Matha 21
21
1Agus nuair do ḃíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus ṫángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐ċrann, do ċuir Íosa uaiḋ beirt deisceabal, g‐á ráḋ leo, 2Téiġiḋ isteaċ sa mbaile beag úd ṫall os ḃúr gcóṁair, agus ar an láṫair do‐ġeoḃaiḋ siḃ láir asail ceangailte ann, agus searraċ i n‐éinḟeaċt léi: scaoiliḋ iad, agus taḃraiḋ liḃ ċugam iad. 3Agus má deir aoinneaċ éinniḋ liḃ, adéaraiḋ siḃ‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tiġearna; agus cuirfiḋ sé uaiḋ ar an láṫair iad. 4Agus ṫáinig sin ċum críċe, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe tarngaireaċt an ḟáiḋ, mar aduḃairt sé,
5Innisiḋ d’inġin Ṡíoin,
Féaċ, atá do Rí ag teaċt ċugat,
Go ceannsa, ar muin asail,
Agus ar ḃromaċ, searraċ asail.
6Agus d’imṫiġ na deisceabail, agus do‐rinneadar mar d’órduiġ Íosa ḋóiḃ, 7agus ṫugadar leo an t‐asal, agus an bromaċ, agus do ċuireadar a mbrait orṫa; agus do ṡuiḋ seisean orṫa. 8Agus do leaṫ furṁór an tsluaiġ a mbrait ar an sliġe; agus do ḃain dream eile géaga de na crannaiḃ agus do leaṫadar ar an sliġe iad. 9Agus na sluaiġte do ḃí ar tosaċ roiṁe, agus siad‐san do lean ’n‐a ḋiaiḋ, do tógadar gáir, g‐á ráḋ,
Hósanná do ṁac Ḋáiḃi;
Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna;
Hósanná ins na h‐áiteannaiḃ is aoirde!
10Agus nuair ṫáinig sé go h‐Iarúsalem, do ḃí corruiġe mór ar fud na caṫraċ ar fad, gaċ aoinneaċ g‐á ráḋ, Cia h‐é seo? 11Agus aduḃairt na sluaiġte, Is é seo an fáiḋ, Íosa, ó Nasair na Gaililé.
12Agus do ċuaiḋ Íosa isteaċ i dteampall Dé, agus do ruaig sé amaċ iad‐san do ḃí ag díol agus ag ceannaċ sa teampall, agus do leag sé ar lár búird luċt malairte an airgid, agus suideaċáin na ndaoine do ḃí ag díol colm; 13agus aduḃairt sé leo, Atá scríoḃṫa, Goirfear dem’ ṫiġ‐se teaċ urnuiġṫe: aċt atá siḃ‐se ag déanaṁ uaċaise biṫeaṁnaċ ḋe. 14Agus ṫáinig na daill agus na bacaiġ ċuige sa teampall: agus do leiġeas sé iad. 15Aċt nuair do ċonnaic uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe na rudaí éaċtaċa do‐rinne sé, agus na leanḃaí do ḃí ag glaoḋaċ ós árd sa teampall, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; ṫáinig fearg orṫa, agus aduḃradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so? 16Agus aduḃairt Íosa leo, Do‐ċluinim: nár léiġeaḃar riaṁ, As béal leanḃ agus naoiḋeanán cíċe fuarais molaḋ iomlán? 17Agus d’ḟág sé iad, agus do ċuaiḋ sé amaċ as an gcaṫair go Bétánia, agus do ċuir sé faoi annsin.
18Agus ar maidin, ag filleaḋ ar ais ċum na caṫraċ ḋó, ḃí ocras air. 19Agus ar ḟeicsin crainn fige ḋó le cois an ḃealaiġ, ṫáinig sé ċuige, agus ní ḟuair sé aon rud air, aċt duilleoga aṁáin; agus aduḃairt sé leis, 20Nár ḟásaiḋ aon toraḋ ort as so amaċ go bráṫ. Agus ar an láṫair d’ḟeoġ an crann fige. 21Agus nuair do‐ċonnaic na deisceabail é, ṫáinig iongnaḋ mór orṫa, agus aduḃradar, Cionnas d’ḟeoġ an crann fige ċóṁ luaṫ sin? Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, gan aṁras ḃeiṫ oraiḃ, do‐ġéanaiḋ siḃ, ní h‐é aṁáin a ndearnaḋ do’n ċrann fige, aċt má deir siḃ leis an sliaḃ so, Tógtar agus teilgṫear isteaċ sa ḃfairrge ṫú, déanfar é. 22Agus cibé niḋ iarrfas siḃ i n‐urnaiġe, do‐ġeoḃaiḋ siḃ é, aċt creideaṁ ḃeiṫ agaiḃ.
23Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa teampall, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail ċuige, agus é ag teagasc, agus aduḃradar, Créad é an t‐uġdarás atá agat‐sa ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás sin duit? 24Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist aṁáin oraiḃ, agus má ḟreagrann siḃ í, inneosad‐sa ḋaoiḃ cia an t‐uġdarás atá agam ċum na neiṫe sin do ḋéanaṁ. 25Baisteaḋ Eoin, cia uaiḋ a dtáinig sé? ó neaṁ nó ó ḋaoiniḃ? Agus do‐rinneadar diospóireaċt le n‐a ċéile, g‐á ráḋ, Má deirimíd, Ó neaṁ; adéarfaiḋ seisean linn, Cad ċuige, mar sin, nár ċreideaḃar é? 26Aċt má deirimíd, Ó ḋaoiniḃ; tá eagla an ṗobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáiḋ Eoin. 27Agus d’ḟreagradar Íosa, agus aduḃradar. Ní ḟuil a ḟios againn. Agus aduḃairt seisean leo, Ní mó inneosad‐sa ḋaoiḃ‐se cia an t‐uġdarás atá agam ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ. 28Aċ cad é ḃúr meas air seo? Do ḃí beirt ṁac ag fear áiriṫe; agus ṫáinig sé ċum an ċéad ṁic, agus aduḃairt sé, A ṁic, imṫiġ agus déan obair indiu im’ḟíonġort. 29Agus d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Ní raċad: aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig a ṁalairt d’aigne air, agus do ċuaiḋ sé. 30Agus ṫáinig sé ċum an dara mic, agus do laḃair sé leisean ar an gcuma ċéadna. Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Raċad, a ṫiġearna: aċt ní ḋeaċaiḋ sé. 31Ciaca de’n ḃeirt seo do‐rinne toil a aṫar? Aduḃradar‐san leis, An ċéad ḟear. Aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, go raċaiḋ na poibleacáin agus na striapaċa isteaċ i ríoġaċt Dé róṁaiḃ‐se. 32Óir ṫáinig Eoin ċugaiḃ i mbealaċ na fíréantaċta, agus níor ċreideaḃar é: aċt do ċreid na poibleacáin agus na striapaċa é: agus nuair do ċonnaic siḃ‐se é, ní ḋearna siḃ aiṫriġe ’n‐a ḋiaiḋ sin ċum go gcreidfeaḋ siḃ é.
33Éistiḋ le saṁlaoid eile: Do ḃí fear tiġe ann, agus do ċuir sé fíonġort, agus do ċuir sé fál ’n‐a ṫimċeall, agus do ṫoċail sé áit brúiġte fíona ann, agus do ṫóg sé túr, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile. 34Agus nuair do ḃí séasúr na dtoraḋ ag teaċt, do ċuir sé a ṡearḃóntaí ċum na scológ, ċum ċuid de’n toraḋ d’ḟáġáil. 35Agus do rug na scológa ar a ṡearḃóntaiḃ, agus do ḃuaileadar duine aca, agus do ṁarḃadar duine eile, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ ar ḋuine eile. 36Arís do ċuir sé searḃóntaí eile ċuca, níba ṁó ’ná an ċéad ċuid: agus ṫugadar an íde ċéadna orṫa‐san. 37Aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ċuir sé ċuca a ṁac féin, g‐á ráḋ, Do‐ḃéarfaid urraim dom’ ṁac. 38Aċt na scológa, nuair do ċonnacadar an mac, aduḃradar eadorṫa féin, Is é seo an t‐oiġre, téanam, marḃaimís é, agus glacaimís a oiġreaċt. 39Agus do rugadar air, agus do ruaigeadar amaċ as an ḃfíonġort é, agus do ṁarḃadar é. 40Ar an aḋḃar sin, nuair ṫiocfas tiġearna an ḟíonġuirt, créad do‐ġéanaiḋ sé leis na scológaiḃ sin? 41Adeir siad‐san leis, Scriosfaiḋ sé na cuirpṫiġ sin go millteaċ, agus ḃéarfaiḋ sé an fíonġort ar cíos do scológaiḃ eile, ḃéarfas na torṫa ḋó ’n‐a séasúraiḃ féin. 42Aduḃairt Íosa leo, Nár léiġeaḃar riaṁ ins na scrioptúiriḃ,
An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir,
Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí:
Is ó’n Tiġearna ṫáinig sí,
Agus is iongnantaċ é ’n‐ár súiliḃ.
43Ar an aḋḃar sin adeirim liḃ, Tógfar ríoġaċt Dé uaiḃ‐se, agus do‐ḃéarfar í do ċineaḋ ḃéarfas a torṫa. 44Agus cibé duine ṫuitfeas ar an gcloiċ seo, brisfear é ’n‐a ḃroscar: aċt cibé duine ar a dtuitfiḋ sí, scriosfaiḋ sí é. 45Agus nuair do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ an tsaṁlaoid sin, do ṫuigeadar gur ’n‐a dtaoḃ féin do ḃí sé ag laḃairt. 46Agus nuair ṡanntuiġeadar greim d’ḟáġáil air, do ḃí eagla orṫa roiṁ na daoiniḃ, óir do ṁeasadar‐san gurḃ ḟáiḋ é.
Právě zvoleno:
Matha 21: JOYNTG
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: