Logo YouVersion
Ikona vyhledávání

Matha 22

22
1Agus d’ḟreagair Íosa, agus do laḃair sé aris i saṁlaoidiḃ leo, 2g‐á ráḋ, Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le riġ áiriṫe do‐rinne bainis d’á ṁac, 3agus do ċuir a ṡearḃóntaí uaiḋ amaċ ag glaoḋaċ orṫa‐san do fuair cuireaḋ ċum na bainse: agus níorḃ áil leo teaċt. 4Arís do ċuir sé uaiḋ searḃóntaí eile, g‐á ráḋ, Innisiḋ ḋóiḃ‐sean a fuair cuireaḋ, Féaċ, atá m’ḟéasta ullaṁ agam: atá mo ṁairt agus m’ainṁiḋṫe biaḋta marḃṫa agam, agus atá gaċ aon niḋ i gcóir: tigiḋ ċum na bainse. 5Aċt ní ṫugadar‐san aon áird air, agus d’imṫiġeadar, duine aca ċum a ḟeirme féin, duine eile ċum a ċeannaiḋeaċta: 6agus do rug an ċuid eile aca ar a ṡeirḃíseaċaiḃ, agus ṫugadar droċ‐íde orṫa, agus do ṁarḃadar iad. 7Aċt ṫáinig fearg ṁór ar an riġ; agus do ċuir sé a ṡluaiġte armṫa uaiḋ, agus do scrios sé na dúnṁarḃṫóirí sin, agus do loisc sé a gcaṫair. 8Annsin aduḃairt sé le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ, Atá an ḃainis ullaṁ, aċt na daoine a fuair cuireaḋ níorḃ fiú iad é. 9Imṫiġiḋ‐se amaċ, d’á ḃriġ sin, ar ċeann na mbóṫar, agus cibé daoine ġeoḃas siḃ, glaoḋaiḋ orṫa ċum na bainse. 10Agus do‐ċuaiḋ na seirḃísiġ sin amaċ ar na bóiṫriḃ, agus do ḃailiġeadar a ḃfuaradar, idir olc agus maiṫ: agus do líonaḋ árus na bainse de ḋaoiniḃ ’n‐a suíḋe ċum biḋ. 11Aċt nuair ṫáinig an rí isteaċ leis an gcuideaċta d’ḟeicsin, do ċonnaic sé fear ann naċ raiḃ culaiṫ bainse air: 12agus aduḃairt sé leis, A ċara, cionnas ṫáinig tusa isteaċ annso gan culaiṫ bainse ort? 13Aċt níor ḟan focal ’n‐a ḃéal aige. Annsin aduḃairt an rí leis an luċt freastail, Ceanglaiḋ a láṁa agus a ċosa, agus teilgiḋ amaċ é sa dorċaċt amuiġ; an áit ’n‐a mbéiḋ gol agus gíoscán fiacal. 14Óir atá glaoiḋte ar ṁórán, aċt ní ḟuil toġṫa aċt beagán.
15Annsin d’imṫiġ na Fairisíniġ, agus do ċuadar i gcóṁairle g‐á ṁeaḃrú cionnas do ċuirfidís i dteannta é sa gcainnt. 16Agus do ċuireadar ċuige a ndeisceabail i n‐éinḟeaċt le muinntir Ioruaiṫ, g‐á ráḋ, A ṁáigistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus go múineann tú sliġe Dé i ḃfírinne, agus naċ ḃfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine. 17Innis dúinn, mar sin, créad é do ṁeas? An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt? 18Aċt d’aiṫin Íosa a mailís, agus aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur caṫuiġṫe orm, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ? 19Taisbeán dom airgead na cánaċ. Agus ṫugadar pinginn dó. 20Agus aduḃairt sé leo, Cia leis an íoṁáiġ agus an scríḃinn seo? 21Adeirid‐sean leis, Le Céasar. Annsin aduḃairt sé leo, D’á ḃriġ sin, taḃraiḋ do Ċéasar na neiṫe is le Céasar; agus do Ḋia na neiṫe is le Dia. 22Agus nuair do‐ċualadar é, ḃí iongnaḋ orṫa, agus d’ḟágadar é, agus d’iṁṫiġeadar.
23An lá céadna sin ṫáinig ċuige Saddúicíniġ, daoine adeir naċ ḃfuil aiséirġe ann: 24agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A ṁáiġistir, aduḃairt Maois, Dá ḃfaġaḋ duine bás gan slioċt, go bpósfaḋ a ḋearḃráṫair a ḃean, agus go dtógfaḋ sé clann d’á ḋearḃráṫair. 25Is aṁlaiḋ do ḃí móir‐ṡeisear dearḃráṫar ’n‐ár measc: agus do ṗós an ċéad duine bean, agus fuair sé bás, agus ó’s aṁlaiḋ naċ raiḃ aon ċlann aige, d’ḟág sé a ḃean ag a ḋearḃráṫair; 26mar sin do’n dara duine, agus do’n treas duine, go dtí an seaċtṁaḋ duine. 27Agus ’n‐a ndiaiḋ‐sean uile fuair an ḃean bás. 28D’á ḃriġ sin, ins an aiséirġe, cia aca ḋíoḃ gur leis an ḃean? óir do ḃí sí aca go léir. 29Aċt d’ḟreagair Iosa, agus aduḃairt sé leo, Atá siḃ amuġa, de ċionn naċ ḃfuil eolas agaiḃ ar na scrioptúiriḃ, ’ná ar ċuṁaċt Dé. 30Óir san aiséirge ní póstar daoine, ná ní tugtar le pósaḋ iad, aċṫ bíonn siad cosṁail le h‐aingliḃ Dé ar neaṁ. 31Aċt i dtaoḃ aiséiriġṫe na marḃ, nár léiġeaḃar a nduḃairt Dia liḃ, 32mar adeir sé, Is mise Dia Abraċaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib? Ní h‐é Dia na marḃ é, aċt Dia na mbeo. 33Agus nuair do‐ċuala na sluaiġte é, do‐rinneadar iongnaḋ d’á ṫeagasc.
34Aċt na Fairisíniġ, nuair do‐ċualadar gur ċuir sé na Saddúicíniġ ’n‐a dtost, do ċruinniġeadar i gceann a ċéile. 35Agus do ċuir duine aca, dliġṫeoir, ceist air, g‐á ṫriail. 36A ṁáiġistir, créad í an ṗríoṁ‐aiṫne de’n dliġe? 37Agus aduḃairt sé leis. Gráḋóċaiḋ tú an Tiġearna, do Ḋia ód’ ċroiḋe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán, agus ód’ inntinn go h‐iomlán. 38Is í sin an aiṫne ṁór agus an ṗríoṁ‐aiṫne. 39Agus atá an dara h‐aiṫne cosṁail léi, Gráḋóċaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫú féin. 40Ar an dá aiṫne sin is eaḋ ṡeasas an dliġe uile, agus na fáiḋe.
41Agus nuair do ḃí na Fairisíniġ cruinniġṫe i ḃfoċair a ċéile, do ċuir Íosa ceist orṫa, g‐á ráḋ. 42Cad é ḃúr dtuairim de’n Ċríost? cia dar ab mac é? 43Aduḃradar‐san leis, Mac Ḋáiḃi. Aduḃairt seisean leo, Má’s eaḋ, cionnas ġoireas Dáiḃi, tríd an Spiorad, Tiġearna ḋe, mar a n‐abrann sé,
44Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa,
Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis,
Go gcuiread do náiṁde fá do ċosaiḃ?
45Má ġoireann Dáiḃi Tiġearna ḋe, cionnas atá sé ’n‐a ṁac aige? 46Agus níorḃ ḟéidir le h‐aon duine oiread agus focal do ráḋ g‐á ḟreagairt, ná níor láṁ aon duine ó’n lá sin amaċ ceist do ċur air.

Právě zvoleno:

Matha 22: JOYNTG

Zvýraznění

Sdílet

Kopírovat

None

Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas