Matha 17

17
1Agus sé lá ’n‐a dhiaidh sin, thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a dhearbhráthair‐sean, agus do rug sé suas iad ar shléibh árd fá leith: agus do h‐athruigheadh a ghné os a gcómhair: 2agus do shoillsigh a ghnúis ar nós na gréine, agus d’éirigh a éadaighe chómh geal leis an solas. 3Agus féach, do taidhbhrigheadh dhóibh Maois agus Élias, agus iad ag cainnt leis. 4Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé le h‐Íosa, A Thighearna, is maith dhúinn bheith annso: má’s áil leat‐sa é, déanaimís annso trí botha, both dhuit‐se, both do Mhaois, agus both d’Élias. 5Le linn a chainnte, féach, do leath scamall lonnrach ortha: agus féach, an guth as lár an scamaill, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain, ’n‐a bhfuil mo mór‐aoibhneas; éistidh leis. 6Agus nuair do‐chuala na deisceabail é, do thuiteadar ar a n‐aghaidh, agus do bhí eagla mhór ortha. 7Agus tháinig Íosa, agus do chuir sé a lámh ortha, agus adubhairt sé, Éirighidh, agus ná bíodh eagla oraibh. 8Agus ag féachain suas dóibh, ní fhacadar aoinneach acht Íosa amháin.
9Agus ag teacht anuas ó’n sléibh dóibh, thug Íosa rabhadh dhóibh, g‐á rádh, Ná h‐innsighidh an radharc do dhuine ar bith, nó go n‐aiséirighidh Mac an Duine ó na marbhaibh. 10Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de, g‐á rádh, Cad chuige a n‐abrann na scríobhaidhthe go gcaithfidh Élias teacht ar dtús? 11Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Tiocfaidh Élias go fírinneach, agus athnuadhfaidh sé gach aon nidh: 12acht adeirimse libh go dtáinig Élias cheana, agus nior aithnigheadar é, acht d’imreadar a dtoil féin air. Is mas sin fhulaingeochas Mac an Duine uatha, leis. 13Annsin do thuig na deisceabail gur i dtaobh Eoin Bhaiste do bhí sé ag labhairt leo.
14Agus nuair thángadar go dtí an sluagh, tháinig chuige fear, ag sléachtadh ar a ghlúnaibh dhó, agus g‐á rádh, 15A Thighearna, déan trócaire ar mo mhach: óir atá an galar tuitimeach air, agus atá sé go h‐an‐dona: óir tuiteann sé isteach sa teinidh go minic, agus san uisce go minic. 16Agus thugas chum do dheisceabal é, agus níor fhéadadar a leigheas. 17Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, A shliocht dhíthchreidimh dho‐theagasctha, cá fhad bhéas mé eadraibh? cá fhad fhúlaingeochas mé sibh? tabhraidh chugam‐sa annso é. 18Agus do smachtuigh Íosa an deamhan; agus d’imthigh sé as: agus do bhí an buachaill slán ó’n uair sin amach. 19Annsin tháinig na deisceabail chum Íosa ar leithligh, agus adubhradar, Cad chuige nár fhéadamair‐ne a chaitheamh amach? 20Agus adubhairt seisean leo, Mar gheall ar bhúr n‐easbaidh creidimh: óir adeirim libh go fírinneach, Dá mbéadh oiread le gráinne síl mustáird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an sliabh so, Aistrigh as so annsúd anonn; agus aistreochaidh sé; agus ní bhéidh éinnidh ann nach mbéidh ar chumas daoibh a dhéanamh. 21Acht ní féidir deamhan de’n tsórt so do chaitheamh amach acht le h‐urnaighe agus le troscadh.
22Agus nuair do bhíodar ’n‐a gcómhnaidhe sa nGaililé, adubhairt Íosa leo, Do‐bhéarfar Mac an Duine i lámhaibh daoine; 23agus cuirfid chum báis é, agus éireochaidh sé an treas lá. Agus do bhí cumha an‐mhór ortha.
24Agus nuair thángadar go Cafarnaúm, tháinig lucht na cíos‐chánach do ghlacadh chum Peadair, agus adubhradar, Nach n‐íocann do mháighistir‐se an chíos‐cháin? 25Adubhairt seisean, Íocann. Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh do labhair Íosa leisean ar dtús, g‐á rádh, Cad é do bharamhail‐se dhe, a Shíomóin? righthe na talmhan, cé uatha an nglacann siad cíos nó cáin? ó n‐a gclainn féin, nó ó choimhightheachaibh? 26Agus adubhairt seisean, ó choimhightheachaibh. Adubhairt Íosa leis, D’á bhrigh sin, atá an chlann saor. 27Acht, an eagla go dtiubhraimís scannal dóibh, imthigh‐se chum na fairrge, agus caith dubhán, agus tóg an chéad iasc thiocfas aníos; agus nuair fhosclóchas tú a bhéal, do‐gheobhair píosa airgid ann: glac é sin, agus tabhair dhóibh‐sean é ar mo shon‐sa agus ar do shon féin.

Valgt i Øjeblikket:

Matha 17: ATN1951

Markering

Del

Kopiér

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind