Agus ḃí sé i gceann de sna caṫraċaiḃ, agus féaċ, ṫáinig duine a ḃí lán de loḃra, agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar a ḃéal a’s ar a aġaiḋ, agus ġuiḋ sé é, agus duḃairt: A Ṫiġearna má’s toil leat é is féidir duit mé ġlanaḋ. Agus do ṡin sé a láṁ agus ċuir sé air í, agus duḃairt: Is toil; glantar ṫú. Agus d’imṫiġ an loḃra ḋe láiṫreaċ.