Eoin 4

4
Taispeántar an Slánaitheoir
do na Samáraigh
1Nuair a dʼairigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal dá ndéanamh ag Íosa agus dá mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin– 2fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail– 3dʼfhág sé Iúdáia agus dʼimigh sé arís don Ghailíl. 4Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire.
5Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Siochar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. 6Ansiúd a bhí tobar Iacób. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair ab ea é. 7Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” 8Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. 9Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch orm-sa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh. 10Dʼfhreagair Íosa:
“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,
“agus cé hé a deir leat:
‘Tabhair dom deoch,’
is tusa a bheadh ag iarraidh air-sean,
agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
11“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo? 12An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”
13Dʼfhreagair Íosa:
“Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi,
“beidh tart arís air.
14Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó,
ní bheidh tart air go brách na breithe.
Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó,
déanfaidh tobar uisce de istigh ann,
ag brúchtaíl chun na beatha síoraí.”
15Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.” 16Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar dʼfhear agus fill anseo.” 17Dʼfhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’; 18óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé dʼfhear é. Dʼinis tú an fhírinne sa mhéid sin.” 19Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. 20Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibh-se gur in Iarúsailéim atá an áit inar cóir adhradh a dhéanamh.” 21Dúirt Íosa léi:
“Creid uaim-se é, a bhean
go bhfuil an uain ag teacht
nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim
a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
22Adhrann sibh-se an ní nach eol daoibh;
adhraimidne an ní is eol dúinn;
mar is ó na Giúdaigh an slánú.
23Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é,
ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha
an tAthair a adhradh sa Spiorad agus sa bhfírinne;
óir sin iad an sórt is mian leis an Athair dá adhradh.
24Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha
is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”
25Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht”–is é sin le rá an Críost–“agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” 26Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.” 27Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?” 28Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus dʼimigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: 29“Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a dʼinis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Críost é?” 30Ghluais daoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A Raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.” 32Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.” 33Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?” 34Dúirt Íosa leo:
“Is é is bia dom-sa
toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh
agus a chuid oibre a chur i gcríoch.
35Nach ndeir sibh-se ‘Ceithre mhí eile
agus beidh an fómhar ann’?
Seo mise dá rá libh:
Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;
tá siad geal chun an fhómhair.
36Tá a thuarastal dá fháil ag an mbuanaí cheana féin,
agus tá toradh dá bhailiú aige chun na beatha síoraí,
i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir
agus ar an mbuanaí in éineacht.
37Óir is fíor don sean-fhocal sa mhéid seo:
‘Cuireann duine, baineann duine eile.’
38Sheol mise sibh-se uaim
chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.
Shaothraigh daoine eile é,
agus chuaigh sibh-se isteach
ina saothar.”
39Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “Dʼinis sé dom gach ní dá ndearna mé.” 40Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus dʼfhan sé ansiúd dhá lá. 41Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair 42agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
Leigheas Mhac an Oifigigh Ríoga
43Tar éis an dá lá dʼfhág sé an áit sin agus dʼimigh don Ghailíl. 44Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin. 45Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.
46Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáúm. 47Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus dʼiarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis. 48Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.” 49Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.” 50Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus dʼimigh. 51Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus dʼinis siad dó go raibh a mhac beo. 52Dʼfhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné dʼfhág an fiabhras é.” 53Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad. 54Is í an mhíorúilt eile seo an dara ceann a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.

Tällä hetkellä valittuna:

Eoin 4: ABN2012

Korostus

Jaa

Kopioi

None

Haluatko, että korostuksesi tallennetaan kaikille laitteillesi? Rekisteröidy tai kirjaudu sisään