Matha 22

22
1Agus d’fhreagair Íosa, agus do labhair sé aris i samhlaoidibh leo, 2g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe do‐rinne bainis d’á mhac, 3agus do chuir a shearbhóntaí uaidh amach ag glaodhach ortha‐san do fuair cuireadh chum na bainse: agus níorbh áil leo teacht. 4Arís do chuir sé uaidh searbhóntaí eile, g‐á rádh, Innisidh dhóibh‐sean a fuair cuireadh, Féach, atá m’fhéasta ullamh agam: atá mo mhairt agus m’ainmhidhthe biadhta marbhtha agam, agus atá gach aon nidh i gcóir: tigidh chum na bainse. 5Acht ní thugadar‐san aon áird air, agus d’imthigheadar, duine aca chum a fheirme féin, duine eile chum a cheannaidheachta: 6agus do rug an chuid eile aca ar a sheirbhíseachaibh, agus thugadar droch‐íde ortha, agus do mharbhadar iad. 7Acht tháinig fearg mhór ar an righ; agus do chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus do scrios sé na dúnmharbhthóirí sin, agus do loisc sé a gcathair. 8Annsin adubhairt sé le n‐a sheirbhíseachaibh, Atá an bhainis ullamh, acht na daoine a fuair cuireadh níorbh fiú iad é. 9Imthighidh‐se amach, d’á bhrigh sin, ar cheann na mbóthar, agus cibé daoine gheobhas sibh, glaodhaidh ortha chum na bainse. 10Agus do‐chuaidh na seirbhísigh sin amach ar na bóithribh, agus do bhailigheadar a bhfuaradar, idir olc agus maith: agus do líonadh árus na bainse de dhaoinibh ’n‐a suídhe chum bidh. 11Acht nuair tháinig an rí isteach leis an gcuideachta d’fheicsin, do chonnaic sé fear ann nach raibh culaith bainse air: 12agus adubhairt sé leis, A chara, cionnas tháinig tusa isteach annso gan culaith bainse ort? 13Acht níor fhan focal ’n‐a bhéal aige. Annsin adubhairt an rí leis an lucht freastail, Ceanglaidh a lámha agus a chosa, agus teilgidh amach é sa dorchacht amuigh; an áit ’n‐a mbéidh gol agus gíoscán fiacal. 14Óir atá glaoidhte ar mhórán, acht ní fhuil toghtha acht beagán.
15Annsin d’imthigh na Fairisínigh, agus do chuadar i gcómhairle g‐á mheabhrú cionnas do chuirfidís i dteannta é sa gcainnt. 16Agus do chuireadar chuige a ndeisceabail i n‐éinfheacht le muinntir Ioruaith, g‐á rádh, A mháigistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus go múineann tú slighe Dé i bhfírinne, agus nach bhfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine. 17Innis dúinn, mar sin, créad é do mheas? An dleaghthach cáin do thabhairt do Chéasar, nó gan a tabhairt? 18Acht d’aithin Íosa a mailís, agus adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm, a lucht an fhuar‐chrábhaidh? 19Taisbeán dom airgead na cánach. Agus thugadar pinginn dó. 20Agus adubhairt sé leo, Cia leis an íomháigh agus an scríbhinn seo? 21Adeirid‐sean leis, Le Céasar. Annsin adubhairt sé leo, D’á bhrigh sin, tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar; agus do Dhia na neithe is le Dia. 22Agus nuair do‐chualadar é, bhí iongnadh ortha, agus d’fhágadar é, agus d’imhthigheadar.
23An lá céadna sin tháinig chuige Saddúicínigh, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann: 24agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A mháighistir, adubhairt Maois, Dá bhfaghadh duine bás gan sliocht, go bpósfadh a dhearbhráthair a bhean, agus go dtógfadh sé clann d’á dhearbhráthair. 25Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ’n‐ár measc: agus do phós an chéad duine bean, agus fuair sé bás, agus ó’s amhlaidh nach raibh aon chlann aige, d’fhág sé a bhean ag a dhearbhráthair; 26mar sin do’n dara duine, agus do’n treas duine, go dtí an seachtmhadh duine. 27Agus ’n‐a ndiaidh‐sean uile fuair an bhean bás. 28D’á bhrigh sin, ins an aiséirghe, cia aca dhíobh gur leis an bhean? óir do bhí sí aca go léir. 29Acht d’fhreagair Iosa, agus adubhairt sé leo, Atá sibh amugha, de chionn nach bhfuil eolas agaibh ar na scrioptúiribh, ’ná ar chumhacht Dé. 30Óir san aiséirge ní póstar daoine, ná ní tugtar le pósadh iad, achth bíonn siad cosmhail le h‐ainglibh Dé ar neamh. 31Acht i dtaobh aiséirighthe na marbh, nár léigheabhar a ndubhairt Dia libh, 32mar adeir sé, Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib? Ní h‐é Dia na marbh é, acht Dia na mbeo. 33Agus nuair do‐chuala na sluaighte é, do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc.
34Acht na Fairisínigh, nuair do‐chualadar gur chuir sé na Saddúicínigh ’n‐a dtost, do chruinnigheadar i gceann a chéile. 35Agus do chuir duine aca, dlightheoir, ceist air, g‐á thriail. 36A mháighistir, créad í an phríomh‐aithne de’n dlighe? 37Agus adubhairt sé leis. Grádhóchaidh tú an Tighearna, do Dhia ód’ chroidhe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán, agus ód’ inntinn go h‐iomlán. 38Is í sin an aithne mhór agus an phríomh‐aithne. 39Agus atá an dara h‐aithne cosmhail léi, Grádhóchaidh tú do chómharsa mar thú féin. 40Ar an dá aithne sin is eadh sheasas an dlighe uile, agus na fáidhe.
41Agus nuair do bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, do chuir Íosa ceist ortha, g‐á rádh. 42Cad é bhúr dtuairim de’n Chríost? cia dar ab mac é? 43Adubhradar‐san leis, Mac Dháibhi. Adubhairt seisean leo, Má’s eadh, cionnas ghoireas Dáibhi, tríd an Spiorad, Tighearna dhe, mar a n‐abrann sé,
44Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa,
Suidh ar mo láimh dheis,
Go gcuiread do náimhde fá do chosaibh?
45Má ghoireann Dáibhi Tighearna dhe, cionnas atá sé ’n‐a mhac aige? 46Agus níorbh fhéidir le h‐aon duine oiread agus focal do rádh g‐á fhreagairt, ná níor lámh aon duine ó’n lá sin amach ceist do chur air.

Valgt i Øjeblikket:

Matha 22: ATN1951

Markering

Del

Kopiér

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind