Matha 27
27
1Nuair a tháinig an mhaidin, chuaigh na hardsagairt uile agus seanóirí an phobail i gcomhairle in aghaidh Íosa lena chur chun báis; 2agus chuibhrigh siad é agus tharraing siad ar shiúl é agus thug siad do Phíoláid an t‑uachtarán é.
3Nuair a chonaic Iúdás, an té a rinne a bhrath, go raibh sé daortha, bhí aithreachas air, agus thug sé an tríocha bonn dʼairgead ar ais chuig na hardsagairt, 4á rá, “Tá peaca déanta agam, ag imirt fill ar fhuil neamhchiontach.”
Ar siadsan, “Cad é sin dúinne? Fútsa fágtar é.” 5Agus chaith sé síos uaidh na boinn airgid sa teampall, agus dʼimigh sé; agus chuaigh sé agus chroch sé é féin. 6Ach thóg na hardsagairt na boinn airgid, agus dúirt siad, “Ní ceadmhach a gcur isteach sa chiste, ós airgead fola iad.” 7Mar sin ghlac siad comhairle, gur cheannaigh siad leo Páirc an Photaire, mar ionad adhlactha do na coimhthígh. 8Dá bharr sin gaireadh Páirc na Fola den pháirc úd go dtí an Iá seo. 9Ba ansin a comhlíonadh a ndúirt an fáidh Ierimía, á rá,
“Agus ghlac siad an tríocha bonn dʼairgead, luach an té ar chuir cuid de chlann Iosrael luach air, 10agus thug iad ar Pháirc an Photaire, mar thaispeáin an Tiarna dom.”
11Sheas Íosa anois os comhair an uachtaráin; agus dʼfhiafraigh an t‑uachtarán de, “An tú Rí na nGiúdach?” Arsa Íosa leis, “Is tú a dúirt é.” 12Ach nuair a chúisigh na hardsagairt agus na seanóirí é, níor thug sé aon fhreagra. 13Dúirt Píoláid leis ansin, “Nach gcluineann tú an méid a dhearbhaíonn siad i dʼéadan?” 14Ach níor thug sé freagra dó ar oiread le haon rud amháin a cuireadh ina leith; ar mhodh go raibh iontas mór ar an uachtarán faoi.
15Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo. 16Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó. 17Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?” 18Mar bhí a dhea-fhios aige gur trí fhormad a tugadh suas é. 19Lena chois sin, bhí sé i ndiaidh scéal a fháil óna bhanchéile agus é ina shuí ar chathaoir an bhreithiúnais, “Fear fíréanta é siúd, ná cuir chuige ná uaidh, mar bhí crá mór orm faoi inniu i mbrionglóid a bhain leis.” 20Anois bhí na hardsagairt agus na seanóirí i ndiaidh tabhairt ar na daoine Barabas a iarraidh agus Íosa a chur den saol. 21Dʼfhiafraigh an t‑uachtarán díobh an dara huair, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh?” “Barabas,” ar siadsan. 22Dʼfhiafraigh Píoláid díobh, “Cad é mar sin is cóir a dhéanamh le hÍosa dar sloinne Críost?” Dúirt siad uile le chéile, “Céastar é.” 23Agus ar seisean, “Cad chuige? Cad é an drochní a rinne sé?” Ach ba mhóide a scairt siad, “Céastar é.”
24Nuair a chonaic Píoláid nach raibh ag éirí leis aon ní a dhéanamh ach iaróg a chur ina suí, ghlac sé uisce agus nigh sé a lámha os comhair an tslua, á rá, “Tá mise neamhchiontach i bhfuil an fhir seo; freagraígí sibhse aisti.” 25Agus dʼfhreagair an pobal uile dʼaon ghuth, “Bíodh a fhuilsean orainne agus ar ár gclann inár ndiaidh!” 26Ansin lig sé Barabas saor chucu, agus rinne sé Íosa a sciúrsáil, agus lig dó dul dá chéasadh ansin.
27Thug saighdiúirí an uachtaráin Íosa leo isteach sa Phraetorium, agus ghlaoigh siad ar an gcathlán uile teacht le chéile roimhe. 28Agus bhain siad na héadaí de agus chuir siad róba craorag air, 29agus dʼfhigh siad coróin spíonta agus chuir ar a cheann í, agus chuir siad giolcach ina dheasláimh. Agus chuaigh siad ar a ngluine roimhe ag magadh faoi, agus a rá leis, “Fáilte romhat, a Rí na nGiúdach!” 30Agus chaith siad a seile air, agus rug siad ar an ngiolcach agus bhuail siad léi ar an gceann é. 31Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi, bhain siad an róba de, agus chuir a chuid éadaigh féin air, agus thug siad ar shiúl é lena chéasadh.
32Casadh dóibh ar a siúl amach fear as Círéne arbh ainm dó Síomón; agus chuir siad feidhm ar an duine sin a chrois a iompar. 33Agus nuair a shroich siad áit a raibh Golgota air (a chiallaíos áit an chloiginn), 34thairg siad fíon dó le n‑ól a raibh domlas tríd; ach nuair a bhí sé blaiste aige, ní ólfadh sé é. 35Agus nuair a bhí sé curtha acu ar chrann a chéasta, chaith siad crann ar a éadaí á roinnt eatarthu féin; 36agus shuigh siad ansin ag faire air. 37Agus chuir siad an chúis a bhí curtha ina leith os cionn a chinn, agus is é a bhí le léamh, “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.” 38Bhí beirt ghadaí á gcéasadh maraon leis an uair úd, duine ar a dheas agus duine ar a chlé. 39Agus bhí a ndeachaigh thart ag fonóid faoi, ag croitheadh a gcinn air 40agus á rá, “A ghiolla úd a mbíodh rún agat an teampall a leagan agus a atógáil in achar trí lá, tarrthaigh thú féin! Más Mac Dé tú, tar anuas den chrois úd.” 41Mar an gcéanna bhí na hardsagairt maraon leis na scríobhaithe agus na seanóirí ag magadh faoi, á rá, 42“Tharrthaigh sé na daoine eile; ní féidir leis é féin a tharrtháil. Is é Rí Iosrael é; tagadh sé anuas den chrois agus creidfimid ann. 43Tá muinín aige as Dia; scaoileadh Dia é, más mian leis é; mar dúirt sé, ‘Is mé Mac Dé’.” 44Agus bhí na gadaithe a bhí á gcéasadh ina chuideachta ag fonóid faoi ar an modh céanna.
45Anois ón séú huair bhí dorchadas ar fud na tíre go dtí an naoú huair, 46agus i dtrátha an naoú huair ghlaoigh Íosa in ard a chinn is a ghutha, “Éloí, Éloí lamá sabactání?” Is é sin, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?” 47Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh thart nuair a chuala siad sin, “Is ag glaoch ar Elía atá an fear seo.” 48Agus ar an toirt rith duine acu gur ghlac spúinse, agus líon le fínéagar é, agus chuir i mbarr giolcaí é, gur thug dó le n‑ól é. 49Ach is é a dúirt an chuid eile, “Fanaigí, feicimis an dtiocfaidh Elía lena tharrtháil.” 50Agus ghlaoigh Íosa arís i nglór ard, agus dʼfhág an anáil é.
51Agus bʼshiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha; 52osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh, 53agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad. 54I dtaca leis an gceantúir agus an dream a bhí ag faire ar Íosa, nuair a chonaic siad an crith talaimh agus an méid eile a tharla, bhí siad lán dʼómós, agus dúirt siad, “Gan amhras ba é sin Mac Dé!”
55Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air, 56orthusan bhí Muire Mhaghdalénach, agus Muire máthair Shéamais agus Iósaif, agus máthair chlann Shebidé.
57Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Arimatía a raibh Iósaf mar ainm air, a bhí ina dheisceabal ag Íosa. 58Chuaigh sé go Píoláid gur iarr corp Íosa. Dʼordaigh Píoláid ansin a thabhairt dó. 59Agus ghlac Iósaf an corp, agus dʼfhill i dtaiséadach de línéadach glan é, 60agus chuir sé ina thuama úrnua féin é, a bhí tochailte aige amach as an gcarraig; agus chas sé cloch mhór thart faoi bhéal an tuama, agus dʼimigh leis. 61Bhi Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile ansin ina suí os comhair an tuama.
62An lá ina dhiaidh sin, is é sin an lá a tháinig i ndiaidh lá an Ullmhaithe, chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh os comhair Phíoláid 63agus dúirt siad, “A dhuine uasail, is cuimhneach linn go ndúirt an mealltóir úd, agus é ina bheo go fóill, ‘I ndiaidh trí lá éireoidh mé arís.’ 64Ordaigh dá bhrí sin go ndruidfear an tuama go daingean go dtí an tríú lá, ar eagla go rachadh a dheisceabail á fhuadach ar shiúl, agus go n‑inseoidís do na daoine gur éirigh sé ó mhairbh, agus go mbeidh an mealladh deireanach níos measa arís na an chéad mhealladh.” 65Arsa Píoláid leo, “Tá garda saighdiúirí agaibhse; imígí agus daingnígí é mar is fearr a thagas libh.” 66Dʼimigh siad mar sin agus dhaingnigh siad an tuama ag cur séala ar an gcloch agus ag cur garda uirthi.
Právě zvoleno:
Matha 27: OC1970
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: