3
Caibidil III.
Peacadh an dúine. 15 Agús géalladh chomhfúasgladh Dé thrid shíl na mná.
1Anois do bhí a nathair nimhe ní budh cealguidhe ná áoin bheitheach san mhachaire dá ndéarna an TIGHEARNA Día. Agus a dubhairt sí ris an mhnáoi, A neadh, a ndubhairt Día, Ní iostáoi dá gach áon chrann sa ngáirdín? 2Agus a dubhairt an bhean ris an athair nimhe, Féadmáoid ithche do thoradh chrann an gháirdín: 3Achd do thoradh an chroinn atá a lar an gháirdín, a dubhairt Día, Ní íosa sibh dhé súd, agus ní bheanfaidh ris, deagla go bhfuigheadh sibh bás. 4Agus a dubhairt a nathair nimhe ris an mnáoi, Ní bhfuighthí bás go deibhin. 5Oír atá a fhios ag Día ann sa ló a níostáoi dhe sin, go bhfoisceóltar bhur súile, agus go mbeithí mar Dhée, fios maitheasa agus uilc aguibh. 6Agus a nuáir do chonnairc an bhean go raibh an chroinn maith chum bídh, agus go raibh taitneamhach leis na súilibh, agus na chrann iondúileamhla chum áoin do dhéunamh eagnuidhe, do ghlac sí dhá thoradh, agus do ith sí, agus tug mar an ccéudna dá fear maille ría; agus do ith sé. 7Agus do hosgladh a súile aráon, agus do aithniodar go rabhadar lomnochd; agus do fhuáidheadar duilleadha fíge dhá chéile, agus do rinneadar aprúin dóibh féin. 8Agus do chúaladar guth an TIGHEARNA Dé ag spaisdeóireachd ann sa ngáirdín a bhfuardhachd an láoi: agus dfoluigh Adhamh agus a bhean íad féin ó fhiadhnuisi an TIGHEARNA Dé a measg chrann an gháirdín. 9Agus do ghoir an TIGHEARNA Día ar Adhamh, agus a dubhairt ris, Cáit a bhfuil tú? 10Agus a dubhairt seision, Do chúala mé do ghuth annsa ngáirdín, agus do bhí eagla orm, do chionn go raibh mé nochd uighe; agus do fholuigh mé mé féin, 11Agus do raidh seision, Cia dinnis duit go raibh tú nochduighe? Ar ith tú don chrann, do aithin misi dhiot nach íostá dhe? 12Agus a dubhairt an fear, An bhean tug tusa dhamh chum beith am fhochair, tug sí dhamh do an chroinn, agus dith mé. 13Agus a dubhairt an TIGHEARNA Día ris an mnáoi, Creud é so do rinne tú? agus a dubhairt an bhean, Do mheall a nathair nimhe mé, agus do ith mé. 14Agus a dubhairt an TIGHEARNA Día ris a nathair nimhe, Do bhrigh go ndéarna tú so, atá tú malluighe ós an uile áirneis, agus ós gach uile ainmhidhe an mhachaire: ar do bholg shiubhólus tú, agus luaithreadh íosas tú ar feadh uile laéthe do bheatha; 15Agus cuirfe misi námhadus eadrad agus an bhean, agus eidir do shíol agus a síolsa; brúighfidh sé do cheannsa, agus brúighfidh tusa a shálsan. 16A dubhairt sé ris an mnáoi, Méideócha mé go mór do dhoilghios agus do thoirrchiughadh; a ndoilgheas bheuras tú clann: agus dot fhior bhias thfonn, agus do dhéuna sé uachtarántachd ort. 17Agus a dubhairt sé ré Hadhamh, Do bhrigh go ttug tú éisdeachd do ghuth do mhná, agus gur ith tú don chrann, ar aithin misi dhíot, dá rádh, Ní íosa tú dhe; atá an talamh mallaighe ar do shon; a ndoilghios íosas tú dhe ar feadh uile laéthe do bheatha; 18Droighneach fós agus foghbhannáin do bhéura sé dhuit; agus íosa tú luibh na talmhan; 19A nallus haighthe íosas tú arán, no go bhfilligh tú chum na talmhan; óir is aisde do beanadh thú; óir as luaithreadh thú, agus chum luáithridh fhillfíos tú. 20Agus do ghoir Adhamh Eubha dhá mhnáoi; do bhrígh gurab í mathair an uile bhéo í. 21Do Adhamh mar an ccéudna agus do mhnáoi do rinne an TIGHEARNA Día cótuidhe croicinn, agus do éuduigh sé íad. 22Agus a dubhairt an TIGHEARNA Día, Féuch, atá an duine ar na dhéunamh mar áon aguinn féin, dfios maitheasa agus uilc: agus a nois, deagla go ccuirfeadh a lámh amach, agus go nglacfadh fós do chrann na beatha, agus go níosfadh, agus go mairfeadh go bráth: 23Ar a nadhbhur sin do chuir an TIGHEARNA Dia amach as gáirdín Eden é, do sháothrughadh an talaimh as ar tugadh é. 24Mar sin do thiomáin sé an duine amach, agus do chuir sé ag an ccuid shoir do ghairdin Eden Cherubínigh agus cloidheamh lasardha, noch do iompoigheadh ann gach uile táobh, do choimhéud slighe chroinn na beatha.