Marcus 2
2
1Agus, i gcionn roinnte laeṫeanta ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ċuaiḋ sé isteaċ arís i gCafarnaúm; agus do‐ċualaṫas go raiḃ sé ag baile. 2Agus do ċruinniġ a lán daoine le ċéile, i dtreo naċ raiḃ sliġe ḋóiḃ ann, ná i dtimċeall an dorais féin: agus do laḃair sé an briaṫar leo. 3Agus ṫáinig daoine ċuige agus fear pairiliseaċ ar iomċur aca, ceaṫrar do ḃí ’g‐a iomċur. 4Agus, de ḃriġ nárḃ ḟéidir ḋóiḃ teaċt i ngar dó mar ġeall ar an sluaġ, do noċtadar bárr an tiġe i n‐a raiḃ sé: agus do rinneadar foscailt ann, agus do leigeadar síos an leaba ar a raiḃ an fear pairiliseaċ ’n‐a luiġe. 5Agus nuair do ċonnaic Íosa a gcreideaṁ, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A ṁic, atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit. 6Aċt do ḃí scríoḃaiḋte áiriṫe ’n‐a suiḋe annsin, agus iad ag maċtnaṁ ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ: 7Cad ċuige a laḃrann an fear so mar sin? dia‐ṁaslaḋ atá aige d’á ḋéanaṁ: cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ aċt Dia aṁáin? 8Agus ar an láṫair, ar n‐a ḟeiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an maċtnaṁ do ḃi ’n‐a n‐aigne aca, aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeit ag maċtnaṁ mar sin i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ? 9Cia is fusa, a ráḋ leis an ḃfear pairiliseaċ, Atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Éiriġ, agus tóg do leaba, agus siuḃal? 10Aċt, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċt ar an doṁan so ag Mac an Duine ċum peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ; (aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ), 11Adeirim‐se leat, Éiriġ, agus tóg do leaba, agus imṫiġ go dtí do ṫeaċ. 12Agus d’éiriġ seisean ar an láṫair, agus do ṫóg sé a leaba, agus d’imṫiġ sé amaċ i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann; i dtreo go raiḃ uaṫḃás orṫa uile, go dtugadar glóir do Ḋia, agus iad ’g‐a ráḋ, Ní ḟacamar a leiṫéid seo riaṁ.
13Agus d’imṫiġ sé amaċ arís ċum na fairrge; agus ṫáinig an sluaġ uile ċuige, agus do ṫeagaisc sé iad. 14Agus ag gáḃáil ṫairis dó, do ċonnaic sé Léḃi mac Alfaéuis ’n‐a ṡuiḋe ag bórd an ċustuim, agus aduḃairt sé leis, Lean‐sa mise. Agus d’éiriġ seisean agus do lean sé é. 15Agus tarla, nuair do ṡuiḋ sé ċum biḋ ’n‐a ṫiġ‐sean, gur ṡuiḋ mórán poibleacán agus peacaċ i gcuideaċtain Íosa agus a ḋeisceabal: óir do ḃí a lán aca ann agus iad ’g‐a leanaṁain. 16Agus nuair do ċonnaic scríoḃaiḋṫe na ḃFairisíneaċ é ag ċaiṫeaṁ biḋ i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ, aduḃradar le n‐a ḋeisceablaiḃ, Atá sé ag iṫe agus ag ól i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ. 17Agus nuair do‐ċuala Íosa é, aduḃairt sé leo, Ní h‐ag daoiniḃ sláinteaṁla atá gáḃaḋ le liaiġ, aċt ag daoiniḃ breoite: ní ċum na fíréin do ġlaoḋaċ ṫánag‐sa, aċt ċum na peacaiġ do ġlaoḋaċ.
18Agus do ḃí deisceabail Eoin agus na Fairisíniġ ag déanaṁ troscaiḋ: agus ṫángadar‐san agus aduḃradar leis, Cad ċuige a ndéanann deisceabail Eoin agus na ḃFairisíneaċ troscaḋ, agus naċ ndéanann do ḋeisceabail‐se troscaḋ? 19Agus aduḃairt Íosa leo, An féidir le luċt na bainise troscaḋ do ḋéanaṁ fad is ḃíos an fear nua‐ṗósta ’n‐a measc? fad is ḃíos an fear nua‐ṗósta ’n‐a ḃfoċair, ní féidir leo troscaḋ do ḋéanaṁ. 20Aċt tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a mbéarfar uaṫa an fear nua‐ṗósta; déanfaid troscaḋ an lá sin. 21Ní ḟuaġann aon duine giota d’éadaċ nua ar ṡean‐ḃrat: má ḟuaġann, bainfiḋ an preabán nua cuid de’n tsean‐éadaċ ḋe, agus is measa‐de an stróic é. 22Agus ní ċuireann aon duine fíon úr i seiṫiḃ críona: má ċuireann, brisfiḋ an fíon úr na seiṫí, agus caillfear an fíon mar aon leis na seiṫiḃ: aċt curtar fíon úr i seiṫiḃ nua.
23Agus tarla, ag gaḃáil tré ġortaiḃ arḃair ḋó, lá na sabóide, gur ṫosnuiġ na deisceabail, sa tsiuḃal dóiḃ, ar na diasa do stoṫaḋ. 24Agus aduḃairt na Fairisíniġ leis, Féaċ, Cad ċuige ḋóiḃ‐sean ḃeiṫ ag déanaṁ niḋ naċ dleaġṫaċ, lá na sabóide? 25Agus aduḃairt seisean leo, An é nár léiġeaḃar riaṁ an niḋ do rinne Dáiḃi, nuair do ḃí gáḃatar air, toisc go raiḃ ocras air féin agus orṫa‐san do ḃí i n‐éinḟeaċt leis? 26Cionnas mar do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé, trát ’n‐a raiḃ Abiatar ’n‐a árd‐ṡagart, agus cionnas mar d’iṫ sé arán na fiaḋnaise, nár ḋleaġṫaċ d’aoinneaċ d’iṫe aċt do na sagartaiḃ aṁáin. Agus ṫug fós dóiḃ‐sean do ḃí i n‐éinḟeaċt leis? 27Agus aduḃairt sé leo, Is le h‐aġaiḋ an duine do ceapaḋ an tsabóid, agus ní le h‐aġaiḋ na sabóide do rinneaḋ an duine: 28i gcaoi go bfuil Mac an Duine ’n‐a ṫiġearna ar an tsabóid fein.
Právě zvoleno:
Marcus 2: JOYNTG
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: