí rud ar biṫ d’iarrfaḋ sí air. 8Agus aduḃairt sise ar impiḋe a máṫar, Taḃair ḋom annso ar ṁéis ceann Eoin Ḃaiste. 9Agus do ġaḃ doilġeas an rí; aċt mar ġeall ar na mionnaiḃ, agus mar ġeall orṫa‐san do ḃí ’n‐a suiḋe ’n‐a ċuiḃreann, d’órduiġ sé a ṫaḃairt dí; 10agus do ċuir sé daoine uaiḋ, agus do ḃain sé an ceann d’Eoin sa bpríosún. 11Agus tugaḋ a ċeann isteaċ ar ṁéis, agus tugaḋ do’n ċailín é: agus ṫug sise d’á máṫair é. 12Agus ṫáinig a ḋeisceabail, agus rugadar leo an corp, agus d’aḋlacadar é; agus d’imṫiġeadar agus d’inniseadar d’Íosa é.
13Agus nuair do‐ċuala Íosa é, d’imṫiġ sé i mbád ó’n áit sin, isteaċ i n‐áit ḟásaṁail uaigniġ: agus nuair do‐ċuala na sluaiġte sin, do leanadar d’á gcois é ó na caṫraċaiḃ. 14Agus ṫáinig sé amaċ, agus do ċonnaic sé sluaġ mór, agus do ġaḃ truaġ ṁór dóiḃ é, agus do leiġeas sé iad‐san do ḃí breoite. 15Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig na deisceabail ċuige, agus aduḃradar, Fásaċ is eaḋ an áit seo, agus atá an t‐am caiṫte ċeana, cuir uait na sluaiġte, go dtéiġid isteaċ ins na bailtiḃ beaga, agus go gceannuiġid biaḋ ḋóiḃ féin. 16Aċt aduḃairt Íosa leo, Ní gáḃaḋ ḋóiḃ imṫeaċt; taḃraiḋ‐se rud le n’iṫe ḋóiḃ. 17Agus aduḃradar‐san leis, Ní ḟuil againne annso aċt cúig bollóga agus ḋá iasc. 18Agus aduḃairt seisean, Taḃraiḋ ċugam‐sa annso iad. 19Agus aduḃairt sé leis na sluaiġtiḃ suiḋe síos ar an ḃféar; agus do ġlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċaint suas ar neaṁ ḋó, do ḃeannuiġ, agus do ḃris sé na bollóga, agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ iad, agus ṫug na deisceabail do na sluaiġtiḃ iad. 20Agus d’iṫeadar go léir, agus do ḃí a ndóṫain aca: agus do ṫógadar lán dá ċiseán déag de’n ḃiaḋ do ḃí d’ḟuiġleaċ aca. 21Agus ba é méid na ndaoine do ḃí ag iṫe, tuairim le cúig míle fear, seaċas mná agus leanḃaí.
22Agus ar an láṫair do ċuir sé d’ḟiaċaiḃ ar na deisceablaiḃ dul isteaċ sa mbád, agus imṫeaċt roiṁe go dtí an taoḃ ṫall, nó go gcuirfeaḋ sé na sluaiġte ċum bealaiġ. 23Agus nuair do ḃi na sluaiġte curṫa ċum bealaiġ aige, do ċuaiḋ sé suas an sliaḃ ’n‐a aonar ċum urnaiġe do ḋéanaṁ: agus nuair ṫáinig an tráṫnóna, do ḃí sé annsin n‐a aonar. 24Aċt do ḃí an bád fá’n am sin i lár na fairrge, d’á luascaḋ ag na tonnaiḃ, mar do ḃí an ġaoṫ ’n‐a ċoinniḃ. 25Agus sa gceaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe ṫáinig seisean ċuca, agus é ag siuḃal ar an ḃfairrge. 26Agus nuair do ċonnaic a ḋeisceabail é, ḃí scannraḋ orṫa, agus aduḃradar, Is taiḋḃse atá ann; agus do ġlaoḋadar amaċ le h‐eagla. 27Aċt do laḃair Íosa leo ar an láṫair, agus aduḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ agaiḃ; is mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ. 28Agus d’ḟreagair Peadar, agus aduḃairt, A Ṫiġearna, má’s tusa atá ann, órduiġ ḋom teaċt ċugat ar ḃárr an uisce. 29Agus aduḃairt seisean, Tar. Agus ṫáinig Peadar anuas as an mbád, agus do ṡiuḃail sé ar ḃárr an uisce ag teaċt ċum Íosa. 30Aċt nuair do ċonnaic sé an ġaoṫ, do ḃí eagla air; agus ag dul fá’n uisce ḋó, do ġlaoḋ sé amaċ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, fóir orm. 31Agus ar an láṫair do ṡín Íosa amaċ a láṁ, agus rug sé air, agus aduḃairt sé, A ḟir an ċreidiṁ ḃig, cad ċuige a raiḃ faitċeas ort? 32Agus nuair ṫángadar isteaċ sa mbád, do stad an ġaoṫ. 33Agus na daoine do ḃí sa mbád, d’aḋradar é, g‐á ráḋ, Go fírinneaċ is tusa Mac Dé.
34Agus nuair do ċuadar trasna, ṫángadar ċum tíre i nGenésaret. 35Agus nuair d’aiṫniġ muinntear na h‐áite sin é, do ċuireadar fios ar fud na dúiṫċe sin ar fad, agus ṫugadar ċuige gaċ a raiḃ breoite; 36agus d’iarradar air leigean dóiḃ baint aṁáin le scoṫóig a ḃrait: agus an méid do ḃain, do leiġeasaḋ iad.
Právě zvoleno:
Matha 14: JOYNTG
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: