1
Lúcás 14:26
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó a bheith ina dheisceabal agam.
Sammenlign
Udforsk Lúcás 14:26
2
Lúcás 14:27
Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó a bheith ina dheisceabal agam.
Udforsk Lúcás 14:27
3
Lúcás 14:11
Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”
Udforsk Lúcás 14:11
4
Lúcás 14:33
A dhála sin díreach, gach duine agaibh-se nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó a bheith ina dheisceabal agam.
Udforsk Lúcás 14:33
5
Lúcás 14:28-30
Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú? Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi dá rá: ‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é a thabhairt chun críche!’
Udforsk Lúcás 14:28-30
6
Lúcás 14:13-14
Ach nuair a bhíonn fleá agat dá tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill; agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”
Udforsk Lúcás 14:13-14
7
Lúcás 14:34-35
Óir is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann féin leamh, cad a dhéanfaidh anlann dó? Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é a chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!”
Udforsk Lúcás 14:34-35
Hjem
Bibel
Læseplaner
Videoer