YouVersion Logo
Search Icon

Matha 20

20
1“Mar tá ríocht neimhe mar cheann tí a dʼimigh ar moch maidine ag fostú oibrithe le haghaidh a fhíonghoirt. 2Shocraigh sé leis na hoibrithe ar dhéanar an lá, agus chuir sé isteach ina fhíonghort iad. 3Dʼimigh sé i dtrátha an tríú huair agus chonaic sé tuilleadh ina seasamh i sráid an mhargaidh, agus iad díomhaoin; 4agus dúirt sé leosan, ‘Gabhaigí isteach san fhíonghort i gcuideachta na cuideachta, agus cibé is cóir tabharfaidh mé daoibh é.’ Dʼimigh siad leo mar sin. 5Chuaigh sé amach arís i dtrátha an séú agus an naoú huair, agus rinne sé mar an gcéanna. 6Agus i dtrátha an aonú huair déag chuaigh sé amach go bhfuair fir eile ina seasamh thart; gur fhiafraigh díobh, ‘Cad chuige daoibh seasamh thart díomhaoin i rith an lae?’ 7Dúirt siadsan leis, ‘As siocair nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo, ‘Gabhaigí sibhse isteach san fhíonghort freisin.’ 8Agus nuair a tháinig an tráthnóna, dúirt an fear ar leis an fíonghort lena mhaor, ‘Glaoigh ar na hoibrithe agus íoc a dtuarastal leo, ag tosú leis an dream deireanach, agus ag críochnú leis an dream a bhí ar dtús.’ 9Agus nuair a tháinig an dream a fostaíodh i dtrátha an aonú huair déag, fuair gach duine acu déanar. 10Anois nuair a tháinig an chéad dream, bhí siad ag meas go bhfaigheadh siad a thuilleadh; ach fuair gach duine acu déanar freisin. 11Agus nuair a bhí sé glactha acu chuaigh siad a chlamhsán in aghaidh cheann an tí, 12agus dúirt siad, ‘Níl ach obair na haon uaire déanta acu seo, agus chuir tú ar aon chéim linne iad, sinne a bhfuil tromualach agus teas an lae fulaingthe againn.’ 13Ach thug sé freagra ar dhuine acu, ‘A chara, níl mé ag déanamh aon éagóra ort; nár aontaigh tú liom ar dhéanar? 14Tóg a bhfuil ag teacht chugat agus siúil leat; thogair mé an méid céanna a bhronnadh ar an duine deiridh seo is a thug mé duitse. 15Nach bhfuil cead agam mo rogha rud a dhéanamh leis an ní is liom? Nó an mór leat an fhéile seo agam?’ 16Mar sin beidh tús ag an bhfear deireanach, agus beidh an té a bhí ar dtús ar deireadh.”
17Agus nuair a bhí Íosa ag dul suas go hlarúsailéim, thug sé an dáréag deisceabal i leataobh, agus dúirt leo ar an tslí, 18“Féachaigí, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air, 19agus tabharfaidh siad do na Gintlithe é le bheith ag magadh air agus á sciúrsáil agus á chéasadh, agus tógfar é an tríú lá.”
20Ba ansin a tháinig máthair chlann Shebidé chuige, í féin agus a dís mhac, agus chuaigh sí ar a glúine roimhe, agus dʼiarr ní air. 21Agus dúirt sé léi, “Cad é atá uait?” Agus dúirt sise leis, “Ordaigh go suífidh mo dhís mhac, duine acu ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé i do ríocht.” 22Ach dʼfhreagair Íosa, “Ní feasach daoibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libhse an cupán a ólfas mise a ól?” Ar siadsan, “Is féidir.” 23Dúirt sé leo, “Is sibh a ólfas as mo chupán, ach suí ar mo dheas agus ar mo chlé níl sé i mo chumas a thabhairt uaim, ó tá sin i ndán don dream ar ullmhaigh mʼAthair dóibh é”. 24Agus nuair a chuala an deichniúr é, bhí fearg orthu leis an dís deartháireacha. 25Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an tiarnas a bhíos ag a lucht ceannais os cionn na nGintlithe, agus an t‑údarás a bhíos á chleachtadh ag a maithe móra orthu. 26Ach ná bíodh amhlaidh agaibhse; ach an té atá le bheith maith agus mór caithfidh sé bheith ina sheirbhíseach agaibh, 27agus an té a shantaíos an phríomháit eadraibh caithfidh sé bheith mar dhaor agaibh; 28dála Mhac an duine nár tháinig le daoine a bheith ag freastal air ach le bheith ag freastal ar dhaoine, agus lena bheo a bhronnadh ina éiric le haghaidh mórán daoine.”
29Nuair a dʼimigh siad as Iericó, lean slua mór é. 30Agus bʼshiúd beirt dhall a bhí ina suí ar thaobh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul tharstu, a ghlaoigh amach in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!” 31Chuir an slua brothladh orthu, agus dúirt siad leo bheith ina dtost; ach ba mhóide a ghlaoigh siad os ard, “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!” 32Agus sheas Íosa agus ghlaoigh sé orthu, ag rá leo, “Cad é atá uaibh a dhéanfas mé daoibh?” 33Dúirt siad leis, “A Thiarna, osclaítear ár súilene.” 34Agus le trua a bhí air leag Íosa a mhéar ar a súile, agus ar an toirt fuair siad a n‑amharc agus lean siad é.

Currently Selected:

Matha 20: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in