Logo YouVersion
Îcone de recherche

Na Sailm 5

5
Salm 5.
Verba mea auribus.
1Meáigh mo bhriathra, a Thiarna: tabhair aire do mo mhachnamh.
2Éisteadh mo Rí agus mo Dhia le fuaim mo scairte: óir is chugat a bhead ag guí.
3Beidh mo ghlór á chluinstin agat go luath, a Thiarna: ar moch maidine cuirfidh mé mʼurnaí chugat, ag amharc suas.
4Óir ní Dia tú a mbíonn dúil agat in urchóid: ní chónóidh aon olc i do theach.
5Ní sheasfaidh an drong amaideach os coinne do shúl: óir is fuath leat lucht cleachtaithe an díomhaointis.
6Scriosfaidh tú lucht labhartha na mbréag: beidh gráin ag an Tiarna ar an duine fuilteach agus ar an duine fealltach araon.
7Ach tiocfaidh mise isteach i do theach, ag dul i muinín méid do thrócaire: is faoi dʼeagla a bheidh mé ag adhradh i dtreo do theampaill naofa.
8Treoraigh mé, a Thiarna, id fhíréantacht, de bhrí mo naimhde: réitigh do bhealachsa romham.
9Óir níl a mbéal iontaofa: is í an éagóir féin a gcroí istigh.
10Is uaigh oscailte a gcraos siúd: bíonn a dteanga ag cur cluana.
11Tabhair breith orthu, a Thiarna; tugadh a mbearta féin a mbás: caith amach iad in ionad a gcoireanna; óir is ort a dʼéiríodar i dtréas.
12Agus bíodh lúcháir ar an dream uile a chuireas a muinín ionat: beidh siad ag tabhairt buíochais de shíor, de bhrí go mbíonn tú á gcosaint; beidh tú mar chúis áthais ag lucht gráite dʼAinm;
13Óir tabharfaidh tú, a Thiarna, do bheannacht don fhíréan: agus beidh do charthanacht chineálta mar sciath cosanta aige.

Sélection en cours:

Na Sailm 5: OC1965

Surbrillance

Partager

Copier

None

Tu souhaites voir tes moments forts enregistrés sur tous tes appareils? Inscris-toi ou connecte-toi