Marcus 8
8
1Ins na laeṫiḃ sin, nuair do ḃí sluaġ an‐ṁór ann arís, agus gan aon niḋ le n’iṫe aca, do ġlaoḋ sé a ḋeisceabail ċuige, agus aduḃairt sé leo, 2Atá truaġ agam do na daoiniḃ, óir atáid im’ ḟoċair trí lá anois, agus gan aon niḋ le n’iṫe aca: 3agus dá gcuirinn aḃaile iad ’n‐a dtroscaḋ, do raċaidís i n‐anḃfainne sa tsliġe; agus atá cuid aca ṫáinig i ḃfad. 4Agus d’ḟreagair a ḋeisceabail é, Cé an áit ’n‐a ḃféadfaḋ aoinneaċ arán d’ḟáġáil annso sa ḃfásaċ leis na daoine seo do ṡásaṁ? 5Agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ, Cá ṁéid bollóg atá agaiḃ? Agus aduḃradar‐san, Seaċt. 6Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe síos ar an talaṁ: agus do ġlac sé na seaċt mbollóga ċuige, agus tar a éis dó buiḋeaċas do ġaḃáil, do ḃris sé iad; agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ iad le cur os cóṁair an tsluaiġ. 7Agus do ḃí roinnt iasc beag aca: agus nuair do ḃeannuiġ sé iad, d’órduiġ sé ḋóiḃ iad so do ċur os a gcóṁair mar an gcéadna. 8Agus d’iṫeadar, agus do ḃí a ndóṫain aca: agus do ṫógadar lán seaċt gciseán de’n ḃiaḋ briste do ḃí fágṫa. 9Agus do ḃí timċeall ceiṫre míle duine sa méid do ċaiṫ an biaḋ: agus do ċuir sé uaiḋ iad. 10Agus ar an láṫair do ċuaiḋ sé isteaċ sa mbád i n‐éinḟeaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ, agus ṫáinig sé isteaċ i gceanntar Dalmanúta.
11Agus ṫáinig na Fairisíniġ amaċ, agus do ṫosnuiġeadar ar ċonspóideaċt leis, ag iarraiḋ cóṁarṫa ó neaṁ air, ’g‐á ṫriail. 12Agus do leig sé osna ó íoċtar a anma, agus aduḃairt sé, Cad ċuige do’n ċinéal so ḃeiṫ ag iarraiḋ cóṁarṫa? Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní taḃarfar aon ċóṁarṫa do’n ċinéal so. 13Agus d’ḟág sé iad, agus ag dul ar bórd dó arís, d’imṫiġ sé go dtí an bruaċ eile.
14Agus do ḋearmadar arán do ḃreiṫ leo; agus ní raiḃ aca sa mbád aċ aon ḃollóg aṁáin. 15Agus ṫug sé foláireaṁ ḋóiḃ, ’g‐á ráḋ, Féaċaiḋ, seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, agus laiḃín Ioruaiṫ. 16Agus do ṗléiḋeadar eadorṫa féin, ’g‐a ráḋ, Ní ḟuil aon arán againn. 17Agus nuair do ḃí a ḟios ag Íosa, aduḃairt sé leo, Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag diospóireaċt toisc gan arán do ḃeiṫ agaiḃ? an é naċ ḃfeiceann siḃ, agus naċ dtuigeann siḃ fós? an ḃfuil ḃúr gcroiḋe dúr fós? 18Atá súile agaiḃ, agus naċ ḃfeiceann siḃ? atá cluasa agaiḃ, agus naċ gcuiṁniġeann siḃ? 19Nuair do ḃriseas na cúig bollóga do’n ċúig míle duine, cá ṁéid ciseán do ṫógaḃar de’n ḃiaḋ briste? Aduḃradar‐san leis, Ḋá ċiseán déag. 20Agus na seaċt mbollóga do’n ċeiṫre míle, cá ṁéid lán ciseáin do ṫógaḃar de’n ḃiaḋ briste? Agus aduḃradar‐san leis, Seaċt gciseáin. 21Agus aduḃairt sé leo. An é naċ dtuigeann siḃ fós?
22Agus ṫángadar go Bétsáida. Agus ṫugadar dall ċuige, agus d’iarradar air a láṁ do ċur air. 23Agus do rug sé ar láiṁ ar an dall, agus do ṫreoruiġ sé as an mbaile amaċ é; agus nuair do ċuir sé seile ar a ṡúiliḃ, do leag sé a láṁa air, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe An ḃfeiceann tú aon niḋ? 24Agus d’ḟéaċ seisean suas, agus aduḃairt, Do‐ċím daoine, mar do ḃéaḋ crainn, agus iad ag siuḃal. 25Annsin do ċuir sé a láṁa arís ar a ṡúiliḃ, agus d’ḟéaċ seisean suas, agus do ḃí sé leiġeasta, agus do ċonnaic sé gaċ niḋ go soiléir. 26Agus do ċuir sé aḃaile é ċum a ṫiġe féin, agus aduḃairt sé leis, Ná téiġir isteaċ sa mbaile beag ar aon ċor.
27Agus do ċuaiḋ Íosa agus a ḋeisceabail isteaċ i sráid‐ḃailtiḃ Ċaesaréa Ṗilib: agus ar a sliġe ḋóiḃ do ċuir sé ceist ar a ḋeisceablaiḃ, ’g‐a ráḋ leo, Cia h‐é adeir na daoine gur mise? 28Agus d’ḟreagradar, agus aduḃradar leis, Eoin Baiste; agus adeir cuid eile, Élias; agus cuid eile fós, Aon de na fáiḋiḃ. 29Agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ, Aċt cia h‐é adeir siḃ‐se gur mé? D’ḟreagair Peadar agus aduḃairt sé leis, Is tusa an Críost. 30Agus ṫug sé foláireaṁ ḋóiḃ gan a innsin d’aon duine ’n‐a ṫaoḃ féin. 31Agus do ṫosnuiġ sé ar a innsint dóiḃ, go gcaiṫfeaḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe ċum báis é, agus go n‐éireoċaḋ sé tar éis trí lá. 32Agus aduḃairt sé leo é go foscailte. Agus ṫug Peadar i leiṫ é, agus do ṫosnuiġ sé ar aċṁusán do ṫaḃairṫ dó. 33Aċt ar ċasaḋ ṫart, agus ar ḟeicsin a ḋeisceabal dó, do ċeartuiġ sé Peadar, agus aduḃairt sé, Imṫiġ taoḃ ṫiar díom, a Ṡátain: óir ní h‐iad neiṫe Dé is mian leat‐sa aċt neiṫe daoine. 34Agus do ġlaoḋ sé ċuige an sluaġ agus a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanaṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé. 35Óir cibé duine gur mian leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; agus cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa agus ar son an tsoiscéil, saorfaiḋ sé é. 36Óir cad é an tairḃe do ḋuine, dá ngnóṫuiġeaḋ sé an saoġal go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain? 37Óir cad í an ṁalairt do ḋéanfaḋ duine ar a anam féin? 38Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.
Právě zvoleno:
Marcus 8: JOYNTG
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fcs.png&w=128&q=75)
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

:
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)